Óglaigh na hÉireann ag ullmhú don tSiria

46ú Grúpa Coisithe le dul thar sáile

Tá 130 trúpa de chuid Óglaigh na hÉireann ón 46ú Grúpa Coisithe i mbun diantraenála faoi láthair mar ullmhúchán don imscaradh go Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) atá lonnaithe i réigiún Arda Golan sa tSiria. Tá an traenáil seo ar bun i nGleann Ó Máil, Co. Chill Mhantáin. Cuirfear an 46ú Grúpa Coisithe chun na Siria i mí Mheán Fómhair agus glacfaidh orthu féin dualgais an 44ú Grúpa Coisithe atá ar fónamh le UNDOF ó mhí an Mhárta 2014.

Tugann ceannasaithe agus saighdiúirí faoi imeachtaí bunaithe ar chúrsaí sa tSiria agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh titim le linn a dtréimhse sa tír sa chleachtadh misin seo. Tá na trúpaí ag tabhairt faoi shraith imeachtaí a bhaineann le hionsaithe pléascacha ionsamhlaithe, druileanna héileacaptair, taicticí frithluíocháin agus cleachtaí éalaithe leighis.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times