Oideachas na Gaeilge: ‘Sceacha á gcaitheamh i mbéal bearna’

Creideann saineolaithe oideachais ar labhair Tuarascáil leo nach bhfuil bunús oideachasúil leis an mbeartas nua don ardteist

FOCLÓIR: Alltacht - astonishment; iontas – surprise; oideachasóirí – educators; próiseas cinnteoireachta – decision-making process; timthriall – cycle; athchóirithe – rearranged/adapted; beartas – policy; athbhreithniú – review; Sceacha á gcaitheamh i mbéal bearna – stopgap; uainiú-timing; smaointeoireacht chomhleanúnach - joined-up thinking.

’Rud a chuir alltacht agus iontas orainne mar oideachasóirí.” Sin a dúirt saineolaí oideachais amháin faoin bpróiseas cinnteoireachta a bhain leis an mbeartas páipéar a haon na Gaeilge agus páipéar a haon an Bhéarla a bhogadh ón séú bliain go dtí an cúigiú bliain mar chuid de thimthriall athchóirithe na hArdteistiméireachta.

An tAire Oideachais Norma Foley a d’fhógair an beartas ar a tugadh Cothromas agus Sármhaitheas do Chách, i mí an Mhárta.

Cé go bhfuil athbhreithniú níos leithne ar shonraíochtaí churaclam Gaeilge na hardteistiméireachta idir lámha faoi láthair ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), tá sé i gceist ag An Roinn Oideachais an beartas áirithe seo a chur i bhfeidhm sa ngearrthéarma - ó 2023 ar aghaidh.

READ MORE

Acht um Shaoráil Faisnéise

Ach de réir cáipéisí inmheánacha a cuireadh ar fáil do Chonradh na Gaeilge faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, agus atá feicthe ag Tuarascáil, ní mó ná sásta a bhí Coimisiún na Scrúdaithe Stáit (CSS) leis an bplean.

Dúradh i gcomhfhreagras a dáileadh go hinmheánach ar oifigigh sinsearacha an Roinn Oideachais gur chreid an coimisiún dá mbogfaí páipéar a haon Béarla go Bliain 5 go mbeadh buachaillí faoi mhí-bhuntáiste de bharr go dtagann siad chun aibíochta beagán níos déanaí ná cailíní.

Rud é sin, de réir oideachasóirí, a bhainfeadh óna gcumas aistí gasta a scríobh i mBéarla agus i nGaeilge.

Dúirt an coimisiún freisin go mbeadh gá athbhreithniú a dhéanamh ar an sonraíocht (an curuclam) dá ndéanfaí athrú suntasach ar uainiú na scrúduithe.

Creideann na saineolaithe oideachais ar labhair Tuarascáil leo faoina raibh sna cáipéisí nach bhfuil bunús oideachasúil leis an mbeartas nua agus go bhfuil na hathruithe á dtabhairt isteach faoi dheifir.

“Chabhraigh [na cáipéisí] go mór linn léargas a fháil ar an bpróiseas cinnteoireachta a fheidhmítear sa Roinn Oideachais - rud a chuir alltacht agus iontas orainne mar oideachasóirí,” a dúirt Áine Hyland Ollamh Emerita le hOideachas agus iar-leasuachtarán, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

“Bhíomar ag ceapadh agus ag glacadh leis go raibh bunús oideachasúil éigin, nár léir dúinne, ag an Roinn Oideachais taobh thiar den chinneadh seo,” a dúirt sí.

Bhí sé i gceist go mbeadh na hathruithe céanna á ndéanamh maidir le Matamaitic chomh maith le Béarla agus Gaeilge ach socraíodh gan leanacht leis sin mar nach bhféadfaí dhá pháipéar na matamataice a scarúint go héasca.

“Thuig Coimisiún na Scrúdaithe Stáit nach bhféadfaí é seo a dhéanamh mar go gcaithfear an t-ábhar a mhúineadh ar bhealach comhtháite,” a dúirt an tOllamh Hyland.

Ach, dar léi, baineann na hargóintí ceannann céanna leis an nGaeilge. “Scrúduithe teanga comhtháite iad seo agus tá inniúlacht teanga á mheas sa dá pháipéar,” a dúirt sí.

“Ní bheidh páipéar a sheachadfar i mí an Mheithimh ag deireadh na séú bliana mar a chéile le páipéar a bheadh le déanamh ag mic léinn ag céim níos luaithe sa chlár.”

“Ach níor chuir [an Roinn] an córas céanna cinnteoireachta i bhfeidhm i dtaca leis an nGaeilge.

“Sceacha á gcaitheamh i mbéal bearna an t-am ar fad,” a dúirt sí.

Cheistigh Aoife Ní Ghloinn, Stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, an bunús a bhí leis an gcinneadh na scrúdaithe a bhogadh go dtí an cúigiú bliain. “Ní léir go raibh bunús láidir oideachasúil ná taighde ag baint leis,” a dúirt sí.

“Bheinn féin an-bhuartha faoin tionchar a bheadh aige ar fhorbairt teanga na ndaltaí, dá mbeadh na scrúduithe cluastuisceana, léamhthuisceana agus ceapadóireachta ag deireadh an cúigiú bliain, agus mura mbeadh béim ar na scileanna sin sa séú bliain.”

“Bheinn buartha go mbeadh na scileanna éagsúla á múineadh neamhspleách ar a chéile, seachas ar bhealach comhtháite, mar a mholtar sa lá atá inniu ann,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Ghloinn go léiríonn an taighde idirnáisiúnta ar an tástáil teanga go n-imríonn an measúnú tionchar an-mhór ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim.

“Fágann sé sin go gcaithfear a bheith fíorchúramach maidir le haon athrú a dhéantar ar scrúduithe na hArdteiste.

Strus

Nuair a sheol an tAire Foley an beartas i mí an Mhárta, dúradh go raibh sé ar mhaithe le “scoláirí a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an 21ú haois” agus chun “folláine a leabú agus leibhéil struis scoláirí a laghdú.”

Ach ón méid a dúirt na hoideachasóirí ar labhair Tuarascáil leo, is amhlaidh go gcuirfidh an beartas nua leis an mbrú agus an strus atá ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí seachas a mhalairt.

“Bheadh imní an-mhór orainn i dtaca leis seo,” a dúirt Shane Ó Coinn atá ina chathaoirleach ar An Gréasán, eagras ionadaíochta do mhúinteoirí Gaeilge.

“Tá siad ag rá gur rud sealadach atá anseo. Tá siad ag caint ar athruithe móra a dhéanamh ar an gcúrsa anois agus athruithe móra eile nuair a thagann na dréachtsonraíochtaí nua isteach.”

“Cuireann sé barraíocht brú agus struis ar na múinteoirí agus ar na daltaí. Is fearr i bhfad má tá siad chun athruithe a dhéanamh go mbeadh siad déanta mar chuid den phróiseas atá ar siúl ag an CNCM,” a dúirt sé.

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar iarratas Chonradh na Gaeilge eisíodh breis agus 100 cáipéis inmheánach agus cé go bhfuil cuid mhaith den eolas a bhí ar na cáipéisí ceilte agus nach féidir é a léamh, is léir gur chuir sé sceoin ar na hoideachasóirí neamhspleacha.

“Rud a scanródh thú dáiríre – nach léir dúinn gur tháinig aon chomhairle nó aon ionchur ón Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta,” a dúirt an tOllamh Hyland.

“Ní léir dúinn gur chuathas i dteagmháil le COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta), cé go bhfuil freagracht ar COGG mar eagraíocht maidir le múineadh na Gaeilge,” a dúirt sí.

Comhthéacs

“Ní mór a aithint go bhfuil comhthéacs níos leithne i gceist anseo freisin,” a dúirt Aoife Ní Ghloinn.

“Seoladh cúrsaí nua Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach in 2017 agus tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar éifeacht na gcúrsaí sin.”

“Foilsíodh dréachtsonraíochtaí nua curaclaim don Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste anuraidh agus ghlac beagnach 1,000 duine agus eagraíocht páirt i gcomhairliúchán poiblí faoi na dréachtsonraíochtaí sin.

“Ní raibh aon chaint ar an athrú áirithe seo ar scrúduithe na hArdeiste nuair a bhí an comhairliúchán sin ar siúl, agus ardaíonn sé sin ceist an-mhór faoi fhiúntas an phróisis sin ar fad.”

“Tá mé féin an-bhuartha faoin mbealach a bhfuil na cinntí seo á ndéanamh neamhspléach ar a chéile,” a dúirt sí.

“Is cosúil go bhfuil cinntí éagsúla á ndéanamh faoin tSraith Shóisearach, faoi churaclam na hArdteiste agus faoi scrúduithe na hArdteiste, gan dóthain machnaimh agus plé a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag na cinntí sin ar a chéile, agus ar na himpleachtaí a bheidh acu don Ghaeilge ag an tríú leibhéal, do chumas Gaeilge múinteoirí bunscoile agus fostaithe eile de chuid na hearnála poiblí.”

“Braithim go bhfuil géarchéim ann faoi láthair maidir leis an gcaighdeán Gaeilge atáthar a bhaint amach sa chóras oideachais agus beidh gá le ‘smaointeoireacht chomhleanúnach’, polasaí náisiúnta agus fís shoiléir don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an Ollscoil, má tá muid chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sin agus na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha amach sa Stratéis 20 Bliain don Ghaeilge agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhaint amach.”

“Níl aon fhís ann! Níl a fhios againn cá bhfuil múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais ag dul,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

“Go dtí go mbíonn polasaí comhtháite ann don Ghaeilge ón mbunleibhéal go dtí an tríú leibhéal, iarrachtaí easnamhacha a bheidh ann.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.