Sráideanna leathana agus caola

‘Bhí aithne ar leith ag mo dhaideo Lennie Collinge ar James Joyce.’

Foclóir: Ag cnuchairt móna - footing turf; Fálta sceach – hedgerows; Ilghnéitheach -multi-dimensional; díospóireacht teasaí - heated debate; mana – motto; duanaire –anthology; ar an droch-uair – unfortunately; brollach – foreword; inimircigh – immigrants; Tigh Motháin – Tymon.

Is maith is cuimhin liom, mar pháiste óg, a bheith ag cnuchairt móna le m’athair agus mo dhaideo ar shléibhte Bhaile Átha Cliatha mar a raibh portach ar cíos ag mo dhaideo ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda. B’é an chéad phost samhraidh a bhí agam ná a bheith ag tanú tornapaí ar fheirm i dTigh Motháin.

Cé go raibh cónaí orm féin agus ar mo chairde óga i mbruachbhailte na príomhchathrach, thuigeamar an tuath go rímhaith mar ba mhinic muid ag siúlóid amach chuig na sléibhte chun boghanna agus saigheada a dhéanamh sna fálta sceach nó muid ag rothaíocht go dtí Binn Éadair nó Dumhach Thrá. Thairis sin, ba mhór againn dul isteach go dtí an chathair féin ar an mbus chun lá fada samhraidh a chaitheamh ansin nuair nár chosain an táille ach cúpla seanphingin.

Ba chathair ilghnéitheach ár gcathair mar sin, rud a thug an scríbhneoir James Joyce faoi deara nuair a dúirt go raibh sí ‘mór go leor chun a bheith ina príomhchathair stairiúil; beag go leor chun í a fheiceáil ina iomláine’. Bhí aithne ar leith ag mo dhaideo Lennie Collinge ar James Joyce.

READ MORE

Nuair a cháiligh mo sheanathair mar leictreoir chuaigh sé faoi agallamh sa bhliain 1909 agus fuair sé post i bpictiúrlann an Volta i Sráid Mhuire i mBaile Átha Cliath a bhí faoi stiúir an bhainisteora óig James Augustine Joyce. Bhí Joyce tagtha anall ó Trieste chun an chéad phictiúrlann sa phríomhchathair a bhunú. D’fhill Joyce ar Trieste agus, cúig bliana ina dhiaidh, sin liostáil mo dhaideo i gCór Leighis Arm na Breataine mar ar tháinig sé slán as seirbhís airm sa Chéad Chogadh Domhanda.

As sin amach chuir sé an-suim go deo i saothair James Joyce agus chuala mé féin díospóireachtaí teasaí idir é féin agus m’athair sa bhaile mar, dar le m’athair, go raibh úrscéalta Joyce ar nós Ulysses, agus Finnegans Wake, róchasta don ghnáthléitheoir. Mhaígh mo dhaideo, áfach, go mba chóir don léitheoir é/í féin a oiliúint go leor chun ‘an máistir’ a leanúint.

Bhí mé féin tuairim is sé bliana déag d’aois nuair a léigh mé A Portrait of the Artist as A Young Man den chéad uair. Bhí sé léite ag mo dheirfiúr mhór cheana féin, agus chuaigh mana Stephen Dedalus ‘non serviam’ (‘ní bheidh mé umhal’) go mór i bhfeidhm uirthi sa chaoi go raibh ár máthair bhocht cráite aici! Thaitin an t-úrscéal beathaisnéiseach go mór liom, ní amháin mar go raibh mo chathair dhúchais ann ach go raibh an cur síos ar phionós corportha chomh réadúil sin gur bhain sé deora asam.

Roinnt blianta ó shin iarradh orm leabhar a scríobh ar Bhaile Átha Cliath, sórt duanaire ina mbeadh dánta, giotaí próis, amhráin agus cur síos ar charachtair aisteacha ag dul siar trí na blianta. Luigh mé isteach ar an obair le fonn mar tá cónaí orm féin agus ar mo mhuintir sa phríomhchathair le trí ghlúin anuas. B’é an teideal a thugamar ar an leabhar ná ‘Through Streets Broad and Narrow: Voices of Dublin’. Bhí mé féin sásta leis sin mar, nuair nach raibh mé ach ceithre bliana d’aois, tháinig gaolta anall ó Shasana agus cheap mo mháthair gur maith an rud é dá gcanfainn an t-amhrán ‘Molly Malone’ do na cuairteoirí. Mar a dúirt sí féin: ‘Nár bhreá an rud buachaill beag bídeach as Baile Átha Cliath ag canadh amhráin mar gheall ar Bhaile Átha Cliath do na cuairteoirí.’

Ní cuimhin liom go baileach ar chan mé an t-amhrán ach ghlac mé an teideal le fonn mar sin féin. Ar an drochuair fuair stiúrthóir bainistíochta an chomhlacht foilsitheoireachta bás go tobann agus b’shin deireadh leis an lámhscríbhinn. Faoin am go raibh foilsitheoir eile aimsithe agam (Beehive Books) tháinig Covid aniar aduaidh orainn agus cuireadh moill eile ar an leabhar.

Tá sé ráite riamh ‘gur olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin’. I rith na paindéime bhí seans ar leith agam léamh siar ar an méid a bhí scríofa agam, baint de, cur leis agus i gcoitinne, barr feabhais a chur air sa chaoi go raibh lámhscríbhinn i bhfad ní ba shnasta agam faoi dheireadh. Tá foireann óg bhríomhar den chéadscoth ag Beehive agus bhí siadsan sásta cur leis an téacs, grianghraif lándaite agus dearadh nua-aimseartha a úsáid chun anam a chur sna carachtair a luaigh mise sa téacs.

Bhí an scríbhneoir Dermot Bolger sásta an brollach a scríobh agus tá blurbaí ar an gclúdach ó na filí Eileen Casey, Gerard Smyth, agus an gníomhaí Des Geraghty.

Thosaigh mé m’alt le tagairt do bheith ag cnuchairt móna in éineacht le m’athair agus mo dhaideo. Tá an tagairt sin mar réamhrá sa leabhar mar aon le cur síos ar mhuintir na príomhchathrach ó Swift go hinimircigh ón bPolainn agus ón Liotuáin gan trácht ar bhean ón Rúmáin a bhfuil an-eolas aici ar stair, litríocht agus ealaíon na príomhchathrach. Tá súil agam go mbeadh ‘an máistir’ James Joyce sásta le m’iarrachtaí.

* Tá ‘Through Streets Broad and Narrow: Voices of Dublin’ foilsithe ag Beehive Books. An drámadóir, úrscéalaí, agus gearrscéalaí, John MacKenna, a sheol an leabhar.