Saoránacht go saoráideach

Ceisteanna ar theifigh nach féidir leo a fhreagairt


Toisc a oiread san daoine a bheith ag iarraidh teacht isteach chun tearmainn na hEorpa le tamall, tá ciútaí agus clis curtha ar bun ag rialtais éagsúla chun nach mbeadh gabháil ag na daoine dorcha sin lasmuigh dínn chugainn.

An chosaint is fearr, gan amhras, sreang dheilgneach ar thrá agus gunnaí móra ar an laftán os cionn na farraige; ach sa chás is go dteipfeadh orthu sin, is féidir go gcuirfí triail saoránachta orthu.

Tá slí bhreá shleamhain ceapaithe ag an Spáinn le deimhin a dhéanamh de nach go furasta a éalófar isteach. Cuirtear ceisteanna orthu.

“Cé a bhuaigh an cogadh cathardha?” mar shampla amháin. Franco agus an Falange an freagra ba shimplí ba dhóigh leat; ach féach, ar éigean go bhfuil iarsma ar bith den bhua sin Faisisteach le feiscint i Ríocht na Spáinne inniu. Bhain an bicíní nua-aimseartha an bríste den treabhsar traidisiúnta fadó riamh.

READ MORE

“Cén abhainn a cheanglaíonn Maidrid agus Barcelona?” Bheadh chomh maith agat a fhiafraí cén abhainn a ghabhann idir Gaillimh agus Béal Feirste. Tuigim go bhfuil mórán daltaí scoile a tharraingíonn línte eatarthu, ach fós féin níl gátar léarscáile ann feasta toisc satnaiv a bheith coitianta go maith anois.

Is é an samhlú a ritheann liom féin ná cad iad na ceisteanna a raidfí leis na daoine dorcha cosfhliucha ón mbád a mbeifeá ag iarraidh iad a choimeád amach ó chalaidh is ó chuanta na tíre seo.

Mar shampla: “De réir nós na hÉireann, cé mhéid uaireanta is ceart cupán tae a thairiscint do dhuine sula n-éireofá as? – (a) uair amháin, (b) seacht n-uaire seachtód, (c) go deo na ndeor go ngéilltear.”

Dá gcuirfeadh sin fiarlóid intinne ar dhuine, tá seans ann gur túisce an cleachtadh a bheadh aige ag freagairt: “Dá bhfaighfeá cuireadh chun casadh le duine áirithe sa teach tábhairne ar a 8 a chlog istoíche, an rachfá ann ar (a) 7.55, (b) 10.00, (c) uair ar bith a d’oirfeadh duit féin?”

Bheifeá ag coinne faoin am go mbeadh cúpla bliain caite acu in Mosnia go bhféadfaí teacht go furasta ar fhreagra ar cheist ar nós: “An mó cluiche ceannais peile atá caillte ag Maigh Eo le trí scór bliain anuas? (a) 7 gcinn, (b) gach ceann, (c) nach cuma!”

Ba bheag ina theannta ag daoine a mbeadh taisteal éigin déanta ar fud na tíre ag iarraidh airgid a sciobadh ón gcóras leasa sóisialaigh tabhairt faoi: “Cad í an chathair is mó a bhfuil baol ann go sáfar scian i gcúl do dhroma inti i lár an lae, nó i lár na hoíche? – (a) Luimneach, (b) Lomnocht, (c) Limmerick.”

Bheadh éagórach an iomad ceisteanna a chur faoi chúrsaí polaitíochta, óir ní thuigeann duine ar bith cad tá ar siúl, go háirithe na tráchtairí fáidhiúla polaitíochta, ach mar sin féin:

“Cé mhéid páirtithe polaitíochta atá i nDáil Éireann anois, agus an mó ceann a bheidh ann an mhí seo chugainn? – (a) Ní bheadh sé ceart rogha a thabhairt leis an bhfreagra air, óir tá ganntanas páipéir sa tír agus coillte á leagadh.”

Ar a mhalairt de shlí timpeall níl ach freagra diúltach nó dearfach le fáil ar “An dtuigeann tú cad tá á rá ag Mattie McGrath?”

Tá marcanna sa bhreis le fáil má thuigeann, agus gheobhaidh tú saoránacht láithreach ar thob na boise má deir tú cad is brí leis.

Is dócha go gcaithfeá a bheith ábhairín glic le: “Má tá Cúil Aodha cool, conas mar atá (a) Garbh Achaidh, (b) Tóin an Bhaile, (c) Broim Conrach?” a fhreagairt.

Is fíor go bhféadfaí ceisteanna a chur nach mbeadh iomlán cothrom, agus sa pháipéar samplach a bhfuaireas spleáchadh air go heisiach i gcúinne chlós páirceála gluaisteán le héirí na gealaí, thugas faoi ndeara go raibh an cheist ghránna: “An mó oileán atá in Oileán na hÉireann?”

Bhí an rogha a tugadh beagán aisteach, mar ní cheapaim go raibh lán an chirt ag aon cheann díobh: (a) ceann amháin, (b) dhá cheann sna hoileáin seo, (c) 365 agus Cuan Modh san áireamh.

Tá’s ag amadán ar bith gur 12,337 an freagra ceart má chuireann tú fódanna agus sceiríocha beaga na lochanna agus na lochán san áireamh, agus ní thabharfainn tráithnín ar a sheans saoránachta don duine nach mbeadh an t-eolas luachmhar sin aige.

Má bhí ceisteanna ag na Spáinnigh timpeall ar litríocht a críche sa 17ú haois, ní fheicim cúis ar bith nach bhfiosrófaí eolas um An Dubhaltach Mac Fhirbhisigh nó Giolla Brighde Ó hEódhasa nó Fearghal Óg Mac an Bhaird fara daoine eile.

Bheadh de thoradh air sin, gan amhras, nach mbeadh aon duine ina shaoránach Éireannach feasta, rud a réiteodh fadhbanna nach eol dúinn iad a bheith ann fós.