Aithnigh crainn na hÉireann trína gcuid duilleoga, bláthanna agus cruthanna

Subscriber OnlyLife & Style

Seo é an t-am is fearr den bhliain chun crainn na hÉireann a aithint. Cabhróidh an treoir seo leat sin a dhéanamh

Fearnóg (Alnus glutinosa)

Fásann an fhearnóg ar thalamh fhliuch in aice lochanna agus aibhneacha. Tagann na bláthanna, a bhíonn pailnithe trín ngaoth, ar na craobhóga sula dtagann na duilleoga. Bíonn dath deargrua ar na caitíní agus tairgeann na buaircíní baineanna toirchithe síolta a scaiptear ar an ngaoth. Bíonn dath dúdhonn ar an rúsc. Is minic dath liathchorcra ar na bachlóga ar chraobhóga maola.

Bíonn cuma chroíchruthach ar dhuilleoga a thagann i mí Aibreáin. Bíonn siad maol agus bíonn fiacla ar na himill. Bíonn an t-adhmad crua, uiscedhíonach agus tagann dath dearg air nuair a ghearrtar é. Airde: suas le 20m

Fuinseog (Fraxinus excelsior)

Fásann an fhuinseog go flúirseach i gclaíocha agus i gcoillte na hÉireann. Is í an crann is coitianta a fhásann i bhfálta na hÉireann. Fásann sé níos fearr ar thalamh taosctha nach bhfuil ró-aigéadach. Bíonn dath liath ar na craobhóga ar a dtagann bachlóga dubha. Tagann bláthanna dorcha a bhíonn gaoth-phailnithe, amach san Earrach. Tagann na duilleoga amach chomh deireanach le deireadh na Bealtaine. Duilleoga ilpháirteacha iad, le suas le trí dhuilleoigín déag orthu.

Tugtar "eochracha" ar na síolta. Fanann siadsan ar crochadh, ar feadh tréimhse fada i ndiaidh do na duilleoga bheith tite. Bíonn siad i gcruth sciathán chun go scaipfidh an ghaoth iad. Is féidir teacht ar suas le 41 cineálacha feithide ar chrann fuinseoige. Déantar camáin ón adhmaid ach tá an speicis seo i mbaol ón ngalar ar a dtugtar "críonadh siar". Airde: suas le 40m

READ MORE

Coll (Corylus avellana)

Mar fháschoill i gcoillte duillsilteacha nó i gcollchoillte ar ithreacha aolchloiche a bhíonn an coll. Bíonn bachlóga glasdonna ar na craobhóga. Tagann caitíní chun cinn ón Nollaig ar aghaidh ach go hiondúil i bhFeabhra. Bíonn siad ann i bhfad roimh na duilleoga. Bíonn dath bánbhuí ar na cinn fireann fada. Crochann siad ón gcrann agus luascann siad sa ghaoth.

Séideann an ghaoth an phailin uathu i dtreo na mbláthanna bídeacha baineanna. Tagann na cnónna orthu siúd san fhómhar, péire nó trí cinn le chéile, agus tagann dath donn orthu nuair a bhíonn siad aibí. Is i mí Aibreáin a thagann na duilleoga. Bíonn cruth shimplí orthu le barra bioracha. Bíonn siad iontach bog le ribí ag fás ar an dá thaobh. Bailíonn ioraí, scréachóga, cága agus luchóga na cnónna mar bhia don gheimhreadh. Airde: Suas le 15m

Cuileann (Ilex aquifolium)

Is crann síorghlas an cuileann a fhásann go nádúrtha go híseal i ndoirí. Bíonn siad ina gcrann fireann nó ina gcrann baineann. Tagann bláthanna beaga bándearga orthu i mí na Bealtaine agus  ní bhíonn staimíní a tháirgeann pailin ach sna bláthanna fireanna. Déanann na beacha idir bheacha mealla, bhumbóga agus bheacha aonaránacha na cinn baineann a phailniú nuair a iompraíonn siad an phailin chucu ó na bláthanna fireann.

Tagann sméara dearga orthu ansin agus is breá leis an smólach mór iad a ithe. Bíonn na duilleoga lonrach le coilg orthu ar na géaga is ísle, ach ní mar sin a bhíonn na duilleoga ar na géaga is airde. Bíonn siad siúd réidh gan choilg ar a n-imeall. Airde: suas le 20m

Cnó Capaill (Aesculus hippocastanum)

Tógadh anseo ó na Balcáin é sna 1600í, áit a bhfuil sé ina chrann dúchasach. Cuireadh é ar na heastáit mhóra in Éirinn. Is crann coiteann anois é agus ding air. Tá sé ar cheann de na crainn is luaithe sa bhliain ar a dtagann duilleoga agus osclaíonn na bachlóga móra greamaitheacha i mí an Mhárta. Gathaíonn suas le seacht nduilleoigín bheag amach ón ngas.

Faoi mhí na Bealtaine bíonn bláthanna bána air. Déanann na beacha mil dheas ón neachtair agus pailníonn siad iad. Faoi lár an tsamhraidh bíonn torthaí glasa deilgneacha air a mbíonn na cnónna nó "conkers" iontu. Nuair a aibíonn siad san fhómhar bíonn dath donn lonrach ar na cnónna. Ní féidir linn iad a ithe, ach itheann an fia iad. Airde: suas le 30m

Caorthann (Sorbus aucuparia)

Fásann an caorthann ar thalamh charraigeach agus ar thaobh sléibhe. Bíonn rúsc liath mín agus craobhóga liathdhonna aige a mbíonn bachlóga ann gach ré seal. Osclaíonn na duilleoga ilpháirteacha i mí Aibreáin agus bíonn cúig dhuilleoigín déag le fiacla beaga ar gach ceann.

Bláthanna bána i dtriopail bharrchothroma a bhíonn ann i mí na Bealtaine. Pailníonn feithidí iad. Luath san fhómhar bíonn an-tóir ag smólaigh orthu agus cosnaíonn siad a gcrann féin in aghaidh gach freasúra. Is féidir leis an gcrann méadar agus trí mhéadar leathan. Airde: suas le 19m

Péine Albanach (Pinus sylvestris)

Ainneoin a ainm is crann dúchasach í an Péine Albanach, crann ard álainn. Bhí malaí na sléibhte clúdaithe leo anuas go cúig mhíle bliain ó shin go dtí gur éirigh an aeráid níos fuaire agus níos fliche agus gur fhás na portaigh ina n-áit. Bíonn tamhain loma ag na crainn aosta agus bíonn mullach cothrom duilliúrach orthu agus bíonn coirt oráiste-dearg orthu.

Crann buaircíneach síorghlas é, le duilleoga cosúil le snáthaidí fada. Fásann na duilleoga ina bpéirí ar phéacáin ghearra. Glacann sé dhá bhliain sula n-éiríonn na buaircíní aibí. Bíonn dath glas orthu ar dtús, ansin tagann dath donn orthu agus nuair a bhíonn siad aibí, osclaíonn siad agus imíonn na síolta beaga leis an ghaoth. Is breá go mór leis na hioraí rua na síolta seo. Airde: suas le 35m

Dair Ghaelach (Quercus petraea)

Ní bhíonn gas ag na dearcáin. Suíonn siad díreach ar na craobhóga. Ar thalamh bhocht aigéadach i gcoillte leathnádúrtha i gContae Chiarraí, Co Chill Mhantáin, i dTír Chonaill agus áiteanna eile a fhásann an Dair Ghaelach. Bíonn bachlóga ar chraobhóga donna, trí nó ceithre cinn acu le chéile ag barr na craobhóige.

Tagann caitíní air ag tús Aibreáin agus séideann an ghaoth an phailin ó na cinn fhireanna go dtí na cinn bhaineanna. Ag tús na Bealtaine nochtann na duilleoga sainiúla liopacha. Éiríonn na dearcáin aibí san fhómhar agus bailíonn na hioraí, na préacháin agus na scréachóga iad mar bhía don gheimhreadh. Tacaíonn na crainn seo go mór leis an mbithéagsúlacht; bíonn baint ag suas le 286 cineál inveirteabraigh leis. Airde: suas le 37m

Beith gheal (Betula pendula)

Tá dhá chineál chrann beithe againn atá dúchasach sa tír seo. Bíonn craobhóga maola cromtha orthu. Bíonn cuma thriantánach ar na duilleoga simplí a mbíonn cruth fada tanaí orthu ar an mbarr. Bíonn caitíní fireanna agus caitíní baineanna ar an gcrann ag an am céanna nuair a thagann na duilleoga chun cinn i mí Aibreáin.

Pailníonn  an ghaoth na caitíní baineann agus séidtear na síolta beaga amach astu nuair a aibíonn siad. Bíonn tóir orthu ag éin a itheann síolta, go háirithe an siscín agus an deargéadan. Bíonn 229 cineálacha feithide bainteach leis an gcrann. Bíonn dath geal an uachtair ar an rúsc agus is as sin a tháinig an t-ainm. Airde: Suas le 30m

Crann silíní fiáin (Prunus avium)

Tá dhá chrann silín fiáin againn sa tír seo agus seo é an ceann is mó den phéire. Crann galánta é le rúsc geal agus go minic fásann sé i gcoillte duillsilteacha. Tagann duilleoga simplí air i mí Aibreáin a mbíonn cuma ubhchruthach orthu agus iad clúmhach faoina mbun.

Tagann bláthanna bándearga nó bána ina dhiaidh sin. Mealltar feithidí chucu ar thóir pailin agus neachtair agus is mar sin a dhéanann siad iad a phailniú.  Nochtann na silíní inite dúdhearga sa samhradh  agus itheann an cat crainn agus  a lán  éan   iad. Tagann dath órga ar na duilleoga san fhómhair sula dtiteann siad. Airde: suas le 30m

Leamhán sléibhe (Ulmus glabra)

Tá an Leamhán sléibhe i bhfad níos diúltaigh don ghalar leamháin ná mar atá an Leamhán  a tógadh isteach sa tír agus atá beagnach imithe ar fad anois de bharr ghalar an Leamhan Ollannach. Tagann bláthanna san earrach sula dtagann duilleoga.

Triopaill dhearga iad a  fhásann caol díreach ar na craobhóga agus bíonn sé deacair iad a fheiceáil go dtí go dtagann síolta glasa amach. Aibíonn siad agus titeann  siad  go gearr ina dhiaidh sin. Bíonn na duilleoga garbh mar a bheadh páipéar gainimh agus bíonn cuma ubhchruthach orthu, le himill fiaclacha agus bíonn bioranna géara orthu. Airde: suas le 35m

Iúr (Taxus baccata)

Crann síorghlas é a bhíodh le feiceáil i bhfad níos minice fadó rud a léiríonn a lán logainmneacha. Bhíodh coillte ollmhóra iúir ann fadó. Iarsma is ea an choill iúir i gCill Airne. Bíonn na crainn baineann nó fireann. Fásann buaircíní beaga ar na crainn fhireanna agus scaipeann an ghaoth an phailin chun na bláthanna ar na crainn bhaineanna a thoirchiú. Sméara ramhra dearga iad na torthaí.

Thángthas ar chrann sóite i Co Fhear Manach i 1780 a raibh na craobhacha ag fás suas díreach. Bhí caora dearga ar an gcrann mar ba chrann baineann í. Cuireadh an crann seo go forleathann agus is sliocht den chrann áirithe sin an cineál is coitianta a aithnítear anois.  Glacann beithigh nimh ó dhuilleoga an iúir agus bíonn nimh freisin sna síolta. Iúr mór dúchasach an crann atá sa phictiúr thuas. Airde: suas le 26m

Léigh as Béarla anseo.

Scéim urraíochta Chomhairle Crann na hÉirean
Tugann ár scéim deis duit imeacht speisialta a chomóradh, cuimhneachán a dhéanamh ar dhuine muinteartha, nó crann a thabhairt mar bhronntanas trí crann a chur in ainm an duine a ainmníonn tú. Cuirfear uimhir ar leith ar gach crann agus eiseofar teastas le hainm an duine ar ainmníodh an crann ina ndiaidh ina n-onóir. Breis eolais le fáil ag treecouncil.ie nó r-phost trees@treecouncil.ie

Le tacaíocht ó Gas Networks Ireland

Téacs: Éanna Ní Lamhna, uachtarán ar Chomhairle Crann na hÉireann. Léaráidí: Getty Images. Foinse: Comhairle Crann na hÉireann

Éanna Ní Lamhna

Éanna Ní Lamhna

Éanna Ní Lamhna, a biologist, environmentalist, broadcaster, author and Irish Times contributor, answers readers' queries in Eye on Nature each week