Polasaí don Ghaeloideachas: ‘Gá le ceannasaíocht ón Roinn Oideachais’

Ba cheart deis a thabhairt “do gach dalta sa tír” oideachas trí mheán na Gaeilge a roghnú

FOCLOIR: Earnáil – sector; ráta fáis – growth rate; comhairliúchán poiblí – public consultation; ceannasaíocht – leadership; scéin – fright/terror; freastal - attend to/service; faillí – neglect/negligence; tearcacht – scarcity.

‘Céard is fiú Straitéis na Gaeilge, nó polasaí an Stáit chun 20 faoin gcéad den earnáil phoiblí a bheith ábalta feidhmiú trí Ghaeilge mura bhfuil an córas ag tacú leis na daoine seo a chur ar fáil?”

Sin a dúirt Caoimhín Ó hEaghra, ard rúnaí An Foras Pátrúnachta, faoi cheist an tsoláthair thumoideachas Gaeilge.

Ag labhairt dó tar éis na hagóide is déanaí ag Tithe an Oireachtais ina rabhthas ag éileamh go mbeadh tumoideachas Gaeilge iar-bhunscoile ar fáil i mBaile Átha Cliath theas, dúirt Ó hEaghra go bhfuil gá le “ceannasaíocht” ón Roinn Oideachais chun soláthar cuí a fhorbairt.

READ MORE

Idir dhaltaí scoile, thuismitheoirí agus mhúinteoirí scoile, bhailigh thart ar 200 duine ag geataí Theach Laighin Dé Céadaoin. Meánscoil thumoideachas Ghaeilge a bhí á éileamh acu dá gceantar scoile i ndeisceart na cathrach.

Léiriú atá i gcás Bhaile Átha Cliath theas, de réir Ó hEaghra agus na heagrais Gaeilge eile a bhí i láthair, ar an ngéarghá le polasaí cuí don tumoideachas Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá líon na ndaltaí bunscoile a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil Lios na nÓg; ar Scoil Mológa; ar Scoil Bhríde; ar Bhunscoil Sancta Maria (Sráid Synge) agus ar Ghaelscoil Eoin le fás ó 1,000 go 1,500 taobh istigh de chúpla bliain.

Tá 44 meánscoil Bhéarla sa scoilcheantar faoi láthair ach níl soláthar thumoideachas Gaeilge iar-bhunscoile ar fáil.

Mar thoradh ar sin, fágfaidh 128 dalta Rang a 6 an scoil an samhradh seo chugainn gan soláthar iar-bhunoideachais ar fáil dóibh sa teanga inar múineadh iad le linn a dtréimhse ar an mbunscoil.

In 2019 d’fhógair Joe McHugh, a bhí ina Aire Oideachais ag an am, go raibh sé i gceist líon na scoláirí atá san earnáil oideachas Ghaeilge a dhúbailt.

Cuireadh fáilte mhór roimhe sin dar ndóigh. Ach, beagnach trí bliana níos déanaí, tá feachtas dheisceart Bhaile Átha Cliath fós i mbun stocaireachta gan cuma ar bith ar an Roinn go bhfuiltear chun an fhadhb a réiteach.

Is léir le fada an lá go bhfuil éileamh mór ar an ngaeloideachas. De réir taighde an ESRI in 2015, roghnódh 23 faoin gcéad de thuismitheoirí an stáit tumoideachas Gaeilge ach é a bheith ar fáil.

Tuaradh in 2019, de réir an ráta fáis le 10 mbliain roimhe sin – an ráta fáis a cheadaigh an Roinn Oideachais - go nglacfadh sé 110 bliain an t-éileamh atá ag an 23 faoin gcéad sin a shásamh. Ní fios cén fhad a ghlacfadh sé anois.

Fógraíodh Polasaí don Oideachas Gaeltachta in 2017 agus anois tá an Roinn i mbun polasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

De réir figiúirí a d’eisigh an Roinn i dtuarascáil dar teideal Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le déanaí, tá 13 contae gan meánscoil lán-Ghaeilge agus níl Aonad Gaeilge ag seacht gcinn de na contaetha sin.

Séard is aonad ann, ná sruth ina mbíonn an teagasc sna ranganna trí mheán na Gaeilge ach bíonn sé ina chuid dílis de mhór scoil Bhéarla.

Baineadh trial as múnla cosúil leis sna tríochaidí agus sna daichidí agus tá amhras ar oideachasóirí go mbeadh rath go fad téarmach ar mhúnla mar é san lá atá inniu ann.

Réitigh an Roinn Oideachais an tuarascáil mar bhonn eolais do phróiseas comhairliúcháin phoiblí ar an bpolasaí nua. Chuir cuid dá raibh ann scéin ar go leor san earnáil.

Dúradh ann: “I bhfianaise laghdú ar dhéimeagrafaic sna blianta amach romhainn, táthar ag súil le laghdú suntasach ar bhunú scoileanna nua. Beidh deiseanna teoranta ann chun soláthar lán-Ghaeilge a mhéadú trí scoileanna nua dá leithéid.”

Dúirt Julian de Spáinn, ard rúnaí Chonradh na Gaeilge nach nglacann sé leis an argóint sin.

“Ní ghlacann muid leis seo agus síleann muid go léiríonn sé easpa uaillmhian na Roinne agus easpa cothrom na féinne don Ghaeloideachas trí chéile. Níl dóthain Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí sa tír mar gheall ar fhaillí an Stáit ón uair a bunaíodh an Stáit le pleanáil i gceart agus go cuimsitheach.

“Inár dtuairim, is gá don Stáit infheistiú anois agus is gá dóibh freastal ar éileamh an phobail d’oideachas trí mheán na Gaeilge.”

Má tá fadhbanna acmhainní le sonrú in earnáil bhun agus mheán oideachas na Gaeilge, is géarchéim atá san earnáil luathoideachais.

Tuairiscíodh anseo cheana go bhfuil an baol ann go mbeidh deireadh le Naíonraí Gaeilge taobh istigh de chúig bliana i ngeall, ní ar easpa éilimh, ach ar éigeandáil uileghabhálach san earnáil sin.

Tá gá mar sin le polasaí comhtháite. Is léir le fada go bhfuil polasaí le bunús eolaíochta ag teastáil a mbeadh fás agus forbairt agus leathnú thumoideachas Gaeilge de réir spriocanna ama mar phríomhchuspóir aige.

Táthar ag súil go soiléireofar fís agus uaillmhian an Stáit maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge. Tá suirbhé curtha ar fáil ar líne mar chuid den chomhairliúchán poiblí agus tá súil ag na heagrais Ghaeilge go nglacfaidh an pobal mór - gach duine a bhfuil dea-mhéin acu don teanga - leis an gcuireadh a gcuid tuairimí a chur in iúl.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra gur gá éileamh a dhéanamh ar an Roinn Oideachais an deis a thabhairt “do gach dalta sa tír” oideachas trí mheán na Gaeilge a roghnú gar don áit ina bhfuil siad ina gcónaí.

Agus é ag caint faoi na rialacha a bhaineann le scoileanna nua a bhunú, dúirt Ó hEaghra gur “gá don Roinn plean a bheith acu scoileanna a bhunú”.

“Is gá dóibh ceannasaíocht a léiriú anseo,” a dúirt sé.

“Is féidir pleanáil straitéiseach a dhéanamh chun bunscoileanna breise lán-Ghaeilge a bhunú i gceantair ionas go mbeadh \[soláthar leanúnach\] daltaí ag freastal ar mheánscoil neamhspleách lán-Ghaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach Ghaeloideachais gur gá “bonn láidir” a chur faoi na Naíonraí chun go mbeadh siad ina “mbunchloch” ag an luath-thumoideachas.

Moltar freisin gur cheart tabhairt faoi cheist chonspóideach na nAonad.

Dúirt Ní Ghréacháin go bhfuil gá le sainmhíniú ar na hAonaid reatha ach nár cheart go mbeidís mar chuid de thairiscint ar sholáthar nua sa todhchaí.

De réir tuarascáil an Roinn Oideachais, tá na ranganna is mó sa tír sna gaelscoileanna le beagnach duine as gach ceathrar dalta (24 faoin gcéad) i ranganna le 30 dalta nó níos mó.

Is fiú é sin a chur i gcomparáid le 13.8 faoin gcéad i scoileanna Béarla, agus 10.9 faoin gcéad i mbunscoileanna Gaeltachta. Is léiriú é ar an éileamh ar ghaeloideachas agus ar theirce an tsoláthair.

Dúirt Ní Ghréacháin go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí liúntas ar fáil do mhúinteoirí naíonra agus scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta “mar chomhartha aitheantais don obair mhór bhreise atá ar bun acu ar son na scoileanna agus an chóras oideachais”. Rud é seo dar léi a chabhródh le ceist an tsoláthair.

Tá gá “práinneach” dar le Julian de Spáinn le straitéis sholáthar múinteoirí a fhorbairt chun líon na múinteoirí le líofacht sásúil a chur ar fáil ionas gur féidir réimse fhairsing ábhar scoile a chur ar fáil do na daltaí.

Is féidir an ceistneoir a líonadh ag an seoladh seo roimh 16 Eanáir: dessurveys.education.gov.ie/surveys/polg


Féiríní na Nollag

An bhfuil gnó agat a fheidhmíonn agus a dhíolann earraí/seirbhísí trí Ghaeilge? Má tá, agus más mian leat go luafaí é in Tuarascáil, seol eolas le grianghraf más féidir chuig tuarascail@irishtimes.com roimh an 24 Samhain. Luaigh ‘Féiríní na Nollag’ leis an ríomhphost.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.