The Queen v Patrick O’Donnell: scéal Phadaí Mhicheál Airt Uí Dhomhnaill

Ceistítear anois an chaoi ar ciontaíodh fear Ghaoth Dobhair as dúnmharú an sceithire James Carey

FOCLÓIR: Ollamh - professor; dúnmharú - murder; sceana máinlíachta - surgical knives; inchomórtais - comparable; comhthéacs - context; instinniúil - visceral; Nua-Eabhrac - New York; dúnorgain - manslaughter; tosca - circumstances.

‘Deirtear gur bhain sé seo an crith céanna as na húdaráis agus a bhain bás JFK.”

Sin a dúirt an tOllamh Bríona Nic Dhiarmada, Ollscoil Notre Dame, agus í ag cur síos sa scannán faisnéise nua The Queen v Patrick O’Donnell, ar dhúnmharú ardrúnaí nua Rialtas na Breataine in Éirinn agus a chomhghleacaí i bPáirc an Fhionnuisce in 1882.

Sháith buíon fear an Tiarna Frederick Cavendish, agus an fo-rúnaí buan Thomas Henry Burke, le sceana máinlíachta agus iad i ag siúl i bPáirc an Fhionnuisce i mBealtaine na bliana sin.

READ MORE

Tá Nic Dhiarmada ar dhuine de na tráchtairí sa scannán a insíonn scéal na ndúnmharuithe sin. Ach is é dúnmharú an sceithire James Carey ag Patrick O’Donnell, nó Padaí Mhicheál Airt Ó Domhnaill, ar long a bhí ag seoladh gar do chósta na hAfraice Theas agus an triail a cuireadh ar Ó Domhnaill san Old Bailey i Londain, is mó atá faoi chaibidil sa scannán.

Labhair Tuarascáil le Ciarán Ó Cofaigh, a bhí ina léiritheoir ar The Queen v Patrick O’Donnell faoin scannán agus faoin spéis atá ag muintir na hÉireann i scéal na ndúnmharuithe i bPáirc an Fhionnuisce.

Bhí Cogadh na Talún faoi lán seoil le roinnt blianta nuair a shocraigh eagras rúnda ar a dtugtaí na Dochloítigh (Invincibles) buile a bhualadh ar údarás na Breataine.

Más go sealadach féin é, d’fhág an t-ionsaí údaráis na Breataine in Éirinn gan cheann. “De aon ghníomh amháin,” mar a dúirt Ó Cofaigh.

Ag an am bhí sé inchomórtais leis an ionsaí ar an Twin Towers i Nua-Eabhrac in 2001, a dúirt sé.

“Sa chomhthéacs seo, is ionann an Impireacht agus an domhan agus, tá Baile Átha Cliath ar an dara chathair san Impireacht.”

Scannán dátheangach
Stiúrtha ag Tomás Seoighe, is scannán dátheangach slachtmhar é The Queen v Patrick O'Donnell. Déanann na tráchtairí insint fhileata agus chuimsitheach ar an méid a tharla. Ina measc tá Áine Ní Bhreisleáin, Póilín Ní Chiaráin, Antoin Delap, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill agus an tOllamh Dónall P Ó Baoill.

Léirítear an méid a tharla ar an 6ú lá Bealtaine 1882 ar bhealach fuilteach sa scannán. “Tá an scéal sa scannán mar a léirítear é an-ghar don rud a tharla,” a dúirt Ó Cofaigh.

Eachtra bhrúidiúil a bhí ann dar ndóigh. An raibh lucht déanta an scannáin buartha faoin ngné sin den eachtra a léiriú?

“I ndáiríre ní raibh. Níl mé ag rá nár labhair muid nó nár chuimhnigh muid air, ach bhí sé tábhachtach go mbeadh sé fuilteach agus brúidiúil mar ba shin an pointe den ghníomh féin,” a dúirt Ó Cofaigh.

“Thug na Invinvibles sceana máinliachta anall as Londain.

“Bhí siad sin riachtanach don rud a bhí siad ag iarraidh a bhaint amach. Is cinnte go bhfuil an léiriú a rinne muidne air brúidiúil agus fuilteach ach tá sé mar sin chun léiriú a dhéanamh ar an rud a tharla, ach freisin, chun léiriú a dhéanamh ar an bpointe a bhí leis an ngníomh.”

Bhain na maruithe geit as na h-údaráis. Mar a dúirt an tráchtaire Póilín Ní Chiaráin sa scannán “cás mór spleodrach idirnáisiúnta” a bhí ann. Ní raibh sé i bhfad sular gabhadh slua mór Fíníní agus poblachtach.

Sceith duine den dream ba shinsearaí sna Dochloítigh, James Carey, ar a chomrádaithe agus thug sé fianaise ina n-aghaidh sa gcúirt.

Crochadh cúigear agus gearradh téarmaí fada príosúin ar dheichniúr eile

D’éalaigh Carey as Éirinn le cabhair údaráis na Breataine. Ba mhór an mhí-chliú a bhí air toisc gur sceith sé ar a chomrádaithe agus socraíodh go rachadh sé go dtí an Afraic Theas faoi ainm bréagach.

Mar a dúirt an tOllamh Donal McCracken sa scannán, “d’fhéadfaí a rá go raibh an sceitheadór níos measa ná an namhaid é féin. D’féadfá meas a bheith agat ar an namhaid lena raibh tú ag troid ach ní fhéadfá meas ar bith a bheith agat ar dhuine de’d mhuintir féin a d’fheall ar a mhuintir.”

Bhí Carey ag taisteal faoin ainm James Power ach tharla sé go raibh fear as Gaoth Dobhair, Padaí Mhicheál Airt Ó Domhnaill ag taisteal ar an long chéanna. D’aithin sé Carey as pictiúr a chonaic sé i bpáipéar nuachtáin agus maraíodh Carey le linn coimheascar idir an bheirt.

Gabhadh Ó Domhnaill agus cuireadh ar ais go Londain é. Cúisíodh é i gcúirt an Old Bailey agus ciontaíodh é as Carey a dhúnmharú. Daoradh chun báis é agus crochadh i bpríosún Newgate é i Londain in 1883.

Dlúthcheangal
Tá dlúthcheangal idir an scannán nua seo a léirigh an comhlacht scannánaíochta Rosg agus leabhar den teideal céanna leis an t-údar Seán Ó Cuirreáin. Cuirtear faoi agallamh sa scannán é agus tugann sé léargas chuimsitheach ar chás Phadaí Mhicheál Airt.

An fhoireann chéanna dar ndóigh a scríobh agus a léirigh Murdair Mhám Trasna (2017). Scannán é sin a bhí bunaithe ar scéal dhúnmharú thealaigh i Mám Trasna in 1882 agus ar chrochadh éagórach Mhaolra Seoighe tamall ina dhiaidh sin.

“Thosaigh muid ag plé The Queen Vs Patrick O’Donnell agus muid ag obair ar Mhurdair Mhám Trasna agus thosaigh muid ag forbairt an scéil ansin,” a dúirt Ó Cofaigh.

Roghnaíodh an múnla áirithe seo, an scannán fáisnéise, de bharr go rabhthas “ag iarraidh an scéal a inseacht chomh cuimsitheach agus a bhí muid in ann taobh istigh den mhéid ama a bhí againn.” Agus tá cosúlachtaí ar leith idir an dá scéal. Mar a dúirt Ó Cofaigh, bhí tosca “áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta” ag an dá cheann.

Mar shampla, cuireadh na heachtraí fuilteacha i gcrích i gContae na Gaillimhe agus i mBaile Átha Cliath laistigh de chúpla mí óna chéile agus cuireadh fir Ghaeltachta chun báis sa dá chás.

Daoradh Seoighe chun báis cé go raibh fianaise ann go raibh sé neamhchiontach agus ba i mBéarla, teanga nach raibh aige, a reáchtáladh imeachtaí na cúirte.

Daoradh Padaí Mhicheál Airt chun báis i ngeall ar dhúnmharú James Carey ach ceistítear freisin an chaoi ar ciontaíodh é san Old Bailey. Mhaígh Ó Domhnaill gur á chosaint féin a bhí sé nuair a maraíodh Carey agus tá ceist ann anois faoi iompar na cúirte.

De réir fianaise nua a tháinig chun solais le linn taighde don leabhar agus don scannán, is cosúil gur shocraigh an breitheamh George Denman ceist thábhachtach de chuid an ghiúiré a choinneáil faoi cheilt.

Thug an giúiré le tuiscint i gceist a chuireadar i scríbhinn chuig an mbreitheamh gur chreideadar nach le mailís a mharaigh Ó Domhnaill Carey.

Níor cuireadh an t-eolas sin i láthair na cúirte ag an am ach dá mba rud é gur cuireadh ceaptar go bhfaighfidh Ó Domhnaill ciontach as dúnorgain seachas i ndúnmharú Carey.

D’fhiafraigh an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Eachtracha ag tús na míosa seo an bhfuil sé chun fiosrúchán oifigiúil a éilimh ar údaráis na Breataine i bhfianaise an eolais úir atá tagtha chun cinn.

Mar fhreagra ar cheist Uí Shnodaigh, dúirt an Aire go dtabharfaidh an Rialtas agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha “breithniú cuí ar aon eolas nua atá tagtha chun solais mar thoradh na hoibre seo.”

Craolfar an scannán The Queen v Patrick O’Donnell ar TG4 ar Dé Céadaoin ag 9.30pm

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.