Sraith nua scannán le Club Scannán Sailearna

Is fada fada ó fuair an phictiúrlann agus na scannáin mhistéireacha istigh inti greim ar shamhlaíocht na ndaoine.

Samhlaíonn muid an scannán mór-eachtraíochta Béarla leis an tsamhradh ach tá lucht déanta scannán fud fad na cruinne i mbun oibre.

Tá Club Scannán Sailearna ag tabhairt blas beag don pobal ar an phictiúrlann dhomhanda le tamall agus chuir siad tús le séasúr nua pictiúr i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, an tseachtain seo caite.

Deich scannán ar fad a bheas le feiceáil, iad ó thíortha éagsúla, i dteangacha éagsúla agus fotheidil Bhéarla leo.

READ MORE

Is é Son of Saul ón Ungáir an chéad saothar eile a bheas ann an Déardaoin seo, 6ú Deireadh Fómhair.

Ina dhiaidh sin, beidh Atlantic (Éire 2015) 13ú Deireadh Fómhair; Summertime (An Fhrainc 2015) 20ú Deireadh Fómhair; Fire at Sea (An Iodáil 2016) 27ú Deireadh Fómhair; Dheepan (An Fhrainc 2015) 03ú Samhain; Men & Chicken (An Danmhairg/An Ghearmáin 2015) 10ú Samhain; Labyrinth of Lies (An Ghearmáin 2014) 17ú Samhain; Mustang (An Fhrainc/An Tuirc/An Ghearmáin 2015) 1ú Nollaig agus Marguerite (An Fhrainc/Poblacht na Seice/An Bheilg 2015) 8ú Nollaig.

Tig le daoine ballraíocht sa chlub scannán a a fháil don tséasúr ar fad ar €30. Nó, más fearr leat é, is féidir leat €8 in aghaidh scannán a íoc ag an doras ar an oíche.

Eolas: www.clubscannan.ie