Sraith nua ar Raidió Uladh

Amhránaithe Oirialla le ceiliúradh

Craolfaidh BBC Raidió Uladh sraith nua, Amhránaithe Oirialla, anocht ag 7pm.

An t-amhránaí as Béal Feirste, Gráinne Holland, a chuirfidh amhránaithe as ceantar Oirialla inár láthair agus iad ag caint ar na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge a bhaineann lena gceantar féin.

De réir an traidisiúin is é a bhí in Oirialla, lá den saol, codanna den Lú, Muineachán, Ard Mhacha, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire.

Beidh Holland i gcuideachta Phádraigín Ní Uallacháin, amhránaí, cumadóir agus údar Hidden Ulster – People, Songs and Traditions of Oriel.

READ MORE

As Contae Lú ó dhúchas di agus eolas iontach aici ar thraidisiúin an cheantair.

Dúirt léiritheoir na sraithe Treasa Bhreathnach gurbh iontach go raibh “aitheantas cuí a thabhairt do thraidisiún ársa na hamhránaíochta Gaeilge i gceantar Oirialla”.