Saol agus spórt

Cá raibh tú i 1990 nuair a chuir Packie Bonner stop le cic éirice na Rómáine?


“Níl aon phointe leis.” Sin a deir fear amháin liom agus ní i bhfad ó shin é.

Ag caint ar chúrsaí spóirt a bhí sé, ag gearán go raibh i bhfad an iomarca ama á bhronnadh ag cláir nuachta agus cúrsaí reatha ar liathróidí, lúthchleasaithe agus capaill.

“Níl aon tionchar mór aige ar ár saol,” a dúirt sé, “mar atá ag ábhair cosúil le polaitíocht.”

Agus b’fhéidir go bhfuil beagán den cheart aige.

READ MORE

Sin go dtí go ndéantar beagán machnaimh.

Cá raibh tú i 1990 nuair a chuir Packie Bonner stop le cic éirice na Rómáine?

An raibh tú ar an saol fiú?

Má bhí, táim cinnte go bhfuil cuimhne ag cách, a chuireann anró orthu féin an colún seo a léamh, cá raibh siad, céard a bhí á dhéanamh acu.

Sin é an chéad chuimhne teilifíse atá agamsa.

Ní raibh mé ach i mo rud beag ag an am, ach is cuimhin liom an gliondar. Níor thuig mé é, ach d’fhan sé liom.

Nó i 1994, nuair a d’aimsigh Alan McLoughlin an eangach, rud a cheannaigh ticéad go Meiriceá don tír ar fad.

Ní mórán a fuair an deis dul go Yankee Stadium, ach roinn gach uile dhuine cúl Ray Houghton.

Faraor, b’fhéidir gur de bharr gur tír bheag muid, ní minic a bhíonn na hócáidí iontacha seo le ceiliúradh againn.

Déardaoin seo caite, fuair mé mo scéilín féin le hinsint go deo na ndeor.

Bhí drochshlaghdán orm ach táirgíodh ticéad dom don chluiche in aghaidh na Gearmáine.

Ghlac mé leis an ticéad, cé go raibh guth i mo cheann ag rá liom ciall a bheith agam agus dul abhaile ag an teas agus ag an Lemsip.

Shiúil mé ón obair síos go dtí an Aviva, ag sciolladh ar an bhfoireann a bhí do mo choinneáil amuigh sa bhfuacht. Tírghrá a choinnigh ag saighdiúireacht mé.

Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách air.

Agus Shane Long ag déanamh ar chúl na Gearmáine, sheas gach uile dhuine, á ghríosú. Bhí sí ann!

Ciúnas ar feadh oiread na fríde de shoicind.

Ansin reabadh. Bhéic muid, léim muid, chaoin cuid againn. Bhí fear a bhí tagtha ag an gcluiche ina aonar suite ar mo chlé.

Rinne sé iarracht a chuid a chuir uaidh ach fós bhí an iomarca fágtha taobh istigh dá chroí, agus rug sé greim orm, phóg sé ar bharr mo chinn mé, agus thosaigh muid ag damhsa.

Ní raibh tada le déanamh ansin, ach guaim a choinneáil orainn féin agus an 20 nóiméad a bhí fágtha a fhulaingt. Na seaimpíní buailte. An t-ardú croí agus meanman a thug sé sin don tír.

Ní féidir luach a chuir air agus ní bhíonn ann riamh ach seal.

An seanscéal céanna arís in aghaidh na Polainne, faraor. Muid ag an bpaidir dheireanach den phaidrín anois, féachaint an scaoilfear chun na Fraince muid.

Ar ábhair eile, táimid ag breathnú ar ré órga rugbaí na hÉireann faoi láthair.

Bua iontach in aghaidh na Fraince, bua a leag fathaigh cosúil le Paul O’Connell, Johnny Sexton agus Peter O’Mahony.

Ní hamháin gur fhág an cluiche sin a lorg ar na daoine a bhí i gCaerdydd, agus orainn a bhí ag féachaint air sa bhaile, ach leag sé Ian Madigan chomh maith.

Shil sé deora.

Ar lá mar é, ní féidir tada a dhéanamh ach a bheith beagán buíoch go bhfuil muid beo chun a leithéid a fheiceáil, agus sách folláin gur féidir linn gach cuid den mhaitheas a shú isteach.

Agus an méid sin gortaithe, agus na cluichí ag éirí níos déine, tá seans ann nach n-éireoidh leo dul go barr an tsléibhe, ach nach iontach an turas é dúinn atá ag máirseáil sa chomhluadar?

Ar an deireadh seachtaine seo caite, chonaic muid cuisle na hÉireann, í ag sruthlú go bródúil arís, tar éis beagnach deich mbliana de dhaoine bheith ag mothú faoi chois ag an eacnamaíocht agus gach a bhaineann le lag trá.

Is cuma cé chomh mór agus atá an tuille. Filleann an taoille.

Ach ní choinníonn an taoille na drochrudaí, na drochdhaoine, na tubaistí ná an t-olc uainn.

Ní féidir labhairt ar na buaicphointí, gan tagairt a dhéanamh do na tragóidí uafásacha a tharla ar an deireadh seachtaine céanna.

Deichniúr maraithe i dtine i mBaile Átha Cliath, garda óg dúnmharaithe agus é ag obair i gContae Lú.

B’fhéidir gurbh é sin a bhí i gceist ag mo chara.

Sin é an saol, sin iad na rudaí a chuireann athrú ó bhonn go barr ar dhaoine.

I gcomparáid leis an mbriseadh croí agus an brón atá agus a bheidh á mhothú ag na daoine atá fágtha i ndiaidh na marbh, diabhal mórán sóláis a thabharfaidh cúl Shane Long nó úd Conor Murray dóibh.

Tá an spórt tábhabhtach.

Ach caithfidh muid a bheith inár mbeatha, agus sábháilte, chun an saibhreas a bhaint as. Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh