Vorkfaidh mé mo bhutt off feasta

Is ait mar a spreag Arnie Ostarach aisling iontach Éireannach ionam


Tá pic de Arnie sa ghiom. Tá na Speedos is lú dá bhfaca tú riamh ar Arnie le go mbeimis in ann a chuid matán a fheiceáil. Arnie na hÓige atá ann; Arnie roimh Terminator; Arnie mór na meáchan.

Ó, a Dhia, is ag Arnie atá na matáin. Matáin sa mhullach ar mhatáin eile atá ag Arnie. Níl ann ach pictiúr ach a leithéid de phic. Tá a chuid matán ag gobadh amach as an phic – bíodh is nach pic 3D é.

B’fhéidir gur portráid atá ann, portráid ar nós Dorian Gray, portráid dhraíochta? Ní thugaim aird air – bíodh is gur doiligh gan aird a thabhairt air.

Níl mise ag iarraidh bheith cosúil le hArnie; tá cuma phlaisteach air. Níl mise ach ag iarraidh bheith fiteáilte. Is leor tamall beag gairid sa ghiom domsa ó tharla go bhfuil drochaimsir ann agus nach bhfuil deis chun rothaíochta ar fáil. Is cuma liomsa faoi Arnie.

READ MORE

Ach tá Arnie ar an bhalla, ag stánadh orm, lá i ndiaidh lae. Is doiligh gan amharc ar Arnie agus é ar an bhalla, ag stánadh orm, lá i ndiaidh lae. Is é Arnie é.

Is iomaí sin comhrá sa ghiom faoi Arnie agus Sly. Is é Arnie is fearr, a deir duine amháin, tráth Commando. Is é a bhí cruthanta tráth Commando. Chan é, a deir an dara duine, ach Sly tráth Rocky, an chéad Rocky. Bhí abs ag Sly nach raibh ag Arnie.

Ach cad é faoi Arnie in Predator? Agus an chomhluadar a bhí leis? Is iad a bhí maith. Aidh, sin scannán maith.

Ach bhí Sly i gcónaí maith in Rocky agus sna rudaí eile. Cad é na rudaí eile? Bhuel, níl a fhios agam, The Expendables?

Ní raibh na hExpendables chomh maith sin. Do bharúil? Nah.

Níl mise ag tabhairt aird ar bith ar Arnie nó Sly nó ar expendables – bíodh is gur thaitin Predator liom agus go raibh an chéad Rocky maith. Ní thógaim meáchain mhóra. Ní bheidh matáin sa mhullach ar mhatáin agamsa. Ní fheicfidh tú mo phictiúr ar an bhalla agus Speedos orm agus daoine ag caint ar phol beag Phóil Mhóir. Bím ciallmhar faoi na nithe seo, iontach ciallmhar. Tógaim meáchain éadroma, meáchain nach gcuireann crua orm.

Ní bhacaim mórán leis an bench press agus lucht leanúna Arnie sa ghiom.

Cuireann lucht leanúna Arnie meáchain mhóra ar an bhench press.

(Cad é an Ghaeilge atá ar bench press fiú? Ní thig liom bench press an Bhéarla a thógáil. Bheadh sé neamh-Ghaelach. “Ardú ó bhinse” a thugann téarma.ie ar bench press. Ní maith liom an t-aistriúchán sin. Sin cúis eile gan an bhench press a dhéanamh.)

Ach tá na leaids ag cur meáchan ar an – ceart go leor – ardú ó bhinse. Rothaí móra troma miotail. Tá comórtas ar siúl acu rothaí móra troma miotail a chur ar an ardú ó bhinse. Tá Arnie ag stánadh orthu.

Ní stánaim ar Arnie. Ní thugaim aird ar Arnie agus a chuid Speedos. Dhéanfá ceap magaidh díot féin agus an chosúlacht sin ort, deirim liom féin.

Ach níl éalú ar Arnie. Tá glór ag Arnie sa ghiom inniu. Tá motivational CD ar siúl ag na leaids agus Arnie atá ag caint ann.

Tá straitéis deich bpointe ag Arnie le tú a dhéanamh cosúil le hArnie. Tá plean Arnie cosúil leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge – ach amháin gur mó seans go gcuirfí plean Arnie i bhfeidhm.

(Inspreagtha a thugann téarma.ie ar “motivational”. Tá mé ag foghlaim níos mó Gaeilge ná mar atá mé ag tógáil meáchan.)

Tá Arnie ag inspreagadh ár n-anama.

Tá plean ag Arnie dúinn. Domsa! Tá Arnie á rá nár cheart dom géilleadh don éadóchas; nár cheart dom ligean do dhaoine an aisling s’agamsa a chur ó mhaith; nár cheart dom éisteacht le lucht mo chánta; le lucht na neamhaislinge; le daoine gan fhís.

Ach, Arnie, is Gaeilgeoir mé! Is duine éadóchasach mé!

Níl a fhios agat cá mhéad buille a buaileadh ar an Ghael bhocht seo, ar an iriseoir bhocht Ghaelach seo, ar an scríbhneoir bhocht Ghaeilge seo.

Níl a fhios agat cá mhéad uair go bhfuair lucht na neamhaislinge an lámh in uachtar orm; an oiread sin amanna go raibh an lá le daoine gan fhís.

Níl Arnie ag éisteacht liom. Cluas bhodhar atá Arnie ag tabhairt do mo ghearán Gaelach. Tá Arnie ag caint leis. Níor cloídh Arnie. Lean sé leis. D’fhíor sé a aisling Ostarach.

Is féidir leat an meáchan a thógáil. Is féidir leat! arsa Arnie.

Is féidir leat é a dhéanamh ach – agus seo an eochair ag Arnie – ach “vork your butt off”.

Vork your butt off!

Vork your butt off!

Dhéanfaidh, Arnie, dhéanfaidh.

Vorkfaidh mé mo bhutt off.

Vorkfaidh mé mo bhutt off.

Tógfaidh mé meáchan agus meáchan eile agus meáchan eile arís. Leanfaidh mé do do dhea-chomhairle – sa ghiom agus sa tsaol! Ní bhacfaidh mé feasta le lucht na neamhaislinge, leis na meatacháin.

Cuirfidh mé pic de Arnie ar an bhalla, Arnie ina Speedos.

Vorkfaidh mé mo bhutt off feasta.