‘Siúcra’: dán dealraitheach dátheangach

Saothar lán le bród agus le dóchas eisithe mar chuid de Scríobh 21, féile digiteach axis Bhaile Munna

Foclóir: Meadaracht - metre; uaisle - nobility; blúire - piece; milis - sweet; saothar - work; gnaoi - liking; Port Thoir - East Wall; ag ullmhú - preparing; mallacht - curse; maothshúileach - tender-eyed; mua - mysterious figure; dealraitheach - shining.

Bhí an grá i gcónaí ina théama láidir i bhfilíocht agus i litríocht labhartha na Gaeilge. Sa dara haois déag a scríobhadh síos Agallamh na Seanórach. Sa saothar litríochta sin tráchtar ar an ngrá agus an gean a bhí ag Oisín ar Fhionn agus na Fianna.

Meastar gur tháinig dánta grá na n-uaisle, an Amour Courtois, leis na Normannaigh go hÉirinn níos déanaí. Is astu sin a d’eascair na dánta a cumadh i mbardscoileanna na hÉireann i meadaracht an dáin dhírigh sa cheathrú haois déag.

Ina dhiaidh sin arís a tháinig na hAmhráin Ghrá ar an saol agus mhair siad seo i mbéal na ndaoine anuas go dtí an naoú haois déag nó mar sin.

READ MORE

Ach is grá de chineál eile - grá don teanga inar scríobhadh an fhilíocht ársa sin - a ritheann mar théama trí shaothar filíochta nua dar teideal Siúcra.

Agus, ar nós an blúirín siúcra, is milis an rud a fhaightear go hannamh.

Dán dealraitheach dátheangach, lán le bród agus le dóchas atá sa saothar.

Ní gá ach breathnú ar an bhfíseán ar na meáin shóisíalta le tuiscint a fháil ar ghnaoi na ndaoine ar an dán neamhghnáthach seo.

“Stunning. Not only a love letter but a rousing call to action. To embrace our teanga. After all is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste,” arsa duine amháin.

“Píosa álainn a chorraidh mo chroí gan dabht! Ar scáth a chéile a mhairfidh muid,”arsa duine eile. Agus, ón taobh thall den aigéan Atlantach:

“Osdadv! (well done in Cherokee). Keep the language, the songs, and the traditions alive.”

Roxanna Nic Liam, aisteoir agus file as tuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath, a chum Siúcra.

Bliain ó shin, mar chuid de Scríobh 2021, féile dhrámaíocht Ghaeilge de chuid axis Bhaile Munna (amharclann an bhaile sin), iarradh ar Roxanna dán a chumadh. Agus le tacaíocht airgid ó Fhoras na Gaeilge taifeadadh an físeán a bhfuil éileamh an-mhór anois air ar na meáin shóisialta agus níos faide i gcéin.

“Bhí a fhios ag Niamh (Niamh Ní Chonchubhair - bainisteoir cláir in axis Bhaile Munna) go raibh Gaeilge agam. Ní raibh sé foirfe, níl mé líofa, ach mhol sí dom rud éigin a dhéanamh faoin teanga agus na deacrachtaí a thagann leis an teanga, go háirithe agus mé i mBaile Átha Cliath,” a dúirt Nic Liam le Tuarascáil.

Is as an bPort Thoir i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath do Roxanna. D’fhreastail sí ar Scoil Chaoimhín, bunscoil bheag lán Ghaeilge ar Shráid Mhaoilbhríde, i lár na cathrach. I ndiaidh sin is ar Choláiste Mhuire ar Chearnóg Pharnell a d’fhreastail sí.

Ach mar is eol do go leor a labhraíonn Gaeilge, is tearc iad na deiseanna úsáide sa saol iarscoile.

“Nuair a d’fhág mé an scoil - áit ina raibh mé á labhairt gach lá ar feadh 12 bliain - bhí an Ghaeilge in easnamh i mo shaol.

“Nuair a théinn abhaile ón scoil, ní raibh aon duine ann a bhí in ann í a labhairt liom. Agus sa bPort Thoir, ní raibh aithne agam ar aon duine le Gaeilge. Tá sé sin aisteach, nuair a smaoiním ar ais ar sin.”

Ach níor chaill sí suim sa teanga agus chuir sí fáilte roimhe nuair a d’iarr axis Bhaile Munna uirthi an dán a chumadh.

“Nuair atá tú i d’aisteoir bíonn a lán ama agat nuair nach bhfuil aon obair agat. Téann tú as do mheabhair ag fanacht sa bhaile ar ghlaoanna teileafóin.

Cé go raibh Nic Liam i dtaithí ar an bhfilíocht a chumadh, dúshlán de chineál eile a bhí anseo.

“Ar dtús nuair a bhíonn smaoineamh agam, is cineál sruth smaointeacha a bhíonn ann. Clóscríobhaim gach rud atá i m’intinn. A lán den am tagann dán as sin agus ní bhíonn orm ach roinnt eagarthóireachta a dhéanamh air.”

“Le Siúcra, dúirt siad go mbeadh siad ag iarraidh orm scannán a dhéanamh. D’iarr mé orthu cén fhad a bheadh an scannán seo agus dúirt siad go mbeadh sé idir 10-15 nóiméad - sin an rud is faide a rinne mé riamh!”

Solaoid mhaith atá sa saothar ar mhodh filíochta san 21ú haois. Dreas maith cainte a mhaireann 15 nóiméad atá ann.

Baintear úsáid as stóras mór de théamaí, de sheanfhocail agus de nathanna. Maidir leis an suíomh inar rinneadh an scannán agus an friotal agus an cur síos atá sa dán, is saothar Baile Átha Cliathach é ina bhfuil aiceann cathrach le brath.

“Tá gach rud inár dteanga nascaithe leis an talamh, an tslí a labhraíonn muid, an foclóir agus na seanfhocail.”

“Uaireanta nuair atá daoine ag smaoineamh ar an teanga agus ar an nGaeilge bíonn siad ag smaoineamh ar an Ghaeltacht, ar na páirceanna glasa agus ar Manchán Magan agus a leabhar Thirty-Two Words For Field!

“Agus tá sé sin tábhachtach, is cuid de shaol na Gaeilge é, ach tá (scéalta) eile ann - i mBaile Átha Cliath, i Luimneach, i gCorcaigh, i mBéal Feirste agus i nDoire! Tá go leor ar siúl! “

“Mar scríbhneoir, caithfidh tú scríobh faoin méid atá ar eolas agat.”

Aistir
Is ar chineál aistir atá an file san fhíseán. Camchuairt ar thuaisceart lár chathair Bhaile Átha Cliath agus ar shaibhreas na Gaeilge atá ann ar bhealach. Chun an rathúnas focal sin a léiriú, luann sí seacht bhfocal a bhaineann le mistéir - diamhair, dúrúnda, fáthrúnda, folachasach, glanrúnda, mua agus neach. Luann sí liosta fada aidiachtaí freisin - cantalach, dathúil, iargúlta, lom, meirbh, piseogach, réchúiseach, seafóideach, maothshúileach, marbhshúileach, gealgháireach, binbeach, teasaí, dalba, confach, gairgeach agus an ceann is fearr léi féin, faoileánach.

Taifeadadh an físeán sa chéad deireadh seachtaine i mí na Márta faoi stiúir cara léi, Cathal Mac An Bheatha.

“Rinne mé iarracht ar fhís a dhéanamh roinnt míonna ó shin. Bhí an dán agam ach ní raibh na híomhánna agam, ní raibh na haeistéitic agam agus ní raibh mé cinnte.

“Bhí a fhios agam céard a bhí mé chun a rá ach is ealaín eile ar fad é an stiúrthóireacht.

“Bhí mé féin agus Cathal sa rang céanna ar scoil agus bhí muid cairdiúil ar na meáin shóisialta. Bhí an bheirt againn san áit cheart ag an am ceart!

“Theastaigh uaim go ndéanfaí cuid den fhíseán in aice leis an gcanáil ach gach Satharn nó Domhnach a dúramar go rachadh muid amach thosaigh sé ag doirteadh báistí. Cheap mé go raibh mallacht orm!

Agus is cinnte gurb fhiú an tairbhe an trioblóid. Céard, mar sin, atá in ann di anois?

“Ceapaim tar éis an tseachtain seo gurb é seo tús an scéil domsa,” a dúirt sí.

“Tá mé ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis an Ghaeilge a úsáid i mo chuid scríbhneoireachta agus b’fhéidir nuair a osclaíonn na hamharclanna go ndéanfaí mé dráma.

“Tá a lán spraoi ag baint leis an teanga seo. Bíonn áthas orm í a labhairt.”

Agus is dócha, a léitheoir, gurb é sin an bun-teachtaireacht a chraobhscaoilter sa dán.

Is féidir teacht ar Siúcra anseo: https://youtu.be/Mp8MvBgb10k.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.