An domhan i mbéal na doininne

Beidh gá le hiarrachtaí móra má táthar chun spriocanna astaíochtaí talmhaíochta a bhaint amach

Foclóir: Taoisc - downpour; fothain - shelter; astaíochtaí - emissions; lagintinneach- feeble-minded; dianrialú - closely regulate; tonn teasa - heatwave; aneas - southerly; doicheall - reluctance.

“Tráth, fá Lúnasa, ba dhomsa tharla,

Ar bhord Áth-Chinn ‘s é go mór ag báisteach,

Dhruid mé ar leataoibh agus ní gan ábhar,

READ MORE

Go bhfaighinn claí nó tom do dhéanfadh scáth dom.

Ní bhfuair mé ann, i leataoibh bearnan,

Ach seansceach chaite, chraite, chráite,

Ar thaoibh an chlaí, ‘s a haghaidh le fána,

Dhruid mé fúithi ‘s ba fhliuch an áit dom.

Bhí an fhearrthainn go dian, ag teacht as gach cearda,

Anoir ‘s aniar, ‘s anuas le fána,

A shamhail ní fhéadfainn thabhairt duit, láithreach,

Ach roithleán lán bheith ag criathrú ráibe.”

Nach deas mar a chuir Raiftearaí síos ar thaoisc bháistí sa dán Seanchas na Sceiche?

Clascairt báistí a thit i dtús Lúnasa na bliana seo freisin. Ba dheacair gan bheith ag cuimhneamh ar an bhfile bocht ar thaobh an bhóthair “ar bhord Áth-Chinn” agus gan d’fhothain aige ach “seansceach chaite, chraite, chráite.”

D’fhág drochaimsir na bliana seo féar agus arbhar ina luí gan dóchas ag feirmeoirí go dtiocfadh leo mórán de a shábháil. Ba mheasa ná sin fiú amháin na barra faoi uisce nuair a chuaigh an tSionainn agus aibhneacha eile thar maoil.

Cé gur toradh ar théamh an domhain an aimsir eisceachtúil, tuairiscíodh sna meáin go bhfuil ionadaithe earnáil na feirmeoireachta ag cur go mór in aghaidh polasaithe a ceapadh chun an comhshaol a tharrtháil. Is aisteach é sin nuair a chuimhnítear gur minic iad na feirmeoirí féin is túisce agus is mó a bhíonn thíos le meath na timpeallachta.

Níl na páirtithe móra gan locht ach an oiread. Má táthar chun sprioc 2030 a bhaint amach agus 25 faoin gcéad de laghdú a chur ar astaíochtaí talmhaíochta, beidh obair mhór le déanamh ag earnáil na talmhaíochta agus ag an gcóras polaitiúil a bhíonn lagintinneach agus beagintinneach faoi na cúrsaí seo go rómhinic.

Níl aon amhras ann ach go mbeidh gá le hathruithe móra san earnáil go ginearálta má táthar chun a chinntiú go mbeidh an fheirmeoireacht mhór ina ghnó freagrach inmharthana amach anseo.

Cé gur gá dianrialú a dhéanamh ar an fheirmeoireacht mhór, beidh deiseanna eile ann barraí nua agus foraoisí dúchasacha a chur.

Agus tiocfaidh féidearthachtaí eile chun cinn leis an ngaoth. An ghaoth aneas nó aniar aneas is mó a thugann an bháisteach léi go hÉirinn. Cé nach é lá na gaoithe lá na scolb, mar a deir an seanfhocal, ginfear breis leictreachais ó neart na gaoithe agus cruthófar na mílte post nua i dtionscal an fhuinnimh in-athnuaite.

Beidh athruithe eile ann a bhaineann le hearnáil na turasóireachta. Beidh daoine ag iarraidh éalú ón teas agus ón loisceadh sléibhe. Fanfaidh cuid acu ar an bhfód dúchais anseo in Éirinn agus b’fhéidir go meallfaidh an aeráid fhionnuar turasóirí ó chríocha eile anseo agus chun tíortha eile i dtuaisceart na hEorpa.

Ní deacair é sin a shamhlú – ní gá ach smaoineamh ar an tonn teasa ba chúis leis na dóiteáin mharfacha i ndeisceart na hEorpa agus in Haváí an tseachtain seo caite.

Tá rud amháin soiléir: beidh gá le hathrú meoin i ngach réimse den saol má táthar chun tabhairt faoin staid éigeandála. Dá uireasa sin, ní ar éinne eile ach orainn féin a bheidh an locht. Tá an t-am ag éalú. Mar a dúirt ár gcara réamhfheasach Raiftearaí an file:

Rinne mé smaointe, ní nár náir dom,

Nárbh fhada é mo shaol, is go mba ghearr mo chairde,

Go dtiocfadh an díle is bheadh daoine báite,

Is go mba olc an obair bhí i ndiaidh mo láimhe.


Oidhreacht Bheo?

Ba le háthas a d’oscail bhur gcolúnaí clár imeachtaí ó Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) inar maíodh go raibh breis agus 80 imeacht poiblí idir cheardlanna, chainteanna, turais agus taispeántais á reáchtáil acu mar chuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta (12 – 20 Lúnasa).

An Chomhairle Oidhreachta a dhéanann comhordú ar Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta agus An Oidhreacht Bheo atá mar théama acu i mbliana.

Tá cur síos ar shuíomh an Chomhairle Oidhreachta (heritageweek.ie/ga) ar a bhfuil i gceist:

“Tugtar Oidhreacht Bheo ar ‘chleachtais, eolas agus scileanna a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile, agus atá fós in úsáid inniu.’ Is oidhreacht chultúrtha é Oidhreacht Bheo agus déanann sé ceiliúradh ar chaitheamh aimsire, ar cheardaíocht, ar scileanna, agus ar chleachtais atá fós in úsáid sa lá atá inniu ann.”

Ach, as 1,806 imeacht a bhí cláraithe ar an suíomh faoin Aoine seo caite, ní raibh ina measc ach 35 imeacht a reáchtálfar i nGaeilge (cuid acu sin eagraithe ag an OPW lena gceart a thabhairt dóibh).

Chuir Tuarascáil ceist ar an gComhairle Oidhreachta faoi seo. “Cé go gcomhordaíonn an Chomhairle Oidhreachta Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta, is iad oibrithe deonacha, grúpaí pobail agus eagraíochtaí neamhbhrabúis a eagraíonn na himeachtaí féin,” a dúirt urlabhraí.

“Mar sin, tá an líon imeachtaí Gaeilge ina léiriú ar an gcumas atá ag na heagraithe sin an teanga a labhairt agus, dá bhrí sin, imeacht Gaeilge a eagrú.”

“Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an gComhairle Oidhreachta le roinnt blianta anuas ar a thuilleadh imeachtaí Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh,” a dúradh.

Luadh gur aistríodh suíomh ghréasáin Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta go Gaeilge anuraidh agus go bhfuil rogha ann d’eagraithe imeachtaí \[a chlárú\] “den chéad uair riamh” i nGaeilge.

Dúradh freisin gur eisíodh fógraí raidió agus preasa Gaeilge agus go gcomhoibríonn an Chomhairle Oidhreachta le Foras na Gaeilge, a chuireann Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta chun cinn “trína líonraí féin”.

An é go bhfuil an oiread sin béime curtha ar imeachtaí eile i saol na Gaeilge nach mbíonn sé de chumas ag grúpaí imeachtaí Gaeilge a eagrú mar chuid den tseachtain cheiliúrtha seo agus séasúr na turasóireachta faoi lán seoil?

Nó an é go bhfuil drogall éigin ar dhaoine imeachtaí Ghaeilge a eagrú ar chor ar bith? Más fíor go bhfuil, b’fhiú go mór taighde a dhéanamh ar na fáthanna atá leis an doicheall sin agus feachtas náisiúnta a reáchtáil chun tabhairt faoi na baic chultúrtha ar labhairt na Gaeilge i gcomhthéacsanna poiblí.


An Linn Bhuí

Seolfaidh Seán Bán Breathnach Uimhir 27 de An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise Dé Máirt an 15ú Lúnasa.

Beidh an ócáid ag tosú ar 7.30 pm i gColáiste na Rinne, mar chuid d’imeachtaí Dhaonscoil na Mumhan.

Tá an iris Ghaeltachta seo á foilsiú go bliantúil ó 1997 i leith, in eagar ag Pádraig Ó Macháin agus Aoibheann Nic Dhonnchadha. Is féidir bheith ag súil le caighdeán an-ard san iris seo.

San eagrán seo tá tuairisc ó Mháire Ní Íceadha ar imeachtaí mac léinn ó UCC agus iad ar Erasmus Gaeltachta sa Rinn.

Cuireann Sophie Ní Riain ó Charraig na Siúire síos ar a tréimhse mar scoláire Fulbright i Washington DC. Tá aistí ann ó Ghearóid Denvir, Irene Ní Fhlannagáin, Sorcha Nic Lochlainn, Liam Mac Peaircín, Íde Ní Fhaoláin agus ó go leor údar eile.

Gan deontas ná cúnamh maoinithe ar bith tá an iris seo á díol ar €10 i gcónaí.

Breis eolais: anicd@celt.dias.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.