Anna Ní Ghallachair ainmnithe ina cathaoirleach ar Bhord TG4

Tagann Ní Ghallachair i gcomharbacht ar Shiún Ní Raghallaigh a ceapadh ina cathaoirleach ar Bhord RTÉ

Tá Anna Ní Ghallachair ainmnithe ag an Rialtas mar chathaoirleach ar Bhord TG4.

De réir preasráitis a eisíodh inniu, fógraíodh go bhfuair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, cead an Rialtais chun cathaoirligh nua a cheapadh ar Bhoird RTÉ agus TG4.

Tagann Ní Ghallachair i gcomharbacht ar Shiún Ní Raghallaigh a ceapadh ina cathaoirleach ar Bhord RTÉ. Rinne an Rialtas roinnt ceapachán eile ar bhord TG4 freisin. Fógraíodh triúr comhalta nua - ceapadh Róisín Ní Ráighne, Aedín O’Leary, agus Seán Ó Cuirreáin ar feadh téarmaí oifige ceithre bliana agus athcheapadh Siobhán Ní Ghadhra, Darach Ó Tuairsig agus Mairéad Ní Nuadháin ar feadh téarmaí trí bliana.

Dúirt an tAire Martin: “Tá ról lárnach i gcónaí ag TG4, ní hamháin in earnáil ár meán cumarsáide, ach freisin mar chuid de straitéis leanúnach an Rialtais chun úsáid na Gaeilge a mhéadú inár saol laethúil.

READ MORE

“Is í fís TG4 freastal níos fearr a dhéanamh ar ár bpobail Ghaeilge, lucht féachana níos óige a mhealladh, agus tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí cruthaitheacha áitiúla agus réigiúnacha chun ábhar ar ardchaighdeán a sholáthar.

Dúirt sí go gcuirfidh ceapachán an lae inniu “go mór” leis an mBord agus é “ag leanúint leis an misean agus leis an bhfís seo a sheachadadh.”

Ag fáiltiú roimh na ceapacháin dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4¸ “Táim ag súil go mór le bheith ag obair leis an mbord nua. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do Bhord TG4 a bhí ag feidhmiú le 10 mbliana anuas faoi stiúradh stuama Shiúin Ní Raghallaigh.

“Ba mhaith liom freisin buíochas a ghlacadh leis an Aire Catherine Martin agus leis an Rialtas seo as an tacaíocht a léiríonn siad do TG4.

Dúirt Esslemont freisin go bhfuil “athrú mór meoin ag teastáil” sa Stát maidir le mar a chaitear leis na meáin Ghaeilge.

“Tá coimisiún faoi na meáin Ghaeilge le bunú ag an BAI in 2023 agus beidh ról lárnach ag Bord nua TG4 faoin gCathaoirleach nua, Anna Ní Ghallachair, iarraidh ar an Rialtas meáin na Gaeilge a chur ar chomhchéim le mionteangacha rathúla na hEorpa mar an Bhreatnais agus an Bhascais,” a dúirt sé.

Is as Árainn Mhór i nDún na nGall do Ní Ghallachair. Chaith sí deich mbliana ina léachtóir le Fraincis, Gearmáinis agus Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus breis agus 20 bliain ina stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad. Bhí sí ag obair san ollscoil mar stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil agus mar cheann ar Scoil an Léinn Cheiltigh go dtí go ndeachaigh sí ar scor anuraidh. Ceapadh í dá dara téarma mar chathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta in 2018 do théarma cúig bliana agus tiocfaidh an ról sin chun deiridh ar an 15 Eanáir 2023.

Tá Bord Theilifís na Gaeilge comhdhéanta de chathaoirleach agus 11 bhall, an tArd-Stiúrthóir san áireamh i gcáil ex-officio chomh maith le ball atá ionadaíoch ar an bhfoireann.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.