Tochailt Staire – sraith nua raidió ar na Ceiltigh

Tosóidh Tochailt Staire – Na Ceiltigh, sraith nua i nGaeilge do BBC Raidió Uladh, Déardaoin, ag 7pm.

Breathnóidh láitheoir na sraithe, Seán Ó Baoill, ar ghnéithe suimiúla, neamhghnácha de réanna staire agus ar an tsaol a bhí ag an ghnáthdhuine a mhair an t-am sin sna ceithre chlár.

Scrúdóidh Ó Baoill, aisteoir ar Ros na Rún, gnéithe éagsúla de chultúr na gCeilteach, ina measc a bhfréamhacha, a gcreideamh agus a nósanna cogaíochta.

Cloigne

Cuirfidh sé síos mar a chruinnigh na Ceiltigh cloigne a naimhde agus an bia a thug siad dá n-íobairtí daonna sular mharaigh siad iad.

READ MORE

Dúirt Ó Baoill “go raibh scéal Cheiltigh na hÉireann ar eolas agam, ach ní raibh. Tá a oiread foghlamtha agam faoi ré na gCeilteach; a gcreideamh, a nósanna beatha, an cruatan agus an streachailt a bhíodh acu ar bhonn laethúil agus, an rud is suimiúla ar fad, an tionchar fada buan a bhí acu orainne.

“Fiú i saol comhaimseartha lánluais an lae inniu, beag beann ar an dul chun cinn teicneolaíochta, téann go leor daoine go fóill siar go dtí traidisiúin Cheilteacha an leighis, an chreidimh agus na teanga.”

An staraí agus seandálaí Fin Dwyer a rinne taighde don tsraith.

Dúirt sé go raibh “athrú iomlán ar ár dtuiscint ar na Ceiltigh le tuairim is 20 bliain anuas” agus go raibh an t-am ann scéal na gCeilteach a mheas as an úr.