Seirbhís nua nuachta ar líne i nGaeilge ag RTÉ

An stáisiún ag súil le seirbhís “chuimsitheach”


Tá RTÉ le hatheagar a chur ar chúrsaí nuachta raidió i nGaeilge agus seirbhís nua nuachta ar líne i nGaeilge a chur ar fáil inniu. Beidh, den chéad uair, seirbhís “chuimsitheach” nuachta ar líne i nGaeilge ag an chraoltóir náisiúnta agus tá leagan amach úr le déanamh ar nuacht Ghaeilge an raidió, rud a fhágfas gur ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a chraolfar na feasacháin uilig ar Raidió RTÉ feasta.

Tá rún ag RTÉ nuacht náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil a chur ar fáil ar líne ag RTÉ.ie agus ar Aip RTÉ News Now. Is i Nuacht RTÉ i mBaile na hAbhann a bheidh an tseirbhís nua ar líne lonnaithe agus iriseoirí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Nuacht RTÉ a bheas freagrach as an ábhar a chur faoi bhráid an phobail. Comhfhiontar idir Nuacht RTÉ agus seomraí nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta atá sa tionscnamh agus beidh an tseirbhís nua ar fáil ó lár na maidine inniu.

Is é dóchas RTÉ go gcuirfidh na hathruithe seo leis an tseirbhís a bhíonn ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge agus go mbeidh sí ina háis ag foghlaimeoirí agus lucht na Gaeilge thar sáile. Creideann an stáisiún gur fearr agus gurb éifeachtaí an úsáid a bhainfear as an acmhainn airgid atá acu de bharr an atheagair.

Mar chuid den athrú, is é RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh freagrach as nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta i nGaeilge a sholáthar do sheirbhísí uile Raidió RTÉ as seo amach. Is i gCasla, Co na Gaillimhe, a bheidh an lárionad léirithe raidió don nuacht Ghaeilge lonnaithe agus is ann a chraolfar an 32 feasachán nuachta Gaeilge sa tseachtain ar RTÉ Radio 1, RTÉ lyric fm agus RTÉ 2fm, chomh maith le gnáthsheirbhís nuachta Raidió na Gaeltachta.

READ MORE

Dúirt príomhstiúrthóir RTÉ, Noel Curran, gur “dul chun cinn tábhachtach” a bhí san atheagar, “an chéad togra ilmheáin i nGaeilge a bheidh ag feidhmiú ó dhá láthair éagsúla … Léiriú atá anseo go bhfuil RTÉ tiomanta don Ghaeilge, mar a léirigh an feasachán nua Gaeilge ar RTÉ News Now a chuirfidh 26 uair an chloig sa bhreis leis an soláthar nuachta Gaeilge in aghaidh na bliana”.