Éachtaint ar an gcaoi ar bhain Éire aitheantas amach ar an stáitse domhanda

Cuirtear agallamh ar ochtar iar-ambasadóir sa tsraith raidió An Stát Úr Nua

Dhá chéad fiche cúig bliain ó shin an samhradh seo, tharla Éirí Amach 1798 in Éirinn. Ach ní haon chomóradh mór de chuid an stáit seo a chuir seo i gcuimhne dom, ach Ambasáid na Fraince in Éirinn, a bhfuil comóradh L’année des Français, nó Bliain na bhFrancach mar chuid dá clár oibre do 2023.

Nuair a chuir Napóilean an Ginearál Humbert agus 1,000 saighdiúir go hÉirinn i Lúnasa 1798, bhí sé ag cabhrú leo siúd a bhí ag iarraidh riail na Breataine in Éirinn a bhriseadh.

Bhíodh imní i gcónaí ar rialtas na Breataine go dtiocfadh namhaid Eorpach mar sin aniar aduaidh orthu trí Éirinn agus b’fhéidir nach bhfuil an imní sin curtha go hiomlán as a n-aigne acu.

Deir an t-iar-ambasadóir Seán Ó hUiginn ar chlár raidió den tsraith, An Stát Úr Nua a chraolfar ar RnaG ar an 19ú Márta, go bhfuil daoine cumhachtacha i Londain go fóill ar mian leo an Breatimeacht a úsáid, ní lena riail i dTuaisceart Éireann a dhaingniú, ach le Baile Átha Cliath a thabhairt ar ais arís faoi riail Londan.

READ MORE

Cuirtear agallamh freisin sa tsraith ar na hiar-ambasadóirí Donall Hamill, Noel Dorr, Paula Ní Shlataire, Noel Fahey, Máirtín Ó Fainín, Gearóid Ó Cléirigh agus Antóin Mac Unfraidh.

Tugtar éachtaint ar leith ar an gcaoi ar bhain Éire aitheantas amach ar an stáitse domhanda.

I measc ábhair eile pléitear neodrachas, an diaspóra, ár mballraíocht i gclub na hEorpa [an AE] agus ár ról ar Chomhairle Slándála [na Náisiúin Aontaithe]. Dírítear i ngach clár ar théama ar leith agus pléann painéal saineolaithe a bhfuil le foghlaim ónár dtaithí le céad bliain anuas.

Is sa chlár deireanach a mhaíonn Ó hUiginn go gcreideann sé go bhfuil an fonn Éire a mhealladh amach as an Aontas Eorpach agus a thabhairt ar ais faoi scáth Londan, fite fuaite i gceist neamhspleáchais na hAlban.

“Thabharfadh [filleadh na hÉireann ar an Ríocht Aontaithe] le fios dos na hAlbanaigh: ‘Féach ar Éirinn, rinne siad iarracht éalú agus níor éirigh leo’. Níl mé ag rá go bhfuil sin ag tarlú, ach bheadh sé tábhachtach freisin go mbeadh rialtas na tíre seo san airdeall,” a dúirt sé sa chlár.

Lena cheart a thabhairt don Uasal Ó hUiginn, ba é Boris Johnson a bhí ina phríomh-aire nuair a dúirt sé an méid sin, agus ní beag uisce atá imithe le sruth ó shin. Ach b’amaideach gan aird a thabhairt ar bhreithiúnas fir a bhí i gceannas ar Rannóg Angla-Éireannach na Roinne Gnóthaí Eachtracha, 1991-97.

Más ábhar imní é tuar Uí Uiginn, ní dóigh go mbeadh Éire gan chairde dá mbeadh brú mar sin orainn.

Agus mé i mbun taighde anuraidh, labhair mé lena shoilse Vincent Guérand, Ambasadóir na Fraince in Éirinn. Tháinig méadú fiche bliain ó shin, dar leis, ar spéis a thíre in Éirinn. Méadaíodh ar an spéis sin ó tharla an Breatimeacht.

Nuair a gearradh siar líon foirne le blianta beaga anuas, in ambasáidí na Fraince i dtíortha eile na cruinne, níor tharla a leithéid in Éirinn. Mar aon le hambasadóir i mBaile Átha Cliath, tá ceathrar consal oinigh ag an Fhrainc in Éirinn, duine i gCorcaigh, i nGaillimh, i Luimneach agus an duine is déanaí ceaptha i Loch Garman, áit ina dtagann formhór turasóirí Francacha go hÉirinn i dtír.

Léiriú ar an spéis bhreise seo ag an Fhrainc in Éirinn, is ea an Plean Comhpháirteach Gníomhaíochta 2021-2025 a síníodh idir an dá thír in 2021.

Socraíodh ar raon tionscnamh nua sa phlean “lena léirítear tosaíochtaí comhroinnte na hÉireann agus na Fraince mar atá: tacú leis an inbhuanaitheacht, ceangal trádála a mhéadú, an geilleagar digiteach a chothú, naisc oideachais agus taighde a neartú, an Fhraincis a chur chun cinn agus oidhreacht chultúrtha a chothú.”

Deir an t-ambasadóir go bhfuil súil aige freisin go bhfeicfear níos mó siopaí a mbeidh branda Francach ar nós “Decathlon” acu ag oscailt ar shráideanna na hÉireann amach anseo.

Bhí de thoradh ar fheachtas Napóilean sa naoú haois déag gur thug sé, ar deireadh, ar fhormhór thíortha na hEorpa cur le chéile ina choinne.

B’fhéidir sa chaoi chéanna gur thapaigh ionsaí Vladimir Putin ar an Úcráin comhréiteach Chreat Windsor idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach. Ach an mairfidh sé?

De réir an chomhréitigh nua, leanfaidh Tuaisceart Éireann de bheith ag feidhmiú faoi rialacháin reatha an Mhargaidh Aonair, ach roinnfear feasta na hearraí ón Bhreatain a thagann i dtír i mBéal Feirste nó i Latharna in dhá shruth - na hearraí atá le fanacht i dTuaisceart Éireann ag dul trí lána glas agus na hearraí atá ag dul thar teorainn ó dheas i lána dearg.

Toisc gur beag an difríocht faoi láthair idir córas rialacháin na Breataine agus an Aontais Eorpaigh, glacadh leis, ar mhaithe leis an Margadh Aonair a chosaint, gur leor go scrúdófaí na hearraí a bhí ag dul tríd an lána dearg.

Ach is chun go bhféadfadh an Bhreatain scaradh ó chóras rialacháin an Aontais Eorpaigh a thacaigh go leor daoine leis an Bhreatimeacht.

Fiú mura mbaintear leas riamh as Coscán Stormont, éireoidh córas an lána ghlais thar a bheith casta, má mhéadaíonn an deighilt idir córas rialacháin an dá mhórchumhacht.

Fad is a bheidh Joe Biden nó a leithéid sa Teach Bán, creidtear go mbeidh cur chuige na Breataine i leith na tíre seo an-chúramach.

Ach amach anseo, dá mbeartódh príomh-aire éigin de chuid na Breataine gur chun a leasa é Éire a úsáid mar chúldoras le hionsaí eacnamaíochta a dhéanamh ar an Aontas Eorpach, ní bheadh le déanamh aige nó aici ach neamhaird iomlán a dhéanamh den socrú a chosnaíonn teorainn an Mhargaidh Aonair in Éirinn.

De réir Ronan Mac Crea, Ollamh le Dlí Bunreachta agus Dlí Eorpach in Ollscoil Londan, a phléigh an cheist seo i gclár eile sa tsraith An Stát Úr Nua, dá mba rud é gur tharla seo, ní bheadh rogha ag an stát seo ach teorainn láidir a chur idir Tuaisceart Éireann agus Éire.

Ach an mbeadh muinín ag rialtas na Fraince go ndéanfaí a leithéid de theorainn a chur i bhfeidhm go héifeachtach, go háirithe dá mba rud é gur taoiseach a bhain le páirtí a fheidhmíonn ar dhá thaobh na teorann a bhí in oifig ag an am?

Mar a deir an tUasal Ó hUiginn “amach anseo dá mbeadh deacrachtaí [maidir le] sicíní clóiríneacha agus mar sin de ag teacht isteach sa Chómhargadh trasna na teorann againne, d’fhéadfá a shamhlú go mbeadh brú ar an Chómhargadh teorainn níos [daingne] a chur idir muidne agus baill eile an Aontais agus ar ndóigh b’fhéidir gurbh é sin an bhrionglóid atá ag lucht straitéise na Breataine, go dtabharfar Éire ar ais faoi thionchar lárnach [Londan].”

Fiú mura dtarlaíonn an tromluí a thuar an tUasal Ó hUiginn, de thairbhe an Bhreatimeachta, tá an baol ann go mbeidh Éire ina ceithearnach i gcluiche fichille geopholaitíochta idir cumhachtaí móra na hEorpa.

Agus is baolach nach dtiocfaidh aon athrú air seo, an fad atá cuid den oileán faoi dhlisteanacht tíre atá lasmuigh den Aontas Eorpach, fíric nach bhfuil an chomharsa is gaire dúinn san eagraíocht chéanna dall uirthi.

* Is iad Scun Scan Productions a léirigh an tsraith seo, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Dónall Ó Maolfabhail láithreoir agus léiritheoir na sraithe. Craolfar an clár deireanach ar an 19ú Márta ag a seacht a chlog, agus is féidir éisteacht siar leis an tsraith uile ag rte.ie/radio/rnag/an-stat-ur-nua/