Leasuithe leasmhara agus leamha

Tír talmhaíochta ba ea Éire sa chéad leath den aois seo caite, agus go rábach.

Tá nithe iontacha den scoth sa bhunreacht seo againne, Bunreacht 1937. Tá's agam go bhfuilimir ar ár mine ghéire ag iarraidh é a chaitheamh faoi thóin cártaí blogh ar bhlogh, mír ar mhír, giota ar ghiota. Is fíor nach bhfuil in aon ní ach sealad, go dtagann gach maith le cairde agus gurb iad na muca ciúine a itheann an triosc, má tá fonn nathadóireachta ort.

Ceann de na forálacha a chaith an aimsir, áfach, is ea Airteagal 41.2.2.

Is mó is cúis ionaidh le daoine gur mhair sí chomh fada seo. Ar eagla an mhearbhaill, sin an ceann a cheanglaíonn an bhean leis an gcistin, nó ar a laghad ar bith le hia an tí. Is beag duine a léigh go ceart é, áfach, ach nach cuma sin? Ach an oiread le Dev agus a scaoth de mhaighdeana ag princeam ag an gcrosbhóthar níl go hiomlán mar a tuairisc. Níl le déanamh, le fírinne, ach é a léamh.

Is ea, tá seanaimseartha, seanchaite, fágann blas drochphráta agus cabáiste lofa id bhéal agus ní thógfá ar dhuine dul amach agus an cat a thachtadh le sreangáin an aprúin tar éis duit é a léamh. Ach ní chuireann sé iachall ar bhean ar bith fanacht sa bhaile mar ghiolla tí agus clúidíní, ach an oiread is a chuireann sé iachall ar fhear ar bith a bheith ina sclábhaí allais do bhoss éigin ar phinginí gearra.

READ MORE

Bhain sé le ham is le haimsir rud nach dtuigtear go soiléir anois. Nuair a thosnaigh mná ag éirí amach i gcoinne a gcuid tráilleachta sna tíortha tionsclaíochta um dheireadh an 19ú haois bhí mar aidhm phríomha acu go mbeadh cead acu fanacht sa bhaile seachas a bheith ina sclábhaithe ag caipitlíoch ramhar fir éigin a dhein dúshaothrú gránna orthu mar dhaoir ar son a chuid saibhris féin.

I Sasana féin (agus bímis macánta, chomh cinnte is a leanann Fianna Fáil Fine Gael leantar faisin Shasana abhus anseo gan náire) nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh mór barbartha (an chéad cheann) agus nuair a d’fhill na fir nach raibh ar leathchois, leathláimh, leathshúil nó leathmheabhair ar na monarchana, b’iad na mná singilte aonair a d’éiligh go láidir go gcuirfí na mná pósta as obair toisc go raibh sás a gcosnaithe acu cheana. Tá's againn cad a tharla anseo dá dheasca sin, cé go raibh a amhlachas céanna de dhlí nó de nósimeacht go forleathan ar fud iarthar na hEorpa. Nuair a bhris an cogadh mór barbartha amach (an dara ceann) b’éigean do na mná filleadh ar na monarchana d’fhonn buamaí a dhéanamh agus airm tine a sholáthar don ár.

Tír thalmhaíochta ba ea Éire sa chéad leath den aois seo caite, agus go rábach. Bhí Peig ag obair sa bhaile ag scamhadh prátaí is ag faire na gcearc, fad is a bhí Tomás amuigh ar an móinteán ag rómhar le sleán. D’ití pé béile a bhí acu i lár an lae. B’in mar a bhí, níl gar ná gur ná gor dá shéanadh. Cimí na linne a mairimid ann is ea sinn go léir.

Aidhm uasal a bhí le hAlt 41.2.2 i dtosach. Níor cheart do bhean a bheith ina tráill mhonarchan, pé ní mar gheall uirthi laistigh den teach féin. Níor tástáladh an fhoráil go dian riamh ag bean bhocht a raibh ocras uirthi agus ar pháistí a teaghlaigh ag éileamh go ndéanfadh an stát cúram di agus díobh mar cheart bunreachta.

Cad a bheadh bunoscionn le leasuithe bunreachta a dheimhneodh beatha shaolta shlán do chách, dídean bhuan cónaithe don uile dhuine, cosc ar nascadh le comhghuaillíochtaí míleata impiriúla go brách, is go gcuirfí iad go léir i bhfeidhm gan amhras anonn. Aon seans?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar