Gaelscolaíocht: Gluaiseacht a spreag mórtas teanga le caoga bliain anuas

Tá na céadta míle páiste imithe tríd an earnáil nach bhfuil nimh san fheoil acu don teanga.

Foclóir: Comhdháil – convention/congress; ag titim – falling; bunscoil – primary school; mórtas – pride; comhdhéanamh – composition; saoránaigh ísealchéime - second class citizens; nimh san fheoil – deep hatred.

Cothrom an ama seo leathchéad bliain ó shin bunaíodh an eagraíocht Gaeloideachas, nó Comhchoiste Náisiúnta na Scoileanna Lán-Ghaeilge mar a tugadh air nuair a tháinig sé ar an bhfód i gColáiste Mhuire, Baile Átha Cliath, ar an 4 Aibreán 1973.

Chónascaigh an eagraíocht le Comhdháil na Scoileanna Gaelacha, a bunaíodh i nGaillimh, in 1974 agus tugadh Gaelscoileanna mar ainm air in 1976. In 2011, athraíodh ainm na heagraíochta go Gaeloideachas.

Faoi 1971, ní raibh ach 14,053 de pháistí bunscoile an stáit, nó 3 faoin gcéad de dhaltaí scoile iomlán an stáit, ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di agus an figiúr sin ag titim de shíor.

READ MORE

Bhí bunú Scoil Neasáin, i mBaile Hearman, Baile Átha Cliath, in 1969 ar cheann de na buillí ba luaithe a bualadh in éadan an chúlaithe úid. Bunaíodh tuilleadh gaelscoileanna ón mbun aníos i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i dTrá Lí agus i mBré le linn na seachtóidí.

Bhí ról nach beag ag na naíonraí i ndúshraith a leagan síos d’fhás na ngaelscoileanna. I gcásanna áirithe d’éirigh na gaelscoileanna as na naíonraí go díreach, ach i gcásanna eile bunaíodh naíonraí chun tacú le buanú na ngaelscoileanna.

In achar cúpla bliain idir 1969 agus 1971 reáchtáladh siúlóid ó Scoil Dhún Chaoin, a bhí i mbaol dúnta de bharr polasaí rialtais, go dtí Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath, shuigh leathchéad tuismitheoir síos os comhair bus i Rann na Feirste chun soláthar oideachais lán-Ghaeilge a fháil dá bpáistí, d’oscail na Feirstigh scoil gan chead, agus eagraíodh léirsithe, mórshiúlta, cruinnithe poiblí agus scoileanna scairte agóide i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh ar son na gaelscolaíochta.

Tharraing cás Scoil an tSeachtar Laoch i mBaile Munna, ach go háirithe, aird na meán náisiúnta. Bhí cúrsaí aicmeachais ina ndris chosáin ann.

Mar a deir Éilís Uí Langáin, bean tí a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí na scoile: “bhí Scoil an tSeachtar Laoch ar an gcéad scoil i gceantar lucht oibre.

Is cuimhin léi go raibh sí ag déanamh agóide lá amháin “agus chuireas litir isteach sa Roinn Oideachais agus ghlac an fear seo an litir, agus ní dhéanfaidh mé dearmad ariamh ar an rud a dúirt sé liom ‘you can’t speak English in Ballymun, why ye looking for Irish?’”

“Ghearr sin mo chroí... amhail is dá mba shaoránaigh ísealchéime sinn thuas i mBaile Munna”.

B’ionann an cath faoin ngaelscolaíocht, dár le Pádraig Ó Snodaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus é ag scríobh ar Comhar sna hochtóidí, agus “cath cúlgharda” ina raibh “an pobal Gaelach ag léiriú míshástachta leis an gcúlú ó aidhmeanna fógraithe an stáit sa Phoblacht agus in éadan ionraí an stáit sna sé chontae”.

Bhí tuiscint chomónta sa ghluaiseacht ar thábhacht na Gaeilge don tír – tuiscint a thiomnaigh Pádraig Mac Piarais agus lucht athbheochana tús an fichiú haois.

Tháinig borradh ar chúrsaí i gCorcaigh ach go háirithe sna hochtóidí, cé go raibh fadhbanna leanúnacha ann san earnáil i dtaobh cóiríochta, acmhainní agus soláthar ábhair foghlama.

Idir sin agus tús na nóchaidí cuireadh cruth ní ba ghairmiúla ar an eagraíocht nó gur glacadh le Gaelscoileanna mar “páirtí oideachais” ag mórthionól oideachais i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in 1993.

Ba le linn na nóchaidí a d’athraigh comhdhéanamh na gluaiseachta. Go dtí sin daoine deonacha den chuid is mó, fir a bhformhór, a bhí chun cinn ag na comhdhálacha bliantúla. Bhí múinteoirí, agus mná, go mór sa treis ina dhiaidh sin.

Lean fás líonra na ngaelscoileanna ar aghaidh isteach sna nóchaidí beag beann ar an athrú sin. Ach ba léir go raibh an Roinn ag éirí míshuaimhneach faoin bhfás as cuimse.

Bhain castacht ar leith leis an mbliain 1994 nuair a tháinig deich n-iarratas isteach ar ghaelscoileanna san aon bhliain amháin.

Dhiúltaigh an tAire Oideachais ag an am, Niamh Bhreathnach, an Páirtí Lucht Oibre, aitheantas a thabhairt do chuid acu.

Ba é Gaelscoil an Ghoirt Álainn, a tháinig ar an bhfód in 1993, an chéad ghaelscoil ilchreidmheach a bunaíodh sa stát ó dheas.

Bunaíodh an Foras Pátrúnachta chun freastal ar an scoil agus thosaigh gaelscoileanna eile ag teacht faoina phátrúnacht ina dhiaidh sin.

Thiar sna seachtóidí chuir Breandán Ó Buachalla, léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, síos ar throid na gaelscolaíochta mar “cath idir an pobal agus an ‘murder machine’”. Ag tagairt don Roinn Oideachais a bhí sé.

Cé go dtugann an Roinn tacaíocht d’earnáil na gaelscolaíochta ar roinnt bealaí, baineadh amach an méid sin trí fheachtasaíocht láidir a chuaigh in adharca leis an stát nuair ba ghá.

Tá constaicí á gcur os comhair fhás na hearnála ag an Roinn go fóill.

Mar a deir Dónal Ó hAiniféin, a bhí ina uachtarán ar Ghaelscoileanna ó 2002-2005, bhí “eagla an domhain” ar an Roinn mar “go raibh an oiread sin scoileanna á mbunú sna hochtóidí agus nóchaidí”.

Dar leis an Ainiféineach gur ghlac an Roinn “ceannasaíocht” ar an bhfás as cuimse a bhí ag tarlú, ach go háirithe ó na 1990idí ar aghaidh nuair a cuireadh bac ar ghaelscoileanna áirithe oscailt.

Le linn bhlianta na déine is cuimhin le Mícheál Ó Broin, iaruachtarán eile ar Ghaelscoileanna, gur chuir an tAire Oideachais ag an am Batt O’Keefe, Fianna Fáil, “moratorium” i bhfeidhm ar bhunú na ngaelscoileanna, agus gur “cuireadh bac ar fhás na gaelscolaíochta” idir 2009-2012.

“An toradh a bhí air sin”, arsa príomhfheidhmeannach reatha Ghaeloideachais, Bláthnaid Ní Ghréacháin, ná gur athraíodh an córas lena mbunaítear na scoileanna “ó bheith ina chóras ón mbun aníos go córas ón mbarr anuas”.

An fhaillí is mó atá á déanamh i láthair na huaire sa Phoblacht, áfach, ná ag leibhéal na hiar-bhunscoile, áit nach bhfuil fáil ar ghaelcholáiste ag dhá thrian de dhaltaí a fhágann an ghaelscoil tar éis rang 6.

Is léir nach n-éireoidh le plean an rialtais 20 faoin gcéad d’earcaithe státseirbhíse a bheith líofa sa Ghaeilge faoi 2030 in éagmais tuilleadh gaelcholáistí.

Ó thuaidh, mar a áitíonn Caoimhe Ní Chathail, gníomhaire a bhí lárnach i mbunú Ghaelscoil na mBeann i gCill Chaoil, “tá deacracht ... ann fosta mar gheall ar sheicteachas”.

Cé nach bhfuil Stormont ag feidhmiú i láthair na huaire tá greim na n-aontachtaithe ar an Roinn Oideachais le tamall de bhlianta anuas ina chonstaic ollmhór, “mar má tá moladh forbartha istigh anois, níl aire fabhrach [ann] agus tá siad ag diúltú glan plé leis an rud”.

Tá bearna ollmhór idir an soláthar agus an t-éileamh i gcónaí, óir níl ach 8 faoin gcéad de dhaltaí sa stát ó dheas ag freastal ar ghaelscoil nó gaelcholáiste agus, cé go bhfuil fás ann, tá an figiúr níos ísle ná sin ó thuaidh.

Tá soláthar múinteoirí gaelscoile agus gaelcholáiste ina dhúshlán, fadhb atá imithe in olcas de bharr na géarchéime tithíochta.

Bíodh sin mar atá, agus in ainneoin na gconstaicí uilig, rinne gluaiseacht na gaelscolaíochta éacht le 50 bliain anuas.

Sa mhullach air sin, tá na céadta míle páiste ar fud na tíre imithe tríd an earnáil nach bhfuil an nimh san fheoil acu don teanga dá bharr. Athrú suntasach is ea an méid sin ó staid reatha na seascaidí nuair a bhí sciar den phobal ó dheas go hiomlán in aghaidh na teanga.

Tá 188 gaelscoil, 107 bunscoil Ghaeltachta agus 87 iar-bhunscoil (aonaid san áireamh) a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge ar an bhfód anois mórthimpeall na tíre, thuaidh agus theas.

Tá tuiscint ann anois gur féidir an Ghaeilge a chur in iúl i mbealach nua-aimseartha agus go bhfuil oideachas d’ardchaighdeán le fáil trí mheán na Gaeilge.

Níl aon dabht ach go bhfuil bunús cuid mhaith den bhorradh sa ghníomhaíochas Gaeilge sa tuaisceart agus sna healaíona Gaeilge i gcoitinne i láthair na huaire le fáil sa ghaelscolaíocht.

Cothaíonn an ghaelscolaíocht féinmheas náisiúnta agus mórtas teanga agus bristear an ceangal síceolaíochta idir an Ghaeilge agus an t-ísliú céime a tharla de dheasca an choilíneachais.

Táim buíoch as An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus An Chomhairle um Thaighde in Éirinn as an maoiniú a chur ar fáil don tionscadal seo, Stair Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta 1973-2023, a bhaineann leas as an stair béil, taighde cartlanna, agus na daonnachtaí digiteacha chun scéal na gaelscolaíochta le leathchéad bliain anuas a iniúchadh. Déanfar lainseáil ar léarscáil idirghníomhach agus cartlann agallamh béil a mbeidh rochtain ag an bpobal orthu ag comhdháil de chuid Ghaeloideachais i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath, ar an 22ú Aibreán.