Sparánachtaí d’aos ealaíon na Gaeltachta i nDún na nGall

Bhronn Ealaín na Gaeltachta sparánachtaí ar ealaíontóirí as Gaeltacht Dhún na nGall an tseachtain seo caite.

Tugadh aitheantas do na físealaíontóirí Seán Chathail Ó Coileáin agus Caitlín Ní Ghallchóir; don scannánaí Máire Ní Fhearraigh, don fhile Collette Ní Ghallchóir, don drámadóir Francie Cullen agus do Rí Thoraí, Patsy Dan Mac Ruairí.

Dúirt Micheál Mac Aoidh ó Ealaín na Gaeltachta go raibh “tábhacht ar leith ag baint le sparánacht d’ealaíontóirí, ní amháin don ealaíontóir féin ach don phobal i gcoitinne.

“Beidh toradh fíor-fhiúntach le fáil ón infheistíocht bheag agus tugann na sparánachtaí beaga seo deis d’ealaíontóirí saothar úr a chruthú a rachaidh chun sochair don phobal agus a chuirfidh leis an chlú atá ar an Ghaeltacht cheana féin mar lárionad cruthaitheach.

READ MORE

“Cé gur suimeanna beaga a bhíonn i gceist, cuidíonn na gradaim seo go mór le healaíontóir slí bheatha a bhaint amach”.

Dúirt Seán Chathail Ó Coileáin, go raibh seó aonair le bheith aige agus nach mbeadh sin ann murach an sparánacht. Bhí sé “ar bís” leis an taispeántas a fheiceáil agus léirigh an gradam seo ó Ealaín na Gaeltachta go raibh fiúntas ag baint lena shaothar, rud a thug misneach dó.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times