Tuí agus ór

Scéal Nollag


‘Ná bíodh eagla oraibh,’ adúirt an t-aingeal leis na haoirí caorach, ‘mar tugaim scéala daoibh ar lúcháir mhór go bhfuil slánaitheoir beirthe dhaoibh agus gheobhaidh sibh fillte in éadaí é ina luí sa mhainséar ag bun an chnoic.’

Agus d’imigh na haoirí ar luas agus fuair siad Muire agus Iosef agus an leanbh ina luí, agus labhair siad go fada bog binn leo, agus choimeád Muire na labhartha sin á mbreithniú ina croí.

Agus thug siad bronntanas d’uan óg dóibh, agus luachair ón gcnoc, agus tuí tirim le go mbeadh compord sa bhreis ag an leanbh.

Agus laethanta beaga ina dhiaidh sin tháinig ríthe anoir faoi sholas réalta a stad os cionn na háite ina raibh an leanbh.

READ MORE

Agus chuadar isteach, agus chonaiceadear an leanbh agus shléachtadar dó agus d’adhradar é, agus thugadar bronntanais dó, ór agus túis agus miorra.

Agus féach, bhí na haoirí fós ann, isteach is amach feadh an ama, mar thuig siad go maith a leochaileach is a bhí an bheatha.

Agus chrom siad ar a bheith ag féachaint ar na ríthe gona róbaí fada a bhí ag glioscarnach i súile sholas an linbh, agus rinne siad iontas de na dathanna spiagacha a bhí orthu, agus leath a mbéal orthu nuair a thug siad faoi deara na hataí arda a raibh spící orthu a dhein cuimilt le díon an stábla.

Agus d’fhéach siad ar a gcuid giobal féin agus ba dhóbair dóibh náire a ghlacadh.

Ach chonaic siad a raibh á chaitheamh ag an mbean agus ag an bhfear a bhí os cionn an chliabháin, agus ní raibh aon hataí arda orthu, ná dathanna trína gcuid éadaí, agus má bhí glioscarnach timpeall orthu, is astu féin a tháinig.

Agus chrom, Gaspar, duine de na ríthe ag caint, agus is ea adúirt sé: ‘Nach é seo an lánfhoilsiú eisceatolaíoch atá nochtaithe chugainn go tarchéimnitheach inniu?’

Agus dúirt duine de na fir ón gcnoc: ‘Is é an t-aoire maith é, ceart go leor.’

Agus d’fhéach na ríthe ar a chéile, mar ba léir nár thuig siad cad a bhí á rá aige.

Agus ansin dúirt Melcior, ós é a bhí ann: ‘Fianaím gurb é seo achtáil dheireanach an phrionsabail antropolárnaigh ina gcomhlántar tiomnú Dé san dealagáidiú uaidh i réaladh an duine.’

Agus labhair aoire eile anuas ón gcnoc: ‘Tabharfaidh sé aire mhaith dúinn, ceart go leor.’

Agus d’fhéach na ríthe ar a chéile arís faoina fabhraí troma, mar is léir go raibh mearbhall go brách orthu.

Agus d’iniúch siad na ceirteacha a bhí á gcaitheamh ag na haoirí, óir ní raibh cleachtadh acu ar a leithéid san áit as a dtáinig siad. Agus rinne siad iontas ina gcroí cé lig isteach iad nó cad a bhí á dhéanamh acu ann.

Agus d’fhéach Muire go grámhar ar a haon mhac mar thug sí faoi deara go raibh a chosa á luascadh aige sa mhainséar, óir leanbh ba ea é a bhí go ciúin suaimhneach go dtí sin.

Agus ansin is ea adúirt Baltasar: ‘Forchéimním ó eachtra an lae seo go habsalóideach éaguimseach i dtaithleach ar staid iarthitime an duine gur réamhfhíorú is ea an taispeánadh seo don teileolaíocht a bhfuilimid ag gluaiseacht go sainbhríoch is go comhréireach ina leith ó cheann na cruinne.’

Agus dúirt an t-aoire nach ndúirt giob go dtí sin, amhail is gur duine é a lean an bhailbhe air roimhe seo: ‘Am baiste, móide, mhuis, tabharfaidh sé aire do na caoirigh ceart go leor.’

Agus chonacthas Gaspar agus Melcior agus Baltasar ag iarraidh a gcloigeann a thochas, agus ag teip orthu, óir ní raibh cleachtadh acu ar a gcloigeann a thochas toisc giolla a bheith ar fáil acu chuige sin.

Agus fiú thug Iosef féin faoi ndeara go raibh an leanbh álainn ag corraíl agus go raibh an deirge ag dúiseacht ina phluca.

Ach fós féin, choinnigh sé miongháire ar a bhéal, óir b’fhear fíréanta é; agus d’ísligh Muire a ceann, óir bhí tuirse uirthi tar éis a híona féin agus níor theastaigh uaithi an méid a bhí ina croí a rá.

Agus is ansin a ghlan Baltasar a scornach arís, agus is ea a ráidh: ‘Bíodh nach gcraobhscaoilfear na hagrafa seo de réir dóchúlacht na praitinniúlachta, is féidir a aibhsiú go bhfuil an tráth seo insilte le heisileadh an ionchais nach féidir a thabhairt i ngrinneas ná a shuaithniú gan chointeampláid ar an gceireagma a athchóireofar as seicheamh smaointe gan artabháil ag rinnfheitheamh a bheadh éaguibhreannach le hortapracsacht.’

‘N’fheadar,’ arsa buachaill an chnoic, ‘ach ní cuimhin liom rud ar bith mar sin á rá ag an aingeal.’

Lig an bhó géim aisti.

Dhein an t-asal gángarach.

Thosnaigh na huain ag méileach.Lig Íosa scread.