Éirí Amach 1798: Mairbh Chnocán na Mac Tíre

Leac chloiche a bhfuil cláirseach chré-umha socraithe uirthi atá mar chuimhneachán ar mhairbh Éirí Amach 1798

Foclóir: Reilig - graveyard; cath - battle; cómhaith - equal (goodness); cónra - coffin; Péindlíthe - Penal laws; daoine gonta - injured people; cré-umha - bronze; daoirse - bondage; Cnocán na Mac Tíre - Wolfhill; Cnoc Fhiodh na gCaor - Vinegar Hill; garraí - field; eorna - barley; An Droichead Nua - Goresbridge; carnán - mound; gann - scarce.

Sa chúinne thoir thuaidh i reilig Chnocán na Mac Tíre i gContae Laoise tá leac bhreá uaighe a dhear Robert Ballagh agus a tógadh sa bhliain 1998. Leac chloiche í a bhfuil cláirseach chré-umha socraithe uirthi.

Thíos fúithi sin tá inscríbhinn a chuireann in iúl gur in ómós do na daoine as Contae Loch Garman a thug a mbeatha sa cheantar seo sa bhliain 1798 a tógadh í.

Sa chuid seo den reilig, ar oíche an 24 Meitheamh 1798, cuireadh seisear déag de mhuintir Loch Garman a throid agus a goineadh i gcath Chaisleán an Chomair agus a fuair bás an lá céanna in aice le Cnocán na Mac Tíre.

READ MORE

Ní raibh cónra chláir le fáil agus ba i málaí a bhí ag feirmeoir dá chuid eorna a cuireadh iad.

Níos lú ná míle ó Chnocán na Mac Tíre, ag garraí ar a dtugtar Garraí Uí Chaoimh tá a cómhaith de leac chloiche. I mBarr na Slaite nó Imleach mar a bhíodh air fadó atá Garraí Uí Chaoimh agus ba ansin a chaith na Garmanaigh an oíche úd. I lár an champa bhí na mná agus na páistí—míle acu ar a laghad, is cosúil. Rinne cuid de na mná arán le plúr a ghabh siad sa Droichead Nua ar a mbealach aneas as Loch Garman. Thug cuid eile acu aire do na daoine gonta a iompraíodh aníos as Caisleán an Chomair ar charranna capaill.

Bratach chré-umha a bhfuil 1798-1998 greanta uirthi atá ag barr leac Bharr na Slaite agus thíos fúithi sin cuirtear in iúl gur san áit seo a bhí a gcampa ag an Athair John Murphy, a lucht éirí amach agus a lucht leanúna ar 24 Meitheamh, 1798.

Saoirse ón daoirse

Bhí cuid mhaith de na Péindlíthe fós i bhfeidhm in Éirinn ag an am agus bhí spiorad agus teoiricí réabhlóideacha ag mealladh tacaíochta go forleathan.

Rinne na Péindlíthe leithcheal ar Chaitlicigh ach chuir cuid mhaith den reachtaíocht sin srianta troma ar phobal na bPreispitéireach freisin. Níorbh ionadh ar bith é go mbeidís go mór chun cinn i ngluaiseacht saoirse na linne.

Ba i mBéal Feirste, ar an 14 Deireadh Fómhair, 1791, a bunaíodh Cumann na nÉireannach Aontaithe, nó na hÉireannaigh Aontaithe, mar a thugtar anois orthu.

Bhí Tomás Ruiséil agus Theobald Wolfe Tone ann ach ba den mheánaicme Phreispitéireach formhór bhunaitheoirí na gluaiseachta. Orthu sin bhí Henry Joy McCracken, William Drennan, Samuel Neilson agus William Simms.

Ba ar bhonn na bprionsabal a d’eascair as Réabhlóid Mheiriceá (1775) agus Réabhlóid na Fraince (1789) - Saoirse, Comhionannas agus Bráithreachas - a bunaíodh a gcuid cuspóirí.

Bhí sé mar phríomhaidhm acu neamhspleáchas ón Ríocht Aontaithe a fháil agus athchóiriú polaitíochta a dhéanamh ar an tír ina n-aontófaí Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí mar Éireannaigh.

Rinne na hÉireannaigh Aontaithe a seacht ndícheall leasú parlaiminteach a thabhairt isteach go síochánta chun cothromaíocht a bhaint amach ach faoi 1794 bhí teipthe ar a gcuid iarrachtaí.

Ní raibh na húdaráis i Sasana sásta glacadh lena leithéid de bhagairt ar an smacht a bhí acu ar an tír.

Bhí Sasana ag cogaíocht leis an bhFrainc ag an am agus is ann a chuaigh na hÉireannaigh Aontaithe ar thóir cúnaimh.

Thuig lucht míleata tábhacht straitéiseach na hÉireann. Lena chois sin, bhí frithréabhlóid in Vendée in iarthar na Fraince in 1793 agus chuir an rialtas cuid den mhilleán ar uisce-faoi-thalamh údarás Shasana.

Rinne an Tiarna Edward Fitzgerald agus Arthur O’Connor teagmháil leis an nGinearál Francach Lazare Hoche in Basle, san Eilvéis, agus rinne Tone iarracht dul i gcion ar na húdaráis i bPáras.

D’éirigh lena gcuid iarrachtaí agus seoladh cabhlach ar tugadh an Expédition d’Irlande air go hÉirinn i mí na Nollag 1796.

Bhí cúig mhíle dhéag saighdiúir Francach ar bord loingis a bhí faoi cheannas Hoche. Thart ar chaoga long chogaidh a bhí rannpháirteach ann.

Cé gur bhaineadar Bá Bheanntraí amach chinn orthu dul i dtír de dheasca na drochaimsire. Suaitheadh go maith iad agus bádh thart ar 2,000 fear le linn stoirme. Bhí ar an gcabhlach filleadh ar an mbaile gan oiread agus fear amháin a chur i dtír. Chuir an iarracht seo scéin ar Shasana. Thuigeadar an baol a bhí sa chleamhnas idir na réabhlóidithe Éireannacha agus na Francaigh agus rinneadar géarleanúint ar na hÉireannaigh Aontaithe sna blianta a lean.

Cé gur gabhadh na céadta agus in ainneoin iad a bheith lagaithe go mór, bheartaigh na réabhlóidithe ar éirí amach a reáchtáil agus cuireadh tús leis sin ar 23 Bealtaine 1798.

Tharla mórchuid den troid i gCúige Laighean agus ba ó chath Chnoc Fhiodh na gCaor a bhí na fir atá curtha i reilig Chnocán na Mac Tíre ag teitheadh nuair a thángadar go dtí an chuid sin de Laois a dtugtaí Droim a’ Ghuail air.

Bhí fúthu an réabhlóid a leathadh trí chónascadh le muintir Laoise agus Chill Dara ach bhí a gcuid gunnaí agus armlóin féin thar a bheith gann.

Nascadh le mianadóirí guail Laoise ach ní raibh acu sin ach fíor bheagán airm. Bhí neart gunnaí, púdar gunna agus armlóin ag fórsaí an Rí agus chinn Myles Byrne agus an tAthair John Murphy, a bhí i gceannas, go gcaithfidís Caisleán an Chomair a ghabháil chun seilbh a fháil orthu sin.

Ar an 24 Meitheamh agus iad ar imeall bhaile Chaisleán an Chomair scoilt siad a bhfórsaí agus rinne Miles Byrne agus an tAthair Murphy ionsaí gabhlánach ar an mbaile. Rinneadar an-dul chun cinn ach shocraíodar ar chúlú faoi ord nuair a chonaiceadar go raibh an Ginearál Charles Asgill in aice leo lena 1,000 fear agus gunnaí móra acu.

D’imíodar ó thuaidh agus chuireadar fúthu thar oíche i gCnocán na Mac Tíre. Bhí trodairí gortaithe ina measc agus bhásaigh cuid acu.

Cuireadh na coirp i málaí arbhair de dheifir i reilig an tséipéil agus b’éigean don slua cúlú ó dheas i dtreo Loch Garman an mhaidin dár gcionn de réir mar a tháinig na Sasanaigh i ngaireacht an champa. Chúlaigh siad ó dheas ar ais go Contae Loch Garman. Maraíodh Murphy go luath ina dhiaidh sin ach d’éirigh le Byrne éalú agus tar éis an chogaidh chuir Robert Emmet anonn chun na Fraince é. Is i bPáras a bhásaigh sé in 1862 agus adhlacadh é i Reilig Montmartre.

Rinne na Francaigh iarracht amháin eile ar ionradh a dhéanamh agus seoladh fórsa beag go hÉirinn faoi cheannas an Ghinearáil Humbert. Tháinig thart ar 2,000 fear i dtír i gCill Alla, i gContae Mhaigh Eo agus cé gur bhuadar i dtosach, bhíodar ródhéanach don Éirí Amach agus bhí orthu géilleadh. Tógadh an leac chuimhneacháin i gCnocán na Mac Tíre in 1998 mar chuid de chomóradh áitiúil ar Éirí Amach 1798. Má bhreathnaíonn tú go géar, feicfidh tú go bhfuil rian na haimsire tagtha ar an gcloch.

Ach, breathnaigh uirthi níos géire fós agus feicfidh tú go bhfuil dathanna bhrat na Fraince ag sileadh ón gcré-umha. Cloch eile ar cheann an charnáin!

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.