Solas le fáil sa dorchadas ag Trekkies

Ní Cumberbitseach nó Cnó Péine mé ach an tseachtain seo caite, chuaigh mé go muiníneach go háit nach ndeachaigh mé riamh roimhe, go scannán Star Trek.

In éadan mo thola ach thaitin sé go mór liom, a scríobhann Robbi Mac Maoláin. Tá Star Trek: Into Darkness go hiomlán éagsúil leis an tsraith teilifíse a chonaic muid don chéad uair 47 bliain ó shin i 1966 ach tá an misean céanna ag foireann na réaltloinge Enterprise "teacht ar
dhomhain úra saoithiúla".

Ach in áit na seiteanna a ceannaíodh in Bargainworld don chéad sraith, níor spáráladh pingin ar ghné ar bith den scannán is déanaí seo – gidh go bhfuil an Enterprise chomh hiontaofa le Lada dara láimhe in am an ghá.

Tá an Réaltloingeas (Starfleet) faoi ionsaí ag an bhithiúnach John Harrison (Benedict Cumberbatch) a bhfuil a chomhghleacaithe siocaithe go crióiginiciúil i ndiúracáin atá ar bord an Enterprise.

Chomh maith leis na naimhde ina measc, tá feall á dhéanamh ar fhoireann James T. Kirk (Chris Pine) ag ceannaire dá gcuid féin sa chónaidhm (federation) sa bhaile.

READ MORE

Gluaiseann an plota ar aghaidh go sciobtha agus tá cuid de na míreanna thar a bheith corraitheach, go háirithe an troid fhíochmhar idir Harrison agus Spock le linn dóibh bheith ar smionagar báirse atá ag eitilt fríd an aer. (Chuir sé seo an iliomad troideanna ar bharr stage coaches agus traenacha sna westerns i gcuimhne dom.)

Tá go leor pléascán agus beamáil suas leis an déagóir is mífhoighní a choinneáil ar bís – ionsaí Harrison ar cheanncheathrú na cónaidhme; coimhlint leis na Klingons – ach tá gnéithe níos doimhne in Into Darkness , go háirithe an cairdeas idir na príomhcharachtair, Kirk agus Spock (Zachary Quinto). (Sábhálann Kirk beatha Spock ag tús an scannáin, ag briseadh rialacha na cónaidhme. Mar bhuíochas, sceitheann Spock ar Kirk. Ní féidir leis an Vulcain damanta seo bréag a inse.)

Ach nuair atá siad ag troid in éadan fhórsaí an oilc, meileann daonnacht Kirk agus loighic Spock le chéile agus tá siad dosháraithe.