Péarla luachmhar filíochta i dtaisce leis na céadta bliain

Dán ar fáil do ghlúin nua


In amanna, caithfidh tú dul siar le dul chun tosaigh a dhéanamh; ní thuigeann tú saibhreas an chultúir atá agat go dtí go dtuigeann tú an saibhreas a bhí ann. Sampla maith de sin atá le fáil i leabhrán nua Béarla leis an Ollamh Ailbhe Ó Corráin – The Pearl of the Kingdom: a study of A fhir léghtha an leabhráin bhig by Giolla Brighde Ó hEódhasa (Novus Press).

Bunaithe ar léacht cháiliúil Marstrander, a bhí le tabhairt sa bhliain 2011, atá an t-alt, tráth a raibh “cuid mhór sna meáin faoin King James Bible a foilsíodh 400 bliain aroimhe sin sa bhliain 1611.

"Ar ndóigh ní raibh iomrá ar an chéad leabhar Gaeilge den Fhrith-Reifirméisean a foilsíodh an bhliain chéanna sin, An Teagasc Críosdaidhe le Giolla Brighde Ó hEódhasa. Ba trua liom sin," a deir Ó Corráin, fear atá ina léachtóir ar Ollscoil Uladh i nDoire.

Fear mór léinn a bhí in Ó hEódhasa agus bhí an dán mar bhrollach leis an leabhar tábhachtach seo. Rinne Ó Corráin scrúdú ar an dán, dán nach bhfuil ach ocht véarsa ann, agus thuig sé go raibh an saothar “as cuimse saibhir mar phíosa litríochta ach ar chúis éigin nár thug duine ar bith sin faoi deara. Tuigeadh domh mar sin gur faill a bhí ann, ar ardán idirnáisiúnta, aird a tharraingt ar an dán, ar an fhile áirithe seo, ar an éifeacht intleachta a bhí ann agus ar éifeacht na filíochta clasaicí i gcoitinne. Féadaim a rá nach ndearnadh mionanailís litríochta ar dhán ar bith agus go raibh an dán seo ina léiriú mhaith ar mheon na nGael sa tréimhse sin”.

READ MORE

An bhfuil an pobal aineolach ar an réimse seo agus an boichte an tuigse atá acu ar an chultúr Gaelach dá bharr sin?

“Ní hé amháin pobal na Gaeilge ach scoláirí na Gaeilge féin atá dall ar an ábhar seo,” a deir Ó Corráin. “Ní thuigtear an méid atá i gcuid de na dántaí seo ó thaobh na litríochta de agus sa chás seo ó thaobh na diagachta agus na fealsúnachta de. Síltear nach bhfuil i litríocht na tréimhse sin ach scáile an mheánaoiseachais ach is toradh é an dán seo den Humanismus Eorpach agus den Fhrith-Reifirméisean.

“Agus ní taise do lucht na staire é: ní fhacthas do lucht a scríofa gur i mbéal an bháis a bhí an Ghaeilge ach a mhalairt ar fad – is léir óna gcuid oibre gur náisiún comhaontaithe nua a bhí beartaithe, idir Gaeil agus Sean-Ghaill, agus gurbh í an Ghaeilge an teanga nádúrtha a bheadh ag an náisiún nua.”

An bhfuil gá le níos mó ábhair faoi seo le daoine a chur ar an eolas faoina gcultúr? “Tá gá mór ann le hanailís dhomhain ar chuid de na dánta seo, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge, le go dtuigfeadh muintir na hÉireann nach ar chúl éaga ar fad a bhí an tír seo agus go raibh dlúthbhaint ag na Gaeil leis na gluaiseachtaí móra intleachtúla a chuaigh i bhfeidhm ar an Eoraip i gcoitinne – Athbheochan an Léinn agus Leasú an Chreidimh. Ní dócha go bhfuil an oiread sin eolais ar an ábhar taobh amuigh d’Éirinn ach ar a laghad níl an doicheall céanna ansin.”

Tá sé ag obair ar dhán eile ach, idir an dá linn, gheobhaidh mórán léitheoirí lón machnaimh i bpéarla Uí Eódhasa.

PÓL Ó MUIRÍ