Spraoi sa bhranar

dráma na Gaillimhe le stáitsiú i Southbank Londan

Ní hí drámaíocht na Gaeilge an rud is túisce a shamhlófá leis an Southbank Centre ar bhruach an Thames i Londain agus ní haon iontas é go bhfuil Marc Mac Lochlainn ar bís a dhráma Spraoi a thabhairt ann an tseachtain seo chugainn mar chuid den mhórfhéile amharclannaíochta do pháistí, Imagine.

Ó bhunaigh Mac Lochlainn Branar, comhlacht amharclannaíochta do pháistí, sa Ghaillimh i 2001, tá drámaí Gaeilge curtha ar stáitse aige i dtíortha éagsúla, ach tá draíocht ar leith ag baint le bheith ag dul go Londain agus an t-ionad ealaíne is mó san Eoraip.

“Seo an chéad uair dúinn a bheith i Londain agus ba rud mór dúinn é cuireadh a fháil go dtí an Southbank Centre. Is áit mór-le-rá atá ann agus ní ghlacann siad le gach uile chineál truflaise,” a dúirt sé.

Is i nGaeilge agus i gCatalóinis atá an dráma Spraoi , ach ní chuirfear aon aistriúchán Béarla ar fáil do pháistí phríomhchathair Shasana: "Ní theastaíonn sé. Nuair a chum muid an dráma seo rinne muid cinnte nach mbeadh an teanga mar bhac roimh éinne agus an scéal féin baineann sé le ceist na cumarsáide.

READ MORE

“Beirt bhuachaillí atá ann a bhfuil teangacha éagsúla acu ach atá ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh le chéile. Ní stopann siad chun rudaí a mhíniú dá chéile, mar ní shin a dhéanfadh páistí. Leannan siad orthu go dtí dtagann siad ar thuiscint éigin.”

Nach ciallmhar atá siad? "Bhuel, is cuma le páistí faoi theangacha, is daoine fásta a bhíonn buartha faoi cheisteanna teanga. Nuair a chuireamar Spraoi ar siúl sa Ghaillimh cúpla bliain ó shin, bhí máthair sa lucht féachana lá amháin agus rinne sí gach rud a aistriú go comhuaineach dá mac a bhí ina shuí in aice léi sa lucht éisteachta. Theip ar fhoighne a mic sa deireadh agus bhéic sé amach, "Stop! I know what's going on!""

Tá an Ghaeilge ríthábhachtach do Branar agus do Mhac Lochlainn, ach ní hí an teanga bun agus barr an scéil: “Tá an teanga tábhachtach ach tá an aisteoireacht, an ghluaiseacht fhisiciúil, an ceol agus an greann chomh tábhachtach céanna.”

Feictear do Mhac Lochlainn go bhfuil buntáiste mór amháin ag baint le bheith ag cur drámaí ar fáil do dhaoine óga: “Go teoiriciúil, tá fáil againn ar chéad faoin gcéad de na páistí, is cuma cad as dóibh nó cén aicme shóisialta lena mbaineann siad. Ní théann ach trí faoin gcéad de dhaoine fásta go dtí an amharclann.

“Ach caithfidh an dráma do pháistí a bheith níos fearr fiú ná an ceann do dhaoine fásta. Caithfidh tú smaoineamh go mb’fhéidir gurb é seo an chéad uair nó, faraor, an uair dheireanach, a fheicfidh páiste dráma. Tá freagracht ar leith ag baint leis sin agus caithfidh tú meas a léiriú ar na páistí.”

Tá an oiread sin measa ag Branar ar a lucht féachana óg go dtugtar ról lárnach dóibh i gcruthú a seónna: “Nuair atá na drámaí á bhforbairt is maith linn an obair a thriail i scoileanna agus gan a bheith ag obair i bhfolús. Is maith linn aischothú a fháil ó na páistí féin.”

Bíonn na léirmheastóirí óga géarchúiseach go maith: “Má bhíonn siad corrthónach ag breathnú ar an gcleachtadh, caithfear an cheist a chur cén fáth. Thugamar coicís ag cleachtadh i naíonra Gaeltachta le slacht a chur ar an dráma.

“Bhí na páistí ró-óg chun critic a thabhairt dúinn ach bhí na daoine a bhí ag obair ann ábalta a rá linn tar éis cúpla lá cérbh iad na giotaí as go raibh na páistí ag déanamh aithrise orthu agus iad ag spraoi eatarthu féin. Mar sin, d’fhéadfaí a rá gur comh-chruthaitheoirí iad na páistí.”

Cé go bhfuil Mac Lochlainn buíoch as an maoiniú a fhaigheann Branar, tá sé go láidir den dtuairim nach dtugtar dóthain tacaíochta don amharclannaíocht do pháistí in Éirinn: “Tá timpeall 100 comhlacht do pháistí sa Danmhairg a fhaigheann bunmhaoiniú stáit, deich n-oiread ná mar atá anseo. Ach sin mar go bhfuil polasaí sa Danmhairg a leagann síos go gcaithfidh gach páiste scoile ar a laghad dráma amháin a fheiceáil gach téarma.”

Mar sin féin, dúirt Mac Lochlainn go raibh seónna Branar feicthe ag timpeall 100,000 páiste ó 2001. Cad é an fáth is mó go bhfuil ag éirí le Branar? “Scéalta simplí, inste go maith.”

Tá Spraoi ar siúl sa Southbank Centre i Londain agus an Electric Theatre i nGuilford, Surrey idir an 17ú agus an 20ú Feabhra