Ár nOileáin Bheo: fáilte agus cáineadh

Ní luaitear gníomh nua ar bith sa pholasaí a bhaineann le hinmharthanacht na bpobal Gaeilge a threisiú.

Foclóir: Costas agus sochar – cost and benefit; séarachas – sewage; leathanbhanda ardluais - highspeed broadband; seirbhísí cúraim leanaí - childcare services.

Cuireadh fáilte roimh Ár nOileáin Bheo, polasaí nua an rialtais a mbeidh tionchar aige ar thodhchaí oileáin na hÉireann. Ach cáineadh é freisin agus i measc na ndaoine a cháin é bhí iarAire Gaeltachta.

An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys a sheol Ár nOileáin Bheo ar an gCéadaoin seo caite. Tá sé mar aidhm leis a chinntiú gur féidir le pobail na n-oileán leanúint orthu ag maireachtáil “agus iad faoi bhláth” ar na hoileáin “ar feadh na mblianta fada”.

Cuireadh tús leis an bpróiseas ceithre bliana ó shin agus tá cúig chuspóir curtha romhainn ag an bpolasaí: líon na ndaoine a chónaíonn ar na hoileáin a mhéadú; geilleagar na n-oileán a éagsúlú; seirbhísí sláinte agus folláine a fheabhsú; pobail na n-oileán a chumasú agus todhchaí chliste inbhuanaithe a chruthú.

READ MORE

Tá 80 gníomh luaite i bplean gníomhaíochta Ár nOileáin Bheo. Ina measc sin tá infreastruchtúr tithíochta agus uisce a fhorbairt, seirbhísí riachtanacha sláinte agus oideachais a fheabhsú agus leathanbhanda ardluais a chur ar fáil.

Cé go luaitear go labhraíonn 64.4 faoin gcéad de dhaonra na n-oileán Gaeilge, agus go labhraíonn 79 faoin gcéad de dhaonra na n-oileán Gaeltachta Gaeilge, níl ach gníomh amháin sa pholasaí (ceardlanna do chuairteoirí chun an Ghaeilge a fhoghlaim) a bhaineann go sonrach leis an teanga. Ní luaitear gníomh nua ar bith a bhaineann le hinmharthanacht na bpobal Gaeilge a threisiú.

Fáilte

Chuir Chloe Ní Mháille, bainisteoir Chomhar Chaomháin in Inis Oírr, fáilte roimh an ngné den phlean a chruthódh creat ar leith d’fhonn na bearta atá sa phlean gníomhaíochta a chur i gcrích.

“Tá muid an-sásta go bhfuil sé seolta. Go dtí seo, bhí muid ag plé leis na ranna éagsúla – le Roinn na Mara, leis an Roinn Tithíochta agus chuile cheann eile,” a dúirt sí.

“Ach anois beidh deis ann ceangal le chuile roinn sa Rialtas. Caithfidh siad freastal ar na rudaí atá muid ag iarraidh (orthu) agus tá muid sásta faoi sin.”

Dúirt Ní Mháille go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh struchtúr buan gníomhaíochta ann agus go mbeadh spriocanna soiléire leagtha amach mar chuid de sin.

“Mura bhfuil polasaí ann, ní féidir brath ar pé aire atá ann,” a dúirt sí.

“Tá Heather Humphreys ann faoi láthair. Is as Muineachán di agus b’fhéidir nach bhfuil mórán taithí aici ar an bhfarraige. Tá sí ag déanamh a díchill ach ní fios dúinn cén saghas aire a bheidh ann théis an chéad toghcháin eile.

“Sin é an fáth a bhfuil gá le polasaí. Cibé aire a bheidh ann, beidh an Roinn fós freagrach as.”

“Sin é an deis is fearr i mo thuairimse mar bhainisteoir atá ag obair le hoileánaigh freisin go mbeidh muid in ann pleanáil don todhchaí,” a dúirt sí.

Le srianta uisce i bhfeidhm ar an oileán faoi láthair agus bád ag tabhairt uisce isteach ón mórthír go laethúil, tá go leor is gá a chur i gceart.

“Teastaíonn céibh, sin é an príomhthionscadal atá ag teastáil ó Inis Oírr. Teastaíonn córas séarachais agus teastaíonn uisce freisin,” a dúirt sí.

Chuir Ní Mháille fáilte roimh an deis a bheidh ag pobail na n-oileán ionadaíocht a bheith acu ar choiste faireacháin. Ceapfaidh an tAire na hionadaithe. Rachfar i gcomhairle leis na ranna éagsúla agus déanfar athbhreithniú ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm an chláir oibre.

“Beidh spás ansin do bheirt ar a laghad ó na hoileáin. Beidh an tAire féin ann agus beidh ionadaithe as an Roinn ann freisin. Beidh muid in ann pleanáil ó thaobh an mhaoinithe de, seachas a bheith de shíor [á éileamh]. Beidh a fhios ag an Rialtas cad iad na príomhthionscadail,” a dúirt Ní Mháille.

‘Cóipeáil agus greamú’

Ach ní mó ná sásta a bhí iarAire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

“Níl sa pholasaí ach cóipeáil agus greamú de pholasaithe na ranna éagsúla. Níl aon rud nua ann,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Dúirt Ó Cuív nach ndíríonn an polasaí ar na heasnaimh shonracha atá ar na hoileáin éagsúla.

“Bíonn fadhbanna éagsúla ag chuile oileán. Tá téamaí [comónta] ann ar nós tithíochta agus pleanála ach caithfear díriú isteach ar na fadhbanna ar leith a bhaineann le chuile oileán go sonrach,”a dúirt sé.

“Théis ceithre bliana [ullmhúchána], níl aon rud sa phlean a chuireann dlús le rud ar bith - go mór mór na fadhbanna praiticiúla ar nós cheist na gcéibheanna, feabhas ar sheirbhísí farantóireachta, ar sheirbhísí oideachais nó ar sheirbhísí cúraim leanaí.”

“Tá scéimeanna séarachais ag teastáil go dubh dóite,” a dúirt sé.

“Ach ní thiocfaidh sé sin go barr liosta Uisce Éireann choíche ar bhonn costais agus sochair.”

Ceist mhór mar sin í ceist an airgid.

“An rud is mó a theastaíonn ná maoiniú ar leith le cinntiú go dtagann na scéimeanna infreastruchtúir go barr an liosta, agus airgead reatha le seirbhísí breise farantóireachta agus aeir a chur ar fáil.”

“Níl na heochair-rudaí ann,” a dúirt sé.

Faoin scéim Croí Cónaithe, atá mar chuid den pholasaí nua, cuirfear deontais €60,000 ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe. Beidh sé sin €10,000 in aghaidh an tí níos mó ná an €50,000 atá ar fáil ar an mórthír faoi láthair. Cuirfear €84,000 ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe atá tréigthe.

Ach dar leis an iarAire, níl dóthain san áireamh anseo. Dúirt sé gur cheart go mbeadh “ráta níos airde” ann do na hoileáin de bharr go bhfuil costais tógála “i bhfad níos airde” ar na hoileáin.

“Cosnaíonn sé 30 faoin gcéad sa bhreis tógáil a dhéanamh ar oileán,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cuív gur cheart go mbeadh socrú “uathoibríoch” ann chun ardú cuí a chur le deontais a chuirtear ar fáil dóibh siúd atá ina gcónaí ar oileáin.

“Dá mbeadh scéim nua ann amárach, níl aon chinnteacht ann go mbeadh méid sa bhreis ar fáil do na hoileáin,” a dúirt sé.

Pobail teanga beo

Luaitear 23 oileán a bhfuil daonra buan acu sa pholasaí. Tá pobail Ghaeilge ag 10 n-oileán agus d’ardaigh Conradh na Gaeilge ceist faoin luach atá leis an teanga i bhfís na Roinne. Nuair a foilsíodh an polasaí dúirt Mairéad Ní Fhátharta, as Inis Meáin, atá ina cathaoirleach ar Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge, go bhfuil an polasaí “fíordhíomách” ó thaobh na teanga de.

“Níl faic ann chun an Ghaeilge mar theanga phobal na n-oileán Gaeltachta a chur chun cinn, ná na pobail sin a chumasú,” a dúirt sí.

“Is léir nach tosaíochtaí iad an Ghaeilge ná pobail na n-oileán Gaeltachta don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.”

Dúirt sí go bhfuil easpa uaillmhéine agus tuisceana le brath sa pholasaí ar stádas Gaeltachta na n-oileán.

Agus í ag caint ar Adhmhaidin ar RnaG ar an Aoine dúirt sí gur mhaith léi go gcuirfí síneadh ama leis an tréimhse cúig bliana a thugtar do na hoifigigh phleanála teanga d’fhonn plean teanga a chur i bhfeidhm.

“Ceapaim go bhfuil ról fíorlárnach ag an bpleanáil teanga sna ceantair, go háirithe ar na hoileáin, agus tá sé sin in easnamh,” a dúirt sí.

Dúirt an t-iarAire Ó Cuív go raibh sé díomách nach raibh an polasaí féin curtha ar fáil i nGaeilge.

Maidir le ceist riaracháin na scéimeanna atá luaite leis an bpolasaí, dúirt sé go raibh “dearmad mór” déanta nuair a scar an Rialtas rannóg na Gaeltachta agus rannóg na n-oileán óna chéile.

“Tá sé seafóideach, tá na státseirbhísigh atá ag plé leis na hoileáin bunaithe sna Forbacha (i gCo na Gaillimhe) san áit chéanna leis na státseirbhísigh atá ag plé leis an nGaeltacht - ach tá siad in dhá roinn rialtais éagsúla agus tá sé sin seafóideach,” a dúirt sé.

Ní mórán dóchais atá aige go n-éireodh leis an bplean mórán a bhaint amach.

“Tá súil agam go gcruthófar mícheart mé ach níl muinín dá laghad agam go dtarlóidh tada. Tá ceithre bliana caillte gan ghníomh,” a dúirt sé.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.