Chreideadar i bhfinscéal airm ollscriosta na hIaráice, agus chreideadar an ceann faoi Osama agus Saddam a bheith ag imirt daichead cúig le chéile i bpluais i dTora Bora, is iad ag scéiméireacht faoi ionsaí eile a dhéanamh ar Nua-Eabhrac.
Ar an gcúigiú lá de mhí Feabhra i 2003, d'fhéachadar go bolgshúileach ar Colin Powell bocht is é ag súgradh lena bhréagáin ag na Náisiúin Aontaithe, is é ag mar dhea ag léiriú airm ollscriosta Saddam don té a chreidfeadh é. Tá a fhios againn gur chreideadar sna miotais seo, mar dúradar linne é.
I mí Feabhra na bliana 2003, dúirt an t-IarAire Gnóthaí Eachtracha, Brian Cowen, (is níorbh é an chéad uair aige é), go raibh airm ollscriosta ag an Iaráic agus nach mbeadh aon leisce ar Saddam iad a chur i mbun gnímh.
Ar an 20ú Márta 2003, dúirt an Taoiseach sa Dáil go raibh toil léirithe ag an Iaráic "ionsaithe díreacha" a dhéanamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ní raibh teorainn lena gcreideamh.
Chreideadar chomh maith i miotas "45 nóiméad" rialtas Blair agus i miotas "púire muisiriúní" Condoleezza Rice. Chreideadar gur bhaol do shábháilteacht an chomhphobail idirnáisiúnta a bhí san Iaráic agus is dócha, ar a laghad, go bhfuil an méid sin fíor anois.
Is mar gheall ar a gcreideamh a dhein an rialtas argóint sa Dáil, ar an 20ú Márta 2003, gur cheadmhach Aerfort na Sionna a bheith á chur ar fáil do thrúpaí Bush. B'fhéidir gur le hintinn mhaith a dhein an Rialtas amhlaidh.
Agus b'fhéidir narbh é rialtas na hÉireann a chum ná a chéadcheap an miotas bunaidh a sholáthair údar dá n-argóintí, ach ní foláir glacadh leis chomh maith nár baineadh aon chreathadh as a gcreideamh ó shin, d'ainneoin agus nach seasfadh creideamh an ghnáthdhuine an t-amhras atá caite ar argóint na n-arm ollscriosta.
Nuair a chinn an Iraq Survey Committee, ina dtuarascáil deireanach i nDeireadh Fómhair na bliana 2004, nach raibh aon airm ollscriosta ag Saddam ó bhí 1991 ann, seans gur chaith lucht an chreidimh uile-chumhachtaigh oícheanta fada is iad cráite ag an amhras - ach má chaith, ní dúradh faic.
Faoi láthair, tá na Náisiúin Aontaithe ag iniúchadh ról Aerfort na Sionna i dtaobh iompar mídhleatach phríosúnaithe go dtí tíortha nach bhfuil cosc ar chiapadh iontu, polasaí a théann glan in aghaidh an dlí idirnáisiúnta.
Is é dearcadh an Rialtais ná go mbeadh ráite ag rialtas na Stát Aontaithe leo dá mbeadh a leithéid ag tarlú, mar go bhfuil dualgas orthu an méid sin a dhéanamh. Agus ní chuirfeadh dream mar rialtas Mheiriceá a chairde amú, an gcuirfeadh?
Tá ráite ag an Aire Dlí go bhfuil na Gardaí ag fiosrú an scéil ach níl aon fhianaise ann go ndeachaigh aon Gharda riamh ar bord eitleáin le féachaint an raibh aon ní as ord. Is treise a gcreideamh ná sin.
Ní féidir a mhaíomh a thuilleadh gurb iad lucht an easpa creidimh, mar aon le cúpla gealt giobalach a bhíonn ag comhaireamh eitleán, is cúis leis na líomhaintí is déanaí seo faoi mhí-úsáid Aerfort na Sionna.
"Extraordinary rendition", a thugtar ar pholasaí an CIA ciapadh a bpríosúnaithe a easpórtáil. Tá trácht déanta ar ról Aerfort na Sionainne san "extraordinary rendition" sin ag an Washington Post agus ag Seymour M. Hersh, an t-iriseoir a bhris scéal slad My Lai i Vietnam, ina leabhar Chain of Command: The Road from 9/11 to Abu Ghraib.
Tá Rialtas na Danmhairge chomh suaite sin faoi na heitiltí sa tSionainn go bhfuil cosc curtha acu féin ar eitiltí an CIA. Bunaíodh fiosrú pairliminte sa tSualainn a shocraigh go raibh dlí na tíre sin briste ag an CIA nuair a d'fhuadaigh siadsan beirt fhear i Stockholm.
Tá póilíní na hIodáile ag iarraidh teacht ar 19 gníomhaí ón CIA a raibh baint acu le fuadaithe sa tír sin. I láthair na huaire tá na Náisiúin Aontaithe den tuairim go bhfuil dóthain fianaise ann le hiniúchadh a thionscnamh i ról Aerfort na Sionna sa treascairt seo ar chearta daonna.
Ba dhóigh leat go mbeadh cúpla oíche gan chodladh caite ag an Aire Dlí agus Cirt agus brat allais amach tríd ag an amhras, agus é á mhaíomh go forleathan go bhfuil an baol ann go bhfuil daoine nach bhfuil ciontaithe fós á bhfuadach agus á dtabhairt trí Aerfort na Sionna ar a mbealach go tír ina gceadófar leictreoidí a cheangal dá magairlí in ainm an daonlathais - ach má tá an rian is lú amhrais air, níl an tAire ag ligint faic air.
Tugann dearcadh an Rialtais i leith sholáthar Aerfort na Sionna do thrúpaí Bush brí nua don téarma 'duty-free'. Seo an creideamh gan choinsias a léirigh Willie O'Dea, atá anois ina Aire Cosanta, i ndíospóireacht Dála roimh thús an chogaidh san Iaráic i 2003.
Bhí sé ag dul de O'Dea aon chiall a bhaint as lucht an amhrais is a rámhaille faoi na WMDs agus a laghad acu a bhí ag Saddam: "Will that save one life?" arsa O'Dea.
"The answer is obvious. It is a futile gesture, a textbook example of derelict idealism, yet it is insisted we have a moral obligation to withdraw these facilities".
Lean O'Dea air ag tabhairt léasadh teanga doíbh siúd a cheistigh a thuairimí féin; dream iad, dar leis, a raibh fonn orthu "Russian roulette" a imirt leis an "national interest."
Más rud é go bhfuil príosúnaithe fuadaithe á dtabhairt trí Aerfort na Sionna ag an CIA agus iad á seoladh go tíortha ina bhfuil an ciapadh ceadaithe an gníomh in aisce, "futile gesture", a bheadh ann gan áiseanna na Sionna a sholáthar a thuilleadh?
Cad iad na critéir lena dtugtar breithiúnas i dtaobh cad is "leas na hÉireann" ann? Ba dheas an rud é tuairim O'Dea a fháil.
Seans go bhfuil sé ar aon tuairim leis an Taoiseach a mhaígh an méid seo a leanas sa Dáil chomh fada siar le Márta na bliana 2003:
"The issues are not black and white. It is easy to address issues in absolute terms. The responsibility of Government does not always allow that luxury."