Apifrad agus eile

Thóg se tamall a fhionnadh cad ba bhrí leis an GOAT a bhí á lua leis

Nuair a bhí corn an domhain ar siúl sa Chatar roimh Nollaig b’ait liom daoine ag tabhairt ‘gabhar’ ar Lionel Messi. B’fhada ó ghabhar é, dar liom, lena chuid scileanna síodúla, a radharc iltaobhach, agus a choiscéim lúfar míorúilteach. Thóg se tamall a fhionnadh cad ba bhrí leis an GOAT a bhí á lua leis. Shleamhnaigh sé isteach im aigne shaonta gur ‘greatest of all time’ ba bhrí leis, nó APIFRAD, ‘an peileadóir is fearr riamh ar domhan’ sa Ghaeilge.

Ansin, nuair a fuair Edson Arantes do Nascimento, nó Pelé mar is fearr aithne air, bás ar thairseach na hathbhliana, músclaíodh an cheist arís i measc aicme an allagair, agus cuid acu ag maíomh teideal an pheileadóra ab fhearr ar siúd. Ar a shála sin, níorbh fhada go raibh lucht páirte Maradona ar an bhfód go mear ag éileamh an stádais chéanna go hard is go glórach.

Dhéanfadh an plé seo cabaireacht iontach oíche smúidghealaí agus gan puinn eile le déanamh agat. Ach an oiread le ceist thábhachtach dhaonna ar bith a bhaineann leis na healaíona táimid de cheal slata tomhais a bhfuil brí agus dealramh leo. Tá an miosúr lúbtha agus an rialóir cam.

D’fhéadfaí cás an-láidir ar son Pelé na peile a dhéanamh toisc a liacht báire a shá, a shuncáil, a shleamhnaigh is a chloigeannaigh sé isteach in oiread sin eangacha. Níos mó ná aon duine eile. Ina choinne sin thall is i léig na Brasaíle, agus níos déanaí i léig geamaireachta na Stát Aontaithe a dhein sé a chuid gaiscí, comórtais nach raibh in aon ghaobhar ar aon ghéarchoimhlint le coire léigeanna móra na hEorpa. Tá dealraitheach le hiománaithe Chill Chainnigh ag bualadh gach saghas bualtraí as an uile fhreasúra i gcúige Laighean le scóranna móra chomh hard leis an ngealach ar an ábhar nach bhfuil aon mhaith sna caillteoga ina gcoinne.

READ MORE

Is fíor gur bhuaigh sé trí bhonn Chorn an Domhain chomh maith, ach níor imir ach aon chluiche amháin sa dara comórtas díobh sin, agus níor chloígh siad ach an tSualainn sa chéad cheann díobh, dream nár dhein aon éacht ó aimsir na Lochlannach.

Is dócha gur ceist bhaoth ar deireadh atá ann. D’imir Messi agus Maradona san dá léig náisiúnta ba dhéine lena linn, agus b’fhurasta a áiteamh gur bhaineadar cluichí nach mór ina n-aonar.

Nuair a bhíonn buachaillí óga ag imirt leo i gclós na scoile, nó ar an tsráid nuair a cheadaítí sin, ní foláir dóibh foirne a roghnú as a bhfuil de shéaclaí os a gcomhair. Beidh cuimhne mhaith ag cuid againn ag guí chun na ndéithe nach mbeimis ar an duine deireanach a phiocfaí. Bíodh sin mar atá agus tuairim na ngeallghlacadóirí gur idir Pelé, Maradona agus Messi atá an chraobh, dá mbeadh rogha le déanamh agat féin agus tú id chaptaen ar bhaicle chúinne chlós na scoile, cé acu díobh a ghairmfeá chugat féin?

Is de shuimiúlacht gur ó Mheiriceá Theas lán an triúir sin, áit a mbíonn méireanta na gcos ag princeam agus ag damhsa ar nós na gréine ar shruthán ceolmhar maidin shamhraidh murab ionann agus go leor de pheileadóirí tromspágacha troighthuisleacha mórmhásacha na hEorpa.

Liosta teoranta, gan amhras. D’fhéadfaí Alfredo di Stefano, nó Garrincha, nó David Clifford, nó Diego Forlán a chur leis sin. Tá lán cheart an Clúmhánach a chur leo, mar duine é a bhaineann cluichí as féin, teist mhór ar son an teidil ‘apifrad’. Níor lig an Bhrasaíl do Phelé imeacht as an tír d’fhonn imeartha san Eoraip, agus níl aon bhaol go gceadófar do Clifford dul chun na hAstráile. Mar sin féin, nach binn an smaoineamh é? An bhfuil aon tseans faoi Chorrán Tuathail go gcuirfeadh daoine ina cheann é? Dhéanfadh sé an-mhaitheas dó, dáiríre.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar