Úrscéal nua Alan Titley

Scéal filiúnta ón stair

Seolfar leabhar nua le hAlan Titley, An Bhean Feasa (Cló Iar-Chonnacht), Dé Sathairn 18ú Deireadh Fómhair ag 6.30pm sa Royal Society of Antiquaries of Ireland, An Leabharlann, 63 Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2.

Insíonn An Bhean Feasa scéal mná ó Éirinn a daoradh chun báis i mBostún ar chúis asarlaíochta. Crochadh sa chathair sin í ar 16ú Samhain 1688: "Tagann sí anuas chugainn sa stair faoin ainm 'Goody Glover', bíodh gurbh ainm sclábhaíochta é sin. Is í an Ghaeilge an t-aon teanga a labhair sí sa chúirt, agus is sa triail a cuireadh uirthi is ea a fhaighimid an chéad tagairt don teanga i Meiriceá thuaidh. Is é atá san úrscéal seo ná samhlú ar shaol agus ar dhálaí na mná seo idir Bhostún, Bharbados agus Éire féin. Is i bhfoirm filíochta atá an t-úrscéal scríofa, an chéad cheann dá leithéid sa Ghaeilge."

Fáilte is fiche roimh chách.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times