Sceideal samhraidh RnaG agus gradaim do Raidió na Life

Cuirfear tús le sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo.

Beidh an tsraith Cearnóga Átha Cliath le Máiréad Uí Dhomhnaill le cloisteáil gach Máirt ag 4.10 p.m. Is ar chearnóga Seoirseacha na hardchathrach atá an tsraith seo dírithe agus tosóidh Uí Dhomhnaill a haistear ailtireachta le Cearnóg Pharnell.

Beidh an tsraith Sin an Saol le Dónall Mac Ruairí le cloisteáil gach Céadaoin ag 4.10 p.m. Beidh Mac Ruairí ag caint le seanóirí as ceantair Ghaeltachta Thír Chonaill.

Beidh siad ag comhrá leis faoin saol agus roinnfidh siad scéalta, cuimhní cinn agus comhairle leis an phobal.

READ MORE

Fillfidh Caoimhín Ó Sé don samhradh lena chlár ceoil Tobar an Cheoil ón Luan go hAoine ag 10.15 a.m.

Beidh Banríon na Siamsaíochta, Sinéad Ní Uallacháin, le cloisteáil lena clár féin gach Aoine, Siamsaíocht na hAoine, ag 3.30 p.m.

Beidh RnaG i láthair ag féilte móra an tsamhraidh fosta. Beidh siad ag craoladh beo ó Ravelóid sa Chathair Dé hAoine ag 9p.m. i gClub an tSiúicre.

Beidh an fhoireann spóirt ag tabhairt aghaidh ar an Fhrainc do chluichí na hÉireann i gCraobh Sacair na hEorpa agus beidh cláracha beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy agus Fleadh Cheoil na hÉireann le linn mhíonna an tsamhraidh fosta.

Tá dea-scéala ann fosta do Raidió na Life, stáisiún Gaeilge na hardchathrach.

Tugadh aitheantas speisialta dóibh nuair a bronnadh dhá ghradam barr feabhais ar an stáisiún ag searmanas bhronnta Ghradaim Ghnóthachtála CRAOL.

Bronnadh gradam barr feabhais ar Spraoi, tionscadal nua de chuid an stáisiúin a thugann deis do pháistí bunscoile foghlaim faoi chúrsaí raidió. Bronnadh gradam ar GaelGÁIRÍ, sraith ghrinn, fosta.