Ón bportach go hAscot Ríoga

Nuair a tháinig an cuireadh bhí an mhóin sábháilte agus cead agam glacadh leis. Tháinig na rialacha faoin bhfeisteas ansin. I gcás na mban “Caithfear hata, fáiscín nó cuircín a chaitheamh i gcónaí”. Maidir le gúnaí deir na rialacha “gúnaí lae foirmiúla, le strapaí de os cionn aon orlach. Ní cheadaítear gúnaí trédhearcacha a fhágfaidh bean barrnocht. Ceadaítear bríste ach caithfidh sé a bheith fada agus pé rud a chaitear os a chionn caithfidh sé teacht leis na rialacha faoi ghúnaí, is é sin, ní féidir leis a bheith trédhearcach, lom. Má chaitear casóg nó seál caithfidh an ball éadaigh a chaitear faoi theacht leis na rialacha thuasluaite”.

Ní cheadaítear bolg nocht nó brístí gearra – cosúil le Cnoc Mhuire. Ó, nach mór idir an portach i Rinn Annaigh agus na rásaí ríoga in Ascot?

Bhí an chuid is fearr de ag na fir,
dhéanfadh culaith, léine agus carabhat dóibhsean muna mbeidís ag dul sa chlós ríoga, áit a bhfuil na rialacha níos déine – culaith maidine, le bástcóta, carabhat ard agus bróga dubha.

Éinne a bhfuil suim acu i bhfaisean bhainfidís sult as an fhéile seo. Bhí cuid den fheisteas, go háirithe na hataí, a chuaigh thar fóir. D’aon ghnó le haird tharraingt a roghnaíodh a lán acu agus d’éirigh leo sin a dhéanamh.

READ MORE

Bhí togha gach dí agus rogha gach bia ar fail sna scórtha bialann agus beár san áit. Bhí an tseirbhís ar dóigh ar fad sna boscaí corporáideacha. Aon rud a shantaigh tú ní raibh le déanamh ach é a iarraidh. Bhí spochadh faoin chapall a bheadh againn ach cé go raibh rogha mhór ann, ní raibh aon tásc ar an gcapall ar an mbord s’againne.

Is féile ar leith í an Ré Rás Ríoga. Tosaíonn daoine ag déanamh ar an ráschúrsa ó mhochmhaidin cé nach dtosaíonn na rásaí go dtí 2.30p.m. Bíonn ceol sa bhfáinne paráide ach ní fheicfidh tú aon chleasaí trí chárta thart ansin. Tá na himeachtaí uilig an-sibhialta.

Tarlaíonn an mórshiúl ríoga ag a dó a chlog. Tagann banríon Shasana agus a comhluadar ríoga, iad suite i gcaráistí capalltharraingte trí gheataí
príobháideacha ó Eastát Windsor, síos fad an ráschúrsa agus isteach faoi na seastáin go dtí an fáinne paráide roimh dhul isteach sa bhosca ríoga.

Is aoibhinn leis an slua an searmanas agus an phoimp a bhaineann leis an ócáid. Ní call dom a rá nach ionann an ráschúrsa seo agus aon cheann eile sa Bhreatain nó in Éirinn. Breathnaítear ar an rásaíocht capall mar spórt don ghnáthdhuine in Éirinn ach tugtar Spórt na Ríthe air sa Bhreatain. Mar sin féin, níl aon ráschúrsa eile sa Bhreatain cosúil le Ascot, níl an t-éirí in airde céanna ag dul leo.

Ní faoi phéacacht agus seaimpéin amháin an ócáid cúig lá seo, is ócáid mhór gnó í freisin. Bíonn an líonrú caidrimh phoiblí ar siúl go seasta sna boscaí
corporáideacha. Tugann sé deis do chomhlachtaí buíochas a ghabháil le cliaint agus tuilleadh gnó a chinntiú ar bhealach deas séimh sibhialta. Go
príomha, is faoi thionscal na gcapall í, is áis taispeantáis í do lucht folaíochta,
traenálaithe, d'úinéirí agus marcaigh.

Is ceannairí domhanda iad na
hÉireannaigh i ngnó na rásaíochta agus folaíochta, fiú agus an tionscal faoi bhrú leis an gcúlú eacnamaíoch. Tá na mílte fostaithe sa ghnó, go lánaimseartha sa rásaíocht nó sa tseóleimneoireacht agus cuid eile ar bhonn páirtaimseartha ag dul don chaitheamh aimsire nó don tógáil capall.

Bhí na stáblaí Éireannacha go mór chun tosaigh agus bhaineas an-sult as Aidan O’Brien agus a mhac Joe a fheiceáil ar an seastán bronnta.

Tugann leithéidí O’Brien ag Coolmore, Dermot Weld agus Willie Mullins ardú meanmam dúinn díreach mar a dhéanann foirne peile nó laochra ar nós Katie Taylor nuair a bhuann siad.

Cuid eile den ghnó a bhfuil comhlachtaí Éireannacha chun tosaigh ann ná an gheallghlacadóireacht. Tá Paddy Power ag Uimhir 10 den liosta 1,000 comhlacht is rathúla dar leis an Irish Times.

Gan amhras is mórchuid dá ngnó féilte móra ar nós Ascot ach is ar idirlíon is mó a dhéanann siad a mbrabach.

Ní dhéanfadh sé cúis dá mbeidís ag brath ar an gcúpla euro a chaith mise ar an tote ach chuir an geall beag le spleodar agus spraoi an lae.

Bhí sé go hálainn ach caithfidh mé déanamh le rásaí Dhumha Locha ar an dtrá as seo amach, gan cuircín nó hata.