Ó Leidhin ceaptha ina Eagraí Polaitíochta ag RTÉ RnaG

Le dul i mbun oibre i Meán Fómhair

Mícheál Ó Leidhin atá ceaptha ina Eagraí Polaitíochta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is as Baile an Sceilg i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh i gCo. Chiarraí dó. Tá sé ag obair mar Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta le bliain anuas, ag obair ar chláracha nuachta na seirbhíse go príomha, ina measc Adhmhaidin, Nuacht a hAon agus Cormac ag a Cúig.

Chaith sé trí bliana ag obair mar iriseoir le Nuacht TG4/RTÉ i mBaile na hAbhann agus i mBaile Átha Cliath. Dúirt sé gur "pribhléid" a bhí sa cheapachán agus go raibh sé ag súil leis an dúshlán a bhí roimhe. Mhol ceannasaí RnaG, Edel Ní Chuirreáin, é as a bheith ina "iriseoir den scoth agus cuirfidh a chuid oibre sa Dáil go mór le soláthar nuachta na seirbhíse".

Rachaidh sé i mbun oibre mar Eagraí Polaitíocha na seirbhíse i mí Mheán Fómhair agus beidh sé lonnaithe sa Dáil.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times