Fearann eisceachtúil

Sa mhéid sin, is fearann eisceachtúil gach tír, gach críoch, gach cine

Ar éigean go mbeadh pobal nó club nó cumann nó drong nó buíon de chineál ar bith mura mbeadh rud éigin a leithreodh iad ó ghrúpa eile. Ní bheadh ainmneacha ná lipéid againn, ach sinn go léir in aon mhaistreadh mór amháin is gan de dhifear eadrainn ach a bhfuil idir cailc agus cailc.

Chuige sin gach steiréitíopa náisiúnta a bhfuil fírinne lom ghlan ag greamú dóibh go dtí go gcasann tú ar an earra lándáiríre agus go ndaingnítear é. Is ea, tá an Sasanach bruasdhaingean suasliopach, an Francach suaibhreach ardnósach, an Gearmánach tuáilleluath maidinghasta, an Fionlainneach tostach béaldaingean foirmeálta, an tArabach lán de bhladar breá Gaelach agus an Poncánach ardghlórach gustalgháifeach ar a laghad.

Sa mhéid sin, is fearann eisceachtúil gach tír, gach críoch, gach cine. Ach ba dhóigh leat, ina choinne sin thall, gur fearann níos eisceachtúla é na Stáit Aontaithe ná aon fhearann eile sa bhith cheathairchúinneach chruinn de réir gach tomhais choitinn ar féidir iad a áireamh.

Ar an gcéad dul amach iad a bheith bunaithe ar eacnamaíocht sclábhaíochta a dhein tráilleanna de na milliúin is ar ar fhothaigh siad a gcuid saibhris dá réir. Och, mo bhotún! Nach bhfuil mórán de thíortha na hEorpa mar a chéile? Agus ó, sea, tíortha Arabacha chomh maith.

READ MORE

Ceart go leor, mar sin. Arm agus dúin agus lonnaíochtaí míleata a bheith acu go fada fairsing ar fud na n-ilchríocha? Fan go bhfeicfimid: tá a leithéid ag an Ríocht Aontaithe, nach bhfuil? Ó, mar a tharlaíonn, tá, in Brunei, Oman, an Ghearmáin, Sierra Leone…Agus an Fhrainc san Afganastáin, sa Ghabúin, Aontas na n-Éimíríochtaí Arabacha…

É a bheith bunaithe ar chinedhíothú na mílte pobal? Tá sin fíor, ach nár tharla a leithéid go fairsing le concas na Moslamach nuair a chomhsamhlaíodh ciníocha thuaisceart na hAfraice isteach ina mbolg, agus níor Han Sínigh iad na Sínigh gur múchadh na mionghuthanna eile sin ina dtimpeall.

Deacair a rá mar sin cad é atá chomh heisceachtúil mar gheall ar na Stáit Aontaithe úd. Ach amháin! Sea, soiléir go maith. Go bhfuil cead ag saoránaigh gunnaí a cheannach, a iompar, a luascadh, a chroitheadh, a bhagairt, a úsáid, agus gan amhras, a lámhach.

D’fhéadfainn figiúir a thochailt amach as coinicéar éigin, ach ráineodh iad a bheith as dáta faoin am a d’fheicfeadh seo solas an chló. B’fhéidir gur leor an 45,222 sin de dhaoine a maraíodh i dtír na saoirse agus na glóire sa bhliain 2020, an uair dheiridh gur táladh uimhreacha cruinne chugainn.

Sin nach mór an méid céanna in aon bhliain amháin is an líon dá gcuid amhas oifigiúil a cailleadh le linn chogadh fada Vítneam. Ionann sin agus iarsma chogadh concais nó gabhála gach uile bhliain.

Is lánait leis an domhan mór conas a scaoiltear leis an ngealtachas seo gan chríoch. Is dóigh le sciar den domhan céanna go bhfuil éileamh aigne éigin acu ar na Stáit, toisc oiread sin dá muintireacha a bheith lonnaithe ann, gur bia laethúil dóibh a gcuid scannán, agus nach bhfuil aon éalú ó phus a gcuid polaiteoirí ar na scáileáin.

Ba mhian leis an domhan mór iad a thabhairt ar a gciall arís, ach iad aineolach conas is fearr é sin a dhéanamh.

Ní gá a bheith gan dóchas, áfach, óir ní bheadh aon mhaith leis an gcolún seo mura mbeinn toilteanach moltaí chun slánaithe an domhain a chur chun cinn.

Nuair a bhíonn leatrom á dhéanamh ar phobal ar bith de dheasca rialacha nó nósanna na tíre sin is minic a mholtar smachtbhannaí, nó baghchat féin a dhéanamh air.

Sin agat é: caitheamh leis na Stáit Aontaithe mar a bheadh díbeartach nó pariah i measc náisiúin an domhain go dtí n-iompródh siad iad féin mar chuid den domhan sibhialta.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar