Géarchéim teanga ‘an dúshlán is mó' ag Údarás na Gaeltachta - Ó hÉallaithe

Gá le treoíocht eile a bheith in uachtar ag an áisíneacht stáit, dar leis an ngníomhaí pobail.

Foclóir: Géarchéim – emergency; folúntas – vacancy; áisíneacht - agency; treoíocht – direction; príomhfheidhmeannach – chief executive; caomhnú – preservation; leathadh – spreading; maoiniú – funding; sular – before.

Beidh an ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht ar an dúshlán is mó a bheidh ag ceannaire nua Údarás na Gaeltachta, dar leis an ngníomhaí pobail, Donncha Ó hÉallaithe.

Tá folúntas an cheannaire le líonadh toisc go bhfuil Mícheál Ó hÉanaigh ag éirí as a phost théis dó cúig bliana a chaitheamh ina phríomhfheidhmeannach.

Áisíneacht stáit is ea Údarás na Gaeltachta atá freagrach as forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn.

READ MORE

Ach dar le Donncha Ó hÉallaithe, ‘sé cruthú fostaíochta agus líon na bpostanna a chruthaítear seachas caomhnú na Gaeltachta a bhíonn mar “phríomhchúram” ag an eagras.

I ngeall ar sin, tá ceisteanna ar leith dar leis gur gá don phríomhfheidhmeannach nua dul i ngleic leo. Áitíonn sé go bhfuil gá le meon agus cultúr Údarás na Gaeltachta a athrú “ó bhun go barr” chun é sin a dhéanamh.

“Dá dhonacht é, sé Údarás na Gaeltachta an t-eagras stáit is tábhachtaí atá ag na pobail Ghaeltachta,” a dúirt Ó hÉallaithe.

“’Caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh’ atá in ainm is a bheith mar phríomhchúram an Údaráis de réir na reachtaíochta,” a dúirt sé.

Fostaíocht

Deir ráiteas deireadh bliana Údarás na Gaeltachta don bhliain 2021 gur cruthaíodh 825 post nua lánaimseartha i gcomhlachtaí Gaeltachta anuraidh, an líon ab airde poist a cruthaíodh i mbliain amháin ó 2008 i leith. Faoi dheireadh na bliana seo caite bhí 7,809 post lánaimseartha san iomlán i gcliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis. Ní beag sin.

Tá cur síos sa ráiteas deireadh bliana freisin ar ghníomhaíochtaí an Údaráis maidir le pleanáil teanga, maoiniú d’eagrais forbartha pobail, infheistiú san infreastruchtúr gnó ‘gteic’ agus an togra straitéiseach ‘An Ghaeltacht Ghlas’ .

Ach deir Ó hÉallaithe, go bhfuil gá le treoíocht eile a bheith in uachtar.

“Le fada an lá tá meon san eagraíocht gurb é príomhchúram an Údaráis fostaíocht a chruthú nuair nach ea, agus gurb é an príomh shlat tomhais ar obair an Údaráis, líon na bpostanna nua a chruthaítear sna cliantchomhlachtaí,” a dúirt sé.

Measann Ó hÉallaithe go bhfuil sé riachtanach níos mó béime a chur ar phobail Ghaeltachta a fhorbairt chun úsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga phobail a chothú agus a neartú.

“An dúshlán is mó a bheadh ar phríomhfheidhmeannach nua ná Údarás na Gaeltachta a dhíriú ar an ngéarchéim teanga sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an teanga fós in úsáid,” a dúirt sé.

Tá stráicí móra de cheantair ina raibh an Ghaeilge ina teanga phobail nuair a bunaíodh an tÚdarás in 1980 iompaithe anois ina nGalltachtaí agus is teanga mhionlaigh anois í an Ghaeilge sa Ghaeltacht atá i mbaol díothaithe.

“Tá daonra na Gaeltachta anois bailithe thar an 100,000, de réir na réamhfhigiúirí daonáirimh a eisíodh le gairid,” a dúirt Ó hÉallaithe.

“Déanaim amach go bhfuil thart ar 20,000 ina gcónaí i gceantair ina bhfuil an Ghaeilge á úsáid mar phríomhtheanga chumarsáide sa phobal i gcónaí agus tá thart ar 10,000 eile ar a mhéad i gceantair ina bhfuil sciar suntasach den phobal á úsáid mar theanga laethúil. Sin atá le caomhnú.”

Infheistiú

Measann Ó hÉallaithe go bhfuil baol ann freisin go bhfuil infheistíocht nua ag tapú creimeadh na Gaeltachta trí fhostaithe atá ina gcainteoirí Béarla a mhealladh isteach go ceantair leochaileacha.

“Go speisialta le hinfheistíocht i nuatheicneolaíocht nó sna heolaíochtaí, mealltar daoine nach bhfuil Gaeilge acu isteach sa Ghaeltacht leis na postanna a líonadh.

“Go minic ní bhíonn a dhóthain daoine ar fáil go háitiúil leis na cáilíochtaí cuí.

“Go bhfios dom níl aon mhonatóireacht á dhéanamh ag an Údarás faoin líon daoine le Gaeilge a fhostaítear sna postanna a chruthaítear le hinfheistíocht agus le deontais ón Údarás,” a dúirt sé.

“Dá mhéad daoine a mhealltar isteach, nach cainteoirí Gaeilge iad, is ea is mó a thapaítear creimeadh na Gaeilge sa Ghaeltacht, im thuairim,” a dúirt Ó hÉallaithe.

“Is fadhb é seo, atá ann le fada, nach mór díriú air.”

Cuireadh €2.816m de mhaoiniú ar fáil do 33 eagras forbartha pobail in 2021 ach creideann Ó hÉallaithe go bhfuil gá breis aitheantais a thabhairt don earnáil dheonach.

Measann sé go bhfuil dearcadh ag an Údarás “gur leor” a bheith ag obair le heagraíochtaí pobail a fhaigheann deontas bainistíochta - “na comharchumainn Ghaeltachta agus comhlachtaí forbartha agus gan mórán airde a thabhairt don earnáil deonach, na coistí pobail agus araile.”

Tráth dá raibh, bhí “suas le 60 eagras” aitheanta ag Gaeltarra Éireann, an t-eagras a bhí ann sular tháinig Údarás na Gaeltachta ar an bhfód, ach “ceal cúraim” go bhfuil a bhformhór titithe as a chéile ó shin.

Measann sé go mbeadh gá le “hathrú meoin” chun “forbairt phobal agus pleanáil teanga ón mbonn aníos a chothú”.

B’fhearr seo seachas a bheith ag braith “beagnach ar fad” ar chomharchumainn “a fheidhmíonn ar bhonn tráchtála agus gan fhios ag an bpobal ar a bhfuil siad ceaptha a bheith ag freastal, céard atá ar bun acu go minic.”

Ról

Beidh an príomhfheidhmeannach nua freagrach as straitéisí agus polasaithe a fheidhmiú lena chinntiú go gcomhlíonfar dualgais reachtúla an eagrais. Déanfar sin trí rannpháirtíocht le raon de pháirtithe leasmhara.

“Príomhfheidhmeannach láidir, misniúil, spreagúil le fís agus le cumas cinnireachta a theastaíonn le dul i gceannas ar an eagraíocht,” a mheasann Ó hÉallaithe.

“Duine a bheadh sásta dul i ngleic leis an bhfadhb teanga sna ceantair is láidre agus na fíricí míchompordacha a aithint,” a dúirt sé.

“Mar go dteastódh cultúr agus meon na heagraíochta a athrú ó bhun go barr, im thuairimse b’fhearr duine ón taobh amuigh den eagraíocht a lorg, duine a bheadh sásta ceisteanna bunúsacha a chur faoi na modhanna oibre; profáil teanga a dhéanamh ar chinntí infheistíochta agus tosaíochtaí nua a shocrú don eagraíocht maidir le ‘caomhnú agus leathadh na Gaeltachta [agus na Gaeilge] mar phríomh-mheán cumarsáide’.

“D’fhéadfadh príomhfheidhmeannach nua le scileanna maithe cinnireachta agus cumarsáide tús a chur leis an athrú a theastódh a chur ar mheon na heagraíochta ag gach leibhéal le go dtuigfí gur caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil sí fós in úsáid an príomhchúram atá ar an Údarás.”

“Ba cheart gach réimse oibre san eagraíocht a bheith dírithe ar an bpríomhchúram sin.”

Rinne Tuarascáil teagmháil le hÚdarás na Gaeltachta maidir le cuid de na ceisteanna a ardaíodh anseo. Dúirt urlabhraí go gcaithfear “tús áite” a thabhairt do chainteoirí líofa Gaeilge nuair a dhéantar infheistíocht i gcliantchomhlachtaí.

“Muna bhfuil cainteoirí líofa Gaeilge ar fáil, tá cead ag an gcomhlacht cainteoirí ar bheagán Gaeilge a fhostú.”

Dúirt an t-urlabhraí go bhfuil Údarás i mbun “próisis athbhreithnithe ar stádas na Gaeilge” sna cliantchomhlachtaí faoi láthair.

“Tabharfaidh toradh an athbreithnithe sin, atá mar chuid de scrúdú níos leithne ar bhealaí gur féidir úsáid na Gaeilge a threisiú sna cliantchomhlachtaí, léargas níos fearr dúinn ar an staid reatha.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.