I bhfolach faoin gcóta

Tá náire anois orainn go rabhamar neodrach sa dara cogadh mór barbarach.

Uaireanta deir daoine gur mhaith leo bheith ina gcuileog ar an bhfalla. Maidir liom féin de ní staid í a shantaím ar eagla go ndéanfaí ciorradh-má-gcuach orm. Ach aithním an meon a bheith i mball éigin nuair atá nithe mórthábhachtacha á bplé, nó cinneadh a chuirfeadh cor i gcasadh na cinniúna á réiteach.

Ba mhinic mé féin ag cuimhneamh cad a tharlaíonn nuair a ghlaoitear an t-ambasadóir isteach ó thír iasachta éigin d’fhonn gearán a dhéanamh maidir le hiompar a rialtais? Cuir i gcás go dtabharfadh Kim Yung Wan bobarún corónta ar an Taoiseach seo againne agus go ngairmfí isteach ambasadóir Pong Yang (dá mbeadh a leithéid againn), an mbeifí ag scairteach agus ag liúrach leis agus ag tabhairt bolgadán agus lúrapóg agus glutaire ar gharmhac Kim ill Sung? Nó an mbeifí go deas béasach taidhleoiriúil ag malartú cupáin soju agus cístí beaga milse?

Rith na drochsmaointe seo liom agus an Tánaiste sa mheánoirthear le déanaí. Ní shílim go raibh Beniaimin Netanyahoo ag mún ina bhróga (mar a deir an t-amhrán) agus eagla a chraicinn air faoin léasadh teanga a bhí i ndán dó ó Mhícheál seo againne. Is é is dóichí gur labhradh go caoin is go timpeallach sa bhéarlagair a bhíonn ag lucht stáit, gur craitheadh lámha gan a bheith ródhaingean ach gan a bheith chomh huisciúil leis an iasc marbh de ghreim, agus gur imigh gach n-aon agus an dualgas curtha i gcrích don turas seo.

De réir gach tuairisce, ní raibh cách eile chomh deas sin leis an Tánaiste, áfach, nuair a eagraíodh an preasagallamh ina dhiaidh sin. Níl go leor de phobal Iosraeil chomh buíoch sin don stáitín againne toisc go ligimid orainn go bhfuil tacaíocht á tabhairt againn do na Palaistínigh. Go hoifigiúil táimid ar son ‘réiteach an dá stáit’ agus táimid go breá soilbhir líofa á mholadh. Ach tuigeann aon duine a dhúisigh lá breá geal gréine buí ar bith gur speabhraíd ar fad an réiteach sin, agus chomh cinnte is a bhí an leanbh Maois sa chiseán níl an intinn is lú ar bith ag Iosrael go dtarlóidh sin. Gabháltas agus slogadh iomlán oiread is féidir ar fhearann na Palaistíne an dealramh atá ar an bpolasaí praiticiúil atá á chur i bhfeidhm.

READ MORE

Ba mhíchompordach an preasagallamh é nuair a ceistíodh an Tánaiste mar gheall ar an gcomhbhrón a dhein De Valera le hambasadóir an Tríú Reich nuair a mharaigh Hitler é féin sular dhein na Rúisigh é. Fód íogair seo i gcónaí ach ní minic a dhearbhaítear gur tír neodrach ba ea Éire, is é sin neodrach, neamhpháirteach, gan a bheith gafa i marú mór na n-impireachtaí (arís). Mo bhrón is mo mhairg, mo chumha, mo threaghd, mo chaí, níor troideadh an dara cogadh barbartha ar son slánú na nGiúdach, na nGiofóga, na nAerach, na nEaslán, na nDaoine idir eatarthu ná aon duine eile a bhí thíos le ciníochas lofa na Gearmáine ag an am. Ach an oiread is nár troideadh an chéad chogadh barbartha ar son na náisiún beaga.

Is dona liom nach ndúirt an Tánaiste an méid sin lom amach go neamhleithscéalach. Tuigim a chigilteach is atá sé labhairt ar na huafáis sa bhall ina raibh sé. Ach braithim go raibh an dara suí sa bhuaile ag péacadh aníos, nó ag gobadh amach, nó chomh soiléir leis an Mangartain dá dtoileodh sé a nochtadh.

Tá náire anois orainn go rabhamar neodrach sa dara cogadh mór barbarach. Tá náire orainn nach bhfuilimid i NATO. Tá náire orainn seasamh neamhspleách a ghlacadh faoi rud ar bith.

Chuige sin nach bhfuilimid sásta aitheantas a thabhairt do Stát na bPalaistíneach gan cead a fháil ónár dtiarnaí polasaí faoi chóta folaigh oiriúnach an Aontais Eorpaigh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar