‘Ná cuir teir is ná seachain seanghnás’

Níor thearc iad na bealaí ina bhféadfaí tabhairt faoin tinneas, faoin mbreoiteacht nó faoin bpian a leigheas...

FOCLÓIR: Oidis leighis – medical remedies; íbhil reatha – running sores; criogair – grasshoppers, drúchtíní – white slugs; priompalláin – beetles; Dréimire Mhuire – centaury; fíoruisce – spring water; céadlongadh – morning fast; teir – omen/taboo; seanghnás – old custom; súil ciorrbhuighthe (súil chiorraithe) - evil eye.

Murab ionann agus amhránaíocht, ceol, filíocht agus scéalaíocht, ar cuid den bhéaloideas iad, is beag trácht a dhéantar ar oidis nó ar phiseoga leighis nó ar na bealaí inar chleacht na daoine na gnásanna sin am atá thart.

Sin a dúirt Pádraig Ó Siochfhradha, nó ‘An Seabhac’ mar ab fhearr aithne air, in alt a scríobh sé san iris Béaloideas in 1939.

San alt, dar teideal ‘Sean-Oideasaí Leighis ó Láimh-scríbhne Ghaedhilge’*, rinne sé cur síos ar bhreis agus 60 oideas leighis agus piseoga a thóg sé ó lámhscríbhinní Gaeilge.

READ MORE

Ábhar inspéise iad na hoidis seo, ní hamháin ó thaobh an bhéaloidis de, ach mar eolas ar ghnásanna agus ar mhodhanna leighis a bhíodh á gcleachtadh san am atá thart.

In éagmais seirbhísí leighis, bhítí ag brath go minic ar chomhairle, ar oidis, agus ar phiseoga na ndaoine. Fiú dá mbeadh dochtúirí ar fáil, níorbh acmhainn d’fhormhór na ndaoine díol as a gcuid seirbhísí.

I measc na n-oideas a luaigh an Seabhac san alt tá oideas ar thinneas croí; tá ceann ar thinneas fiacaile chomh maith le hoidis ar thinnis iomadúla eile: tá oideas a bhaineann le súil thinn, le mola maol, fuil sróine, íbhil reatha agus faithní. Tá tinneas tromchúiseach luaite ina measc freisin (ailse) agus tá oideas ann mar chabhair do mhná a chaill leanbh.

Cé go raibh cuid mhaith dar scríobhadh síos san anallód dearmadta faoina ré féin (níor bhain sé úsáid as aon lámhscríbhinn a scríobhadh níos faide siar ná 1794) luaigh an Seabhac gnásanna agus nósanna nach raibh imithe go hiomlán ó chuimhne na ndaoine.

“Is cuimhin le cuid againn, le linn ár n-óige, mná aosta agus fir a bhí eolach ar na buanna chun leighis ... agus a dheineadh úsáid díobh,” a scríobh sé.

Agus, níor thearc iad na bealaí ina bhféadfaí tabhairt faoin tinneas, faoin mbreoiteacht nó faoin bpian a leigheas ach an oiread.

“Tá cuimhne mhí-thaitneamhach fós b’fhéidir ag cuid againn ar dheochanna searbha de shughlacha luibhe a chuirtí d’ár n-aimhdheoin orainn le linn ár n-óige,” a scríobh sé.

Bhí eolas ag na daoine ar luibheanna, lusanna agus ábhar eile fáis in éineacht le piseoga agus nósanna eile traidisiúnta a raibh mioneolas ar an timpeallacht agus ar an nádúr ina gcuid lárnach díobh. Is léiriú freisin iad na hoidis ar na hathruithe a tharla ó aimsir an tSeabhaic i leith agus ar an méid eolais faoin dúlra agus faoin timpeallacht atá ligthe i ndearmad.

“Agus is beag duine againn a rugadh fán dtuath nach eol dó cuid mhór de na hoidis agus de na piseoga a bhí ann i dtaobh luibheanna agus fás áirithe,” a scríobh sé.

Ina measc sin luaigh sé lus na pingine, tréanluibh agus prátaí luchargán. Bhí eolas freisin ar mhionfheithidí, éanlaithe agus ainmhithe agus “nithe éagsúla eile” ar nós seilidí, drúchtíní, criogair, priompalláin, spideoga, dreoilíní, earca luachra, cait dhubha agus ba bána.

Luaigh sé “srutha agus claíocha teorann, mac an ghabha, fuil Bhreathnaigh, lúb na péiste.....poc sídhe, an tsúil chiorrbhuighthe, tine lae Bealtaine...agus nithe eile thar áireamh go mbíodh geasa nó coinníollacha diamhra eile ag gabháil leo.”

I measc an 63 oideas leighis a luaitear tá cur síos aige ar bhealaí chun aire a thabhairt do mhéar thinn, an coilic, tinneas coirp, píle, greim madra oilc, tinneas cinn, fiabhras agus an tinneas croí. Ní hamháin sin ach tá bealach luaite chun daoine a chur ag rince “Chuim daoine chuir a rinnce” agus tá treoir ann ar thrédhearcacht - “Chuim ná feicfidh aonduine tú.”

Anois b’fhéidir go raibh draíocht agus geis ag baint le cuid acu sin ach mar a d’admhaigh an Seabhac san alt, ní gá go dtiocfadh na nithe a luaigh sé leis an eolaíocht nó le teoiricí nua-aimseartha leighis an lae!

Tá athrú tagtha ar an saol ó aimsir an tSeabhaic dar ndóigh agus ní dócha go n-aithneodh an gnáthdhuine mórán de na luibheanna, na piseoga, nó fiú amháin na feithidí atá luaite aige. É sin ráite, níl sé chomh fada sin ó bhain gach poitigéir sa tír úsáid as tuairgnín agus moirtéar chun comhábhair leighis a mheascadh. Ní údar iontais é go raibh na modhanna ullmhúcháin céanna ag na daoine maidir le cógais leighis ach gur bhaineadar úsáid as a raibh ar fáil sa timpeallacht. Spléachadh ar shaibhreas agus ilghnéitheacht an traidisiúin béil agus ar an ngaol idir cleachtais teanga, saol na ndaoine agus an timpeallacht atá sna hoidis seo. Cé nach n-aithnítear é go minic i saol an Bhéarla is gnéithe iad sin atá nasctha go dlúth le chéile sa ghéarchéim éiceolaíochta in Éirinn.

‘Ná cuir teir is ná seachain seanghnás’, a deir an seanfhocal. B’fhéidir gur fíor é sin, ach cé go bhfuil go leor den eolas sin caillte anois is fiú cuimhneamh ar na hoidis leighis, na piseoga agus na geasa diamhra atá caomhnaithe sna lámhscríbhinní agus in alt an tSeabhaic mar chuid luachmhar de stair, de shaoithiúlacht agus de ghnáthaimh an phobail.

“Tá eolaíocht i staidéar an ní sin féin. Deinimis staidéar ar an téacs seo fán dtuairim sin,” a scríobh sé go críonna san alt. Is cinnte gur thuig an Seabhac a luach.

I measc na n-oideas a luaitear san alt tá bealaí chun tabhairt faoi na tinnis seo a leanas:

Tinneas cinn agus cluaise: Sú eidhneáin a chur sa chluas nó sú lusa a chur sa leathshrón ar shia ón gcluais tinn;

An bhréananáil: Eachsheamair a fháil agus a bhruith ar fhíon;

Guth maith do dhéanamh agat: Dréimire Mhuire agus suaith a dhéanamh de nó é a bhruith ar phionta fíoruisce, é a ól go ceann cheithre mhaidin ar céadlongadh agus gealltar go mbeidh “guth maith binn suairc” ag duine dá réir.

An tinneas croí: Naoi n-ingne gairleoige a fháil agus trí chuid do dhéanamh díobh. Trí ingne a chuir i mblúire ime agus a ithe ar feadh naoi maidin.

Bhí Dubhghlas de hÍde, nó ‘An Craoibhín Aoibhinn’ mar ba nós leis a thabhairt air féin agus é i mbun pinn, ar dhuine de na daoine ba luaithe a thuig an luach a bhain leis an mbéaloideas agus bhí dlúthbhaint idir é agus An Cumann le Béaloideas Éireann a bunaíodh in 1927. Tá “Béaloideas” fós á fhoilsiú ag Cumann le Béaloideas Éireann. Sonraí ar fáil ag bealoideas.ie. Tá réimse ábhar eile ar fáil ag duchas.ie agus ag digital.ucd.ie.

* Scríobh An Seabhac a alt i litriú réamhchaighdeánach agus tá méid áirithe caighdeánú déanta anseo ar ar scríobh sé. Ar ndóigh, ní mholann The Irish Times d’éinne na seanoidis a luaitear anseo a úsáid sa bhaile nó in áit ar bith eile!


Féile Nasc ar ais arís!

Beidh Féile Nasc ar siúl arís i mbliana. Is i bPáirc Mharlaí i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a reáchtálfar an fhéile ar an 21 Bealtaine. Beidh réimse leathan ceoltóirí ann agus ina measc beidh Jiggy, Ronán Ó Snodaigh agus Myles O’Reilly, The Len Collective, David Munnelly & Shane McGowan.

Féile ceoil traidisiúnta agus ceoil na ndaoine a thugtar ar Féile Nasc agus tabharfar ardán arís i mbliana do cheoltóirí óga ildánacha an cheantair.

Beidh clár d’imeachtaí do pháistí ar siúl i gcaitheamh an lae freisin.

Breis eolais: bit.ly/FeileNasc2023

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.