Na scuainí fada

Is é is measa faoi seo, ná go bhfuil gach aon aerfort a bheag nó a mhór mar a chéile.

Ní hé an t-aerfort an áit is mó is gean le daoine de ghnáth. Ní rachfá ann mura mbeifeá ag triall ar do chuarda duit go dtí áit éigin níos gile. Bíonn ort do chuid leasracha a fháscadh sula dtagann tú in aon ghaobhar don áit, ansin leabhar maith beag a bheith id phóca, na doiciméid mhallaithe a bheith faoi réir, miongháire bréige a chaitheamh a bheidh comhionann le miongháire bréige gach duine laistiar de dheisc (seachas ag Ryanair) agus a bheith sásta a bheith id chaora á stiúradh ag aoire mór inneall an aerfoirt.

Ina dhiaidh sin, ní foláir snámh thart idir na siopaí cúráin agus púdar agus cógais agus smidiú idir na giollaí péinteáilte go léir fad is atá an boladh mínádúrtha dod phlúchadh le milseacht lofa. Cá bhfios, b’fhéidir go bhfaighfeá ispín nach bhfuil minsáibh ann in áit éigin ar chúpla céad punt agus slisne bagúin nár triomaíodh aréir nó ubh fhriochta nach raibh ag cur fola ar fud an phláta? Ag both an chaifé, tá daoine ag feitheamh agus leaid óg ag tarraingt hanlaí mar a bheadh traein ghaile á chomáint aige, cailín óg ag stampáil pónairí le hord, duine agus a chúl leat ag siosarnach taobh le giuirléidí.

Ar deireadh, bíonn caoi agat ar an gcúpla míle a shiúl go dtí an geata ag gabháil thar leithris atá á nglanadh, seastáin nuachtán breac le hirisí a bhfuil daoine plaisteacha ar a gclúdach agus colscaradh cheiliúrán scannán ag líonadh na leathanach laistigh. Ansin, níl aon suíochán fágtha ag an ngeata már tá siad ar fad gafa ag málaí nach le haon duine ar bith iad ach a thuirling san áit i ngan fhios d’aon duine.

Níl sa mhéid sin ach gnáth-thuras chun an aerfoirt, gan ar tharla i mBaile Átha Cliath an tseachtain cheana a bhac in aon chor.

READ MORE

Is é is measa faoi seo, ná go bhfuil gach aon aerfort a bheag nó a mhór mar a chéile. Ar nós ardeaglaisí na meánaoiseanna is róchuma tú a bheith i gceann ar bith díobh. An ealaín chéanna: na siopaí céanna; na dealbha céanna: na brandaí céanna.

Sin iad na haerfoirt idirnáisiúnta duit, gan amhras. Is féidir pearsantacht faoi leith a bheith ag aerfort beag áitiúil. Iad ceal siopaí, ar díth sluaite, aer úr tríothu agus miongháire lándáiríre nach ó na fiacla amach ag an bhfoireann. Gan ach eitleán amháin amuigh ar an rúidbhealach aonair singilte, an cineál eitleáin sin a bhfuil liáin air agus inneall a dhéanann análú rialta le misniú an phíolóta.

Braitheann tú go bhfuil smacht éigin ar an saol ina leithéid d’áit. Is cuimhin liom a bheith ar eitleán mar sin ar an tarramhacadam áit éigin san Afraic. Eitleán dhá inneall a bhí ann. Tharla mé ag féachaint an fhuinneog amach nuair a thugas dom aire nach raibh ceann amháin de na liáin ag obair. Bhí sé ansin os mo chomhair amach, lámha ar mar a bheadh ar Tíofóin, iad go breá socair suaimhneach sa neamhghaoth.

Leis sin, ghluais buachaill óg amach as bothán an aerfoirt ar rothar. Chroch an rothar le hais an eitleáin. Thug cúpla casadh ar an lián lena lámh, rinne an lián gnúsachtach, ghlan sé a scornach, beagán casachtaí, agus ansin thosaigh ag gluaiseacht chomh mear le roth an fhortúin ar bith. Síos an rúidbhealach linn agus suas suas abhae abhae go sleamhain slán. Thug muinín an bhuachalla sin an-chompord dom. Ní bhfaighfeá aon ní dá leithéid in aerfort Bhaile Átha Cliath.

Nó, tá aerfort Oileán Bharraigh in Albain ar an trá. Tuirlingíonn tú go fada bog binn réidh ar an ngaineamh le fáilte na bhfaoileán. Sin smaoineamh d’fhonn na scuainí a sheachaint. Aerfoirt Dhumhach Thrá, Phort Mearnóg, Chnocán Doirinne…

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar