Parlaimint na hEorpa cáinte as ‘drochriarachán’

"Drochriarachán" atá i gceist le teip Pharlaimint na hEorpa a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge, dar leis an Ombudsman Eorpach, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Tá cinneadh déanta ag an Ombudsman gur chuir an pharlaimint "teorainn
dhochosanta agus dhíréireach le húsáid na Gaeilge" ar a suíomh
www.europarl.europa.eu.

Tá an cinneadh seo ar fáil i gcáipéis neamhfhoilsithe atá seolta ag an Ombudsman, P. Nikiforos Diamandouros, go Parlaimint na hEorpa.

Seoladh cóip den chinneadh chomh maith chuig an Dr Pádraig Ó Laighin, an
socheolaí a spreag fiosrúchán an Ombudsman maidir leis an easpa Ghaeilge ar shuíomh na parlaiminte.

READ MORE

Rinne Ó Laighin gearán faoi fhaillí na parlaiminte sa Ghaeilge in Aibreán 2012 agus mhair an fiosrúchán breis is bliain. Tá go dtí 31ú Deireadh Fómhair ag Parlaimint na hEorpa chun a tuairim a nochtadh faoi mholadh an Ombudsman gur cheart "úsáid leordhóthanach agus chomhréireach na Gaeilge ar a láithreán gréasáin a
áirithiú".

"Cás de dhrochriarachán," a bhí ann a dúirt an
tOmbudsman agus níor ghlac sé le míniú na parlaiminte gur easpa foirne ba chúis leis an dteip a seirbhísí ar líne a chur ar fáil i nGaeilge.

Ina áit sin, thacaigh an tOmbudsman le léamh Uí Laighin ar an scéal: “Mar a d’áitigh an gearánach, níor cheart na hacmhainní uile atá ar fáil a chaitheamh chun 22 teanga oifigiúil a chur ar fáil ina n-iomláine agus faillí iomlán a dhéanamh in aon teanga oifigiúil amháin.

"Mura bhfuil na
hacmhainní daonna atá ar fáil go hinmheánach dóthanach, d'fhéadfadh an pharlaimint breithniú a dhéanamh cuid den obair a ligean amach ar chonradh, mar a mhol an gearánach."

Tá trí mhí ag an bparlaimint "tuairim mhionsonraithe" a thabhairt faoin
dréachtmholadh, ach tá ráite go soiléir ag an Ombudsman go mbeidh ar an bparlaimint glacadh lena a bhfuil éilithe aige.

"Is éard a bheadh i gceist leis an tuairim
mhionsonraithe glacadh leis an dréachtmholadh agus cur síos maidir le conas a cuireadh chun feidhme é," a deir an tOmbudsman.

Tá fáilte curtha ag Pádraig Ó Laighin roimh an
chinneadh. "Is dul chun cinn suntasach é dréachtmholadh an Ombudsman Eorpaigh maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach," a dúirt Ó Laighin a bhí lárnach san fheachtas ar éirigh leis i 2005 stádas mar theanga oifigiúil agus oibre a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Cúis dhóchais don saoránach Eorpach a bhí sa chás, a dúirt sé: “Léiríonn an cás seo gur féidir le saoránach dul i ngleic trí phróiseas daonlathach le hinstitiúid Eorpach atá ag feidhmiú go leatromach, agus bua a bhreith uirthi.”

Le linn an fhiosrúcháin, dúirt an pharlaimint go raibh iarracht déanta acu
aistritheoirí le Gaeilge a earcú. Thug Ó Laighin le fios don Ombudsman nár ritheadh aon chomórtas oscailte
d'aistritheoirí Gaeilge idir 2006 agus 2012.

Sa cháipéis a chuir Ó Laighin ar fáil don
Ombudsman mar chuid den fhiosrúchán, dúirt sé go raibh sé féin mar shaoránach, pobal na Gaeilge i gcoitinne agus muintir na hÉireann "faoi mhíbhuntáiste" de dheasca theip na parlaiminte leagan Gaeilge dá suíomh a
sholáthar.Tá suíomh idirlín na parlaiminte ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla agus oibre an Aontais
Eorpaigh seachas an Ghaeilge.

“Is cóir do Pharlaimint na hEorpa na prionsabail agus na dlíthe dá bhfuil sí tiomanta a chur i bhfeidhm láithreach agus gan a thuilleadh moille trína suíomh gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge,” a dúirt Ó Laighin.

Scríobh an tOmbudsman: "Ba cheart don pharlaimint, de réir a chéile agus de réir amchláir atá ar fáil go poiblí, úsáid leordhóthanach agus chomhréireach na Gaeilge ar a láithreán gréasáin a
áirithiú."