Tháinig an seachta agus tháinig an spideog


Tháinig an sneachta agus tháinig an spideog. An spideog agus an dreoilín an dá éan is mó a luaitear leis an Nollaig. (Bhuel, sea, bíonn an turcaí agus an ghé i gceist ar chúiseanna eile.)

Cá mhéad uair a fuair tú nó a sheol tú cárta Nollag agus spideog air? (Sea, sea, sea, cártaí Nollag sna seanlaethanta.) Tugann an tEolaí Póca (An Gúm) ar Éin le fios gur éan cónaitheach atá sa spideog. Ní bhíonn sé furasta sin iad a fheiceáil sa tsamhradh mar go mbíonn siad i bhfolach faoi na toim. Is iad a bhíonn feiceálach sa gheimhreadh; níl dóigh ar bith ann nach bhfeicfeá spideog – broinndearg – agus í ar patról sa ghairdín. Mar sin a bhí i mo ghairdín féin agus an sneachta ina luí ann – an spideog ag preabadh léi ó áit go háit. “Déanann siad dánacht ar dhaoine ach ní bhíonn siad chomh ‘cairdiúil’ céanna le spideoga eile a thagann isteach ina limistéar,” a scríobhtar san eolaí. Is fíor an méid sin. Chuir an spideog ruaig ar spideog eile a raibh sé de dhánaíocht inti cuairt a thabhairt ar an fhearann bhán. Ní raibh an talamh faoi shneachta le roinnt aici. Agus dánacht ar dhaoine? Bhuel, léim an spideog ar leac na fuinneoige agus thug amharc dalba ormsa istigh: “Cad é atá tusa á dhéanamh, a rud rua? Ag scríobh? Há. Thiocfadh liomsa alt ní b’fhearr a scríobh.” Sea, amharc dalba amach is amach. D’imigh sí go tobann agus fágadh mise le machnamh a dhéanamh faoi mo chroí ar an scríbhneoireacht. PÓM