Coup, coup eile

‘Sin ceann an tSathairn, mar sin,’ ar seisean, ‘ní imeoidh traein na Céadaoine go dtí an Aoine.’

Nuair a bhíos-sa ag siúl thart faoin áit i mbrothall an lae ba bheag duine a bhí timpeall. Níor dhóigh leat go raibh go raibh aon duine istigh, agus is lú ná sin a raibh aon duine ag teacht isteach nó amach. Bhí scata bultúr lena ngob ar oscailt ag tuirlingt taobh amuigh le súil is go bhfaigheadh siad solamar de shaghas éigin ar ball, ach ní raibh an t-ádh leo an tamall go rabhas ann ag gliúcaíocht isteach.

Pálás an Uachtaráin in Ouagadougou, príomhchathair Burkina Faso atá i gceist agam. Bloc mór cearnógach nár caitheadh puinn samhlaíochta leis a bhí ann de réir mo chuimhne, foirgneamh nach raibh ar aon tslí chomh spiagach leis an gceann marmair a thóg Ceausescu dó féin sa Rómáin fág nár chodail sé oíche riamh ann. B’fhéidir gur tógáil i bhfad níos galánta ná sin atá ann anois, óir tá de nós ag deachtóirí a bheith ag cur bríce ar muin bríce, cé gur dócha gur daoine eile a dhéanann an sclábhaíocht.

Rith na smaointe sin timpeall ar mo chloigeann agus thuirling cuid acu nuair a léigh mé gur déanadh coup d’etat eile in Burkina Faso an tseachtain seo caite. Ceann eile, adeir tú, ceann eile ar shála na gcíortha tuathail éagsúla in 1976, 1980, 1983, 1987, 2015 etc.

Nuair a bhíos-sa ann, agus mé beagán níos óige ná mar atáim anois, ní Burkina Faso a bhí ar an áit ach Haute Volta. Ní raibh a gcuid neamhspleáchais, mar adéarfá, fáiscthe as dorn iata na bhFrancach acu ach le seacht mbliana. Le fírinne, ní raibh oiread sin d’eolas agam ar an tír, toisc nach raibh ann ach constaic eile ar mo shlí go Timbuktu, sciar mór de thalamh fásaigh arbh éigean dom a chur díom.

READ MORE

Ní raibh sin furasta. Nuair a chuaigh mé ag lorg ticéad traenach sa Chote d’Ivoir ó Abidjan le dul ó thuaidh, d’fhiafraigh fear na dticéad díom arbh é traein an tSathairn nó ceann na Céadaoine a bhí uaim. Chuir sin mearbhall orm, mar b’é an Luan a bhí ann. ‘Sin ceann an tSathairn, mar sin,’ ar seisean, ‘ní imeoidh traein na Céadaoine go dtí an Aoine.’

Ba chuma liom, ach theip ar an traein chéanna i lár na hoíche i mball uaigneach éigin i lár na hIar-Mhí, nó áit dá samhail, agus b’éigean dul ar leoraithe agus ar bhaigíní an chuid eile den tslí. Lacáiste ar bith ní raibh le fáil ar an athrú sin, murab ionann agus Iarnród Éireann.

Deacracht níos measa fós a bhain le víosa a fháil isteach in Haute Volta. Bhí d’ádh liom go bhféadfaí ceann a fháil ar an teorainn féin, mar ní raibh aon eolas ar fáil in áit ar bith maidir leis na riachtanais taistil. Níor saolaíodh an túsal gúgal fós agus ba chuid den aimsir fháistineach i bhfad uainn é an Lonely Planet. Ar do sheans a ghluais tú, agus ba chuid mhór den eachtra é sin.

Oifigeach aonair amháin a bhí os mo chomhair, ach níorbh fhéidir oifigeach aonarach a thabhairt air. Bhí bean óg ag fónamh dó fad is a bhí sé ag caint liomsa, agus ag tabhairt le fios dom nár airigh sé trácht riamh puinn ar thír darbh ainm Éire. In ainneoin mo phas glasghlan a bheith im ghlaic, b’éigean dúinn dul i muinín atlas idirnáisiúnta a fuarthas i dtarraiceán éigin le cruthú nárbh as an spéir lasnairde a tháinig mé.

Ráinig mé Ouagadougou ar deireadh, agus fág gurbh áit inspéise í ar nós gach áit ar chlár an domhain neamhbhraonaigh, ní ionad í ar gá a bheith ar liosta na míle áit go gcaithfeá triall orthu sula ndaingnítear na scriúnna anuas ar do chónra.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar