“Is corrach an ceann ar a luíonn an choróin,” a dúirt Shakespeare agus níl duine ar bith a mhothaigh fírinne an ráitis sin níos mó ná ár dTaoiseach féin le seachtain anuas.
Leoga, beidh Enda Kenny féin agus páirtithe an chomhrialtais buíoch go bhfuil sos na Nollag ar leac an dorais chun iad a shábháil ó shíor-agóidíocht agus ó shíorcháineadh an fhreasúra.
Agus ná bíodh aon dabht ar éinne go bhfuil iomaíocht ghéar ar siúl anois ar bhinsí an fhreasúra chun an ceann is fearr a fháil ar an Rialtas. Nuair a fheiceann tú iar-Aire chomh séimh le Róisín Shorthall á caitheamh amach as an Dáil, tá rud éigin aisteach ag tarlú.
Tá sé aitheanta ag Teachtaí an fhreasúra ar ndóigh go bhfuil ceist na dtáillí uisce fós i mbéal an phobail agus nach ndéanfaidh sé aon dochar guth a ardú faoi sa Dáil.
Ach, ina dhiaidh sin, is iad na hAirí a ligeann an madadh rua isteach i dteach na gcearc lena n-iompar drochmheasúil. Ba léiriú í eachtra sin Shorthall nárbh eisceacht mhioscaiseach í Mary Lou McDonald.
Is deimhniú é b’fhéidir go bhfuil an Rialtas seo tuirseach agus toisc an tromlaigh mhóir atá acu go measann Airí gur féidir leo ceisteanna achrannacha a sheachaint go laethúil. É sin nó míniú níos measa – nach bhfuil na freagraí ag na hAirí nó go bhfuil eagla orthu iad a thabhairt.
Mar a luaigh tráchtaire amháin, tá atmaisféar an achrainn agus an doirn dúnta le braistint thart timpeall i dTeach Laighean ar na mallaibh nach raibh chomh suntasach go dtí seo.
Cá hiontas go mbeidh osna á ligint ag an Taoiseach agus ag a chomh-Airí nuair a scoireann siad dá gcuid oibre don Nollaig? Tá éirithe leo a lán oibre a dhéanamh an téarma seo agus ní féidir é sin a shéanadh. Ach is léir ar a n-aghaidheanna an cineál iontais, múisiam agus easpa tuisceana ar cén fáth go bhfuil an pobal ag díriú isteach ar mheancóg nó dhó fad is go ndéantar neamhaird ar an mhaitheas atá déanta acu.
In ainneoin na bolscaireachta go léir, tá a fhios ag an gcuid is mó acu nach dream beag scanrúil den eite chlé atá ag léirsiú ar na sráideannna ach gur daoine a vótáil dóibhsean atá i mórán acu. Tá an phian á cloisint ina gcuid oifigí Dáilcheantair agus sna pobalbhreitheanna. Is iomaí Teachta Dála a bhí ina shuí go te go dtí seo a mhothaigh greim fuar na heagla ina phutóga seachtain ó shin agus iad ag fanacht i mbastille cosanta na Dála leis an mháirseáil mhór.
Agus nuair a thosaíonn Teachtaí Dála ag éirí imníoch faoina gcuid suíochán, is i dtreo an chinn ar a luíonn an choróin a bhreathnaíonn siad.
Bhí eachtraí na seachtaine seo caite crua go háirithe mar sin ar Enda Kenny. Bhí an monabhar bagarthach tosaithe cheana féin i measc cuid dá pháirtí féin, griosaithe gan dabht ag torthaí na pobalbhreithe a ba dhéanaí sa nuachtán seo. Cá bhfios nach rachadh an monabhar sin i méid dá mbeadh an slua ar an mháirseáil i bhfad níos mó?
Ach, tháinig deus ex machina i gcabhair ar an Taoiseach i bhfoirm an rúin mhímhuiníne a mhol Sinn Féin. Nuair a thiontaigh an Rialtas é seo droim ar ais le moladh rún muiníne, d'fhág sé seo fiú Teachtaí amhrasacha gan rogha ach plódú isteach chun tacú leis.
Nuair a ba léir go raibh an mháirseáil féin mór – ach b’fhéidir níos lú ná an ceann roimh na hathruithe a rinneadh ar na táillí uisce – d’aon léim amháin bhí ár laoch saor, más go sealadach féin é.
Ba dheacair léamh cruinn a fháil ar an mháirseáil sin. Bhí an oiread dreamanna éagsúla ag teacht agus ag imeacht. Ag pointe amháin bhí an príomhchruinniú tosaithe ar thaobh amháin de Theach Laighean (Cearnóg Mhuirfean) fad is a bhí eireaball na máirseála ag argóint le Gardaí i Sráid Chill Dara. Bhí an tinreamh réasúnta le haghaidh agóide ar lá seaca i lár na seachtaine ach níor leor é le hathrú iomlán intinne a chur ar an Rialtas.
Bí cinnte de go raibh na hAirí a bhí ag breathnú amach ó chúl na gcuirtíní ag comhaireamh leo agus ag smaoineamh conas a déarfadh siad lena mná céile go raibh an mhuc imithe agus a muin léi.
In ainneoin na héiginnteachta, seasfaidh an Rialtas an fód anois agus súil acu gur leor an géilleadh ar na táillí chun cuid mhór den mheánaicme a bhaint den bhfeachtas.
Tháinig Enda Kenny slán as an mbearna bhaoil an iarraidh seo ach beidh farraigí arda ag fanacht leis san athbhliain. Tá sé féin agus a leathbhádóir Joan Burton ag súil go rachaidh an buiséad i bhfeidhm ar phócaí daoine i mí Eanáir, go mbeidh níos mó airgid le caitheamh acu. Ach is ar éigean an curfá seo as a mbéal nuair a d’fhógair an ESRI gurbh fhánach an dóchas é.
Go bunúsach, deir an ESRI nach ag cosaint na mbocht nó ag cabhrú le lucht meánioncaim a bheidh an buiséad ach gurb iad siúd ar an bpá is airde a bhainfidh an tairbhe is mó as.
Nollaig shuaimhneach go raibh acu mar tá athbhliain “dúshlánach” eile rompu.