Teorainn idir samhlaíocht agus teagasc

Spreagann scéal beag conspóid mhór


Cá dtosaíonn teorainn samhlaíochta an léitheora agus cá gcríochnaíonn teagasc an scéalaí?

Tá an cheist seo múscailte arís ag saothar conspóideach ó pheann an údair, Hilary Mantel, bean a bhfuil Duais Booker bainte aici faoi dhó.

Is é an gearrscéal a thug teideal dá leabhar úr – The Assassination of Margaret Thatcher – atá ag tarraingt achrainn i measc aos liteartha agus polaitíochta na Breataine.

Scéal simplí go leor atá ann faoi bhean mheánaicmeach atá ina cónaí béal dorais le hotharlann i Windsor, Sasana, áit a bhfuil príomhaire na Breataine ag dul faoi scian i samhradh na bliana 1983 le tinneas súl a leigheas.

READ MORE

Cúpla uair an chloig sula scaoilfear an príomhaire amach, tagann pluiméir go dtí an teach chun caoi a chur ar an chóras teasa.

Is léir don reacaire, áfach, nach pluiméir atá ann ar chor ar bith. Síleann sí ar dtús ama gur grianghrafadóir é ach de réir mar atá a chuid treallaimh á chur le chéile aige tuigtear gur gníomhaire de chuid an IRA atá ann.

Is beag uafás atá ar bhean an tí, áfach, mar go bhfuil an ghráin dearg aici féin ar Margaret Thatcher ar chúiseanna eile. “You go and make the tea and I’ll sit here and mind the gun,” a deir sí ar ócáid amháin agus bíonn comhrá bríomhar acu faoi na stailceanna ocrais agus faoi ról an mhairtírigh i stair na hÉireann.

Molann seisean go gceanglófaí le leaba í agus go gcuirfí gobán ina béal sa dóigh is nach mbeidh na póilíní in amhras fúithi ach is mian léi féin an feallmharú a fheiceáil.

“Rejoice,” a deir an naoscaire sula scaoileann sé an piléar cinniúnach. B’in an focal ceannann céanna a d’úsáid Margaret Thatcher nuair a fuair sí scéala go raibh an tSeoirsia Theas ar ais i seilbh na Breataine tar éis ionramh na hAirgintíne uirthi i 1982.

Tá struchtúir an ghearrscéil seo bunúsach go leor agus níl aon chíoradh ródhomhain déanta ann ar na carachtair ná ar na nithe tromchúiseacha a spreag an gníomh.

Ach tá daoine áirithe sa Bhreatain ar daoraí faoi.

Dhiúltaigh The Daily Telegraph é a fhoilsiú cé gur íoc siad pingin mhaith le cearta eisiacha an scéil a cheannach.

Masla dóibh siúd a d’fhulaing ó lámha an IRA atá ann dar leis an fheisire parlaiminte Conor Burns agus dúirt an feisire Nadine Dorries gur tarcaisne atá ann do theaghlach Thatcher agus gan í imithe ar shlí na fírinne ach dornán blianta ó shin.

Measann an colúnaí Stephen Glover go bhfuil teachtaireacht fíor-chontúireach sa scéal sa mhéid is go dtugtar le fios mura dtaitníonn ceannairí polaitiúla a thoghtar go daonlathach leat, go bhfuil lán-chead agat iad a dhúnmharú mar a dhéanfaí le deachtóir i Meiriceá Theas.

Chuir léirmheastóir in The Guardian go fiú i leith an údair, gur de bhunadh na hÉireann a tuismitheoirí, go raibh sí "i mbun gárthach mholta" don fhoréigean.

Tá cosaint láidir déanta ag an údar ar an saothar agus ar shaoirse samhlaíochta an scéalaí.

Chuir Mantel an lasóg sa bharrach, áfach, nuair a d’admhaigh sí gur smaoinigh sí féin ar na féidireachtaí Thatcher a fheallmharú tráth dá bhfaca sí í óna hárasán i Windsor!

Cé a thógfadh ar an léitheoir bocht mar sin mura dtig leis idirdhealú a dhéanamh idir an t-údar agus reacaire an scéil?

Sé bliana déag sular feallmharaíodh Margaret Thatcher (de réir an ghearrscéil seo), fógraíodh go raibh pearsa cáiliúil eile imithe ar shlí na fírinne – an t-údar!

Teoiric

De réir teoirice a chuir an fealsúnaí Roland Barthes chun cinn i 1967 (

La mort de l’auteur

) níor cheart go mbeadh aon tábhacht ag baint le saol an údair ná lena chuid tuairimí faoi chúrsaí polaitíochta, creidimh, sóisialta srl.

Is tábhachtaí an bhrí a bhaineann samhlaíocht an léitheora as téacs ná na spriocanna a bhí ag an údar nuair a scríobh sé é, dar leis.

Ach cad a déarfá le húdar mar Mantel nach ndéanann aon iarracht fad pinn a chur idir a cuid tuairimí féin agus na cinn atá ag an phríomhcharachtar?

Úrscéalta stairiúla faoi réimeas na dTúdarach is mó a bhain cáil amach do Hilary Mantel ach sa saothar seo tugann sí a cúl leis an tréimhse is fearr a d’éirigh léi a léiriú agus aghaidh ar am atá fós á mheas.

Seachas a bheith ag croineolaíocht ar an stair is amhlaidh go bhfuil sí ag iarraidh ról gníomhach a ghlacadh ann an iarraidh seo.

Is cinnte nach bhfuil aon bhá léirithe aici le híospartaigh an fhoréigin agus níl aon iarracht déanta ach an oiread a claonta pearsanta a chur i bhfolach ná léamh cothrom a dhéanamh ar phearsanacht chasta an iar-phríomhaire.

Ina ainneoin sin is uile, is doiligh easaontú léi nuair a mhaíonn sí gurb ábhar maith í Margaret Thatcher don scríbhneoir ficsin.

I ndeireadh ama is faoin léitheoir géarchúiseach a bheidh sé fiúntas an tsaothair a mheas.

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap.