Na Romaigh – tá oscailt súl de dhíth orainn

Laistigh d’allagar réamhbhunaithe, a bhfuil athrá déanta air ó ghlúin go glúin, a phléitear an Lucht Siúil (is cuma an iad Lucht Siúil na hÉireann nó Lucht Siúil ó thír eile iad) nó na Giofóga/Romaigh atá faoi chaibidil.

Is amhlaidh atá le fada an lá. Sa lá atá inniu ann is trí phriosma na meán a theilgtear na híomhánna seo, idir scannáin agus nuachtáin.

Is é fírinne an scéil é ná go bhfaigheann formhór an phobail bhuanlonnaithe an chuid is mó dá gcuid eolais maidir le Giofóga agus an Lucht Siúil ó na meáin sa lá inniu seachas ón Lucht Siúil féin.

Dá dheasa sin, murab ionann agus go leor mionlaigh eile, níl de chumas ag na Giofóga na steiréitíopaí a fhógraítear ina leith – go háirithe trí mheán na teilifíse agus na meáin i gcoitinne – a bhréagnú.

READ MORE

Féach an tslí ar pléadh na scéalta faoi pháistí óga na gruaige finne acu sna meáin chumarsáide ar na mallaibh. Cé go bhfuil na céadta míle Romach in oirthear na hEorpa agus sna tíortha Lochlannacha a bhfuil gruaig fhionn orthu, glacadh leis go raibh sé aisteach go mbeadh a leithéid de pháistí ag tuismitheoirí a mba Romaigh iad. (Tá, ar a laghad, 12 milliún Romach scaipthe fud fad na cruinne.)

Tá na Romaigh, agus an t-uafás grúpaí eile a raibh an fhánaíocht mar bhuntréith acu, carntha le chéile sa réimse stairiúil in aon scata amháin de ghrúpaí a raibh amhras fúthu agus raidhse steiréitíopaí diúltacha (a bhformhór bréagach) curtha ina leith leis na céadta bliain anuas.

Ní hamháin gur bréagach cuid mhaith de na steiréitíopaí céanna ach b’áiféiseach agus thar a bheith tromchúiseach cuid mhaith díobh freisin.

Is íomhánna iad sin a samhlaíodh leis na boicht leis na céadta bliain agus iad siúd go mba ghrúpa “eile” iad, na Giúdaigh ina measc, agus atá coitianta i gcónaí i réimsí áirithe de na meáin (ba sna leabhair agus sna scannáin a fuair an bhunaíocht na híomhánna sin tráth den saol), íomhánna a léiríonn go bhfuil an dioscúrsa sin a shamhlaíonn seadánacht agus coiriúlacht leis na “classes dangereuses” fós beo beathach.

Ar an drochuair, ba iad na steiréitíopaí ceannann céanna sin a chothaigh na teoiricí ciníocha aisteacha sin a leag eolaithe Naitsithe dála Robert Ritter síos chun na Giofóga agus grúpaí imeallacha eile, a áiríodh mar dhreamanna frithshóisialta, a dhíothú san Uileloscadh.

Ar na steiréitíopaí is seanda a áirítear leis na Romaigh agus grúpaí mar iad ná iad a bheith tugtha don ghadaíocht, fuadach leanaí san áireamh. Go deimhin b’íomhá í sin a cothaíodh i measc páistí ón bpobal buanlonnaithe le fada an lá.

Athmhúsclaíodh an íomhá sin den Ghiofóg mar fhuadaitheoir páistí nuair a thángthas ar an gcailín beag fionn sa champa Romach sin sa Ghréig.

An ní is íoróiní faoin gconspóid is déanaí agus tá sé seo soiléir má dhéantar scagadh ar dhírbheathaisnéisí seanóirí ón dá ghrúpa – na Romaigh agus Lucht Siúil na hÉireann – go mba nós coitianta ag an dá ghrúpa, páistí a uchtú go dtí le fíordhéanaí ina bpobal féin – páistí a bhain lena bpobal féin agus (níos minice arís) leis an bpobal buanlonnaithe agus gur traidisiún é sin atá fós beo i measc Romaigh an Oirthir ach go háirithe.

Ní hamháin gur baineadh feidhm as traidisiún an uchtaithe ina measc chun a gcuid bpobal féin a mhéadú agus a láidriú (caithfear cuimhneamh ar na rátaí arda báis de dheasca drochshláinte a bhí ag páistí sa dá ghrúpa agus an slad a rinneadh ar na pobail Romacha san Uileloscadh.)

Anuas air sin, ba mhinic a bhí an Lucht Siúil sásta aire a thabhairt do pháistí nach raibh daoine ón bpobal buanlonnaithe in inmhe aire a thabhairt dóibh nó a raibh fonn orthu iad a cheilt toisc náire ar dhaoine faoi chúinsí a mbreithe.

Lena chois sin, bhí drogall ar lucht tuaithe na páistí sin a rugadh lasmuigh den phósadh a bpáistí a chur isteach sna dílleachtlanna agus na tithe ceartúcháin.

Seo mar a mhínigh bean de Lucht Siúil na hAlban darbh ainm Essie Stewart traidisiún an uchtaithe i measc a muintire sa leabhar The Summer Walkers (1996):

“At that time I didn’t know about my own adoption – but looking back – giving children away must have been common in the Highlands, right up until the 1950s. I know myself, five people, alive today, who were given away as children to the Travellers…We gave lives and homes to many an unwanted child who might have died, been killed, put into institutions – or today, of course, not seen the light of day.”