Ag ceiliúradh leis an Fhoras - hó! hó! hó!

Tuarascáil:  Is ait an chiall atá ag Foras na Gaeilge do chúrsaí ama

Tuarascáil: Is ait an chiall atá ag Foras na Gaeilge do chúrsaí ama. Tóg an taispeántas a bhí ag an eagras thuaidh/theas an tseachtain seo caite i Leabharlann Chester Beatty, Baile Átha Cliath, "Ceiliúradh - an Ghaeilge sa Mhílaois Nua."

An mhílaois nua? Na hocht mbliana atá imithe tharainn, an ea? Ocht mbliana gearra le taispeáint, de réir an Fhorais, a bhfuil "bainte amach ar son na Gaeilge agus ag pobal na Gaeilge".

Tharla cúpla rud fiúntach ach níor bhain mórán acu leis an Fhoras. Ó, fan go bhfeice mé, nár bunaíodh Foras na Gaeilge mí na Nollag, 1999? Cinnte, bunaíodh. Féirín deas a thit amach as mála Dhaidí na Nollag mar chuid de chainteanna Chomhaontú Bhéal Feirste. Agus ó tá seal na gcomhaltaí boird caite an mhí seo, nár dheas cóisir - mo leithscéal - ceiliúradh a reáchtáil le taispeáint dóibh a bhfuil bainte amach acu agus slán a fhágáil leo?

Is ait an chiall atá ag an Fhoras do thaispeántas fosta - fás aon oíche a bhí ann mar thaispeántas. Chuaigh lucht an Fhorais a fhad leis an leabharlann; chroch siad a gcuid picitúirí; bhí ceiliúradh acu; d'imigh abhaile agus thóg a gcuid pictiúirí leo.

READ MORE

Ach bíodh sin mar atá, bímis ag ceiliúradh. An t-am seo anuraidh, bhí príomhfheidhmeananch an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, ag scríobh chun an nuachtáin seo le gearán a dhéanamh faoin "disaffected rump", lucht na Gaeilge a bhí cáinteach faoina eagras leis an cholún seo.

I mbliana, tá caint ina phreasráiteas go bhfuil "súil againn go léireoidh an taispeántas seo a bhfuil bainte amach ag an nGaeilge ó thús na Mílaoise. Táimid ag dúil le tógáil ar an méid seo agus le leanúint ar aghaidh leis an gcur chuige tionsnamhach atá againn i leith fhorbairt na teanga ar fud oileán na hÉireann."

Faraor, níl an disaffected rump sásta ar fad. D'eisigh Conradh na Gaeilge preasráiteas arú inné agus iad ag déanamh gearáin faoi "mhí-éifeacht" an Fhorais. Ní bhfuair an Conradh eolas ar bith go fóill faoi dheontais don bhliain seo chugainn. Dá bharr sin, tá siad i ndiaidh fógraí scoir a thabhairt do roinnt oibrithe.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Fhorais, áfach, go raibh súil acu maoiniú na n-eagras agus scéimeanna pobail a fhógairt i ndiaidh cruinniú boird Dé Luain seo chugainn. Níor éirigh leo measúnú a dhéanamh ar gach iarratas go dtí seo de bharr brú ama.

Á, an Nollaig. Síocháin ar domhan agus dea-thoil do gach duine.

Hó! Hó! Hó!

'Míshásta'

Dhiúltaigh eagais dheonacha Ghaeilge freastal ar chruinniú in Ard Mhacha inné a bhí eagraithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar Fhoras na Gaeilge. Ní raibh na heagrais sásta nár cuireadh seirbhís Ghaeilge ar fáil dóibh.

Ar na eagrais, bhí: Gael-Linn; Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; Glór na nGael; Comhluadar; Coláiste na bhFiann; Conradh na Gaeilge; Forbairt Feirste agus Pobal.

Dúirt ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go raibh na heagrais "míshásta". Scríobh sé go dtí an Rúnaíocht Thuaidh/Theas, a bhí freagrach as an chruinniú, ag iarraidh go mbeadh ateangaire ar fáil don chruinniú.

Chuir an Rúnaíocht a litir ar aghaidh chuig an Taoiseach, Bertie Ahern, Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Shaun Woodward agus na hairí Edwin Poots agus Éamon Ó Cuív.

Ba thrua leis na heagrais, a dúirt de Spáinn, gur chaill siad deis a dtuairimí ar an Fhoras a nochtadh agus gur fháiltigh siad roimh an athbhreithniú, rud a bhí le feiceáil as an tinreamh. D'éiligh siad go mbeadh cruinniú eile ann agus ateangaire ar fáil.

Dallamullóg dlí

'Foilsíonn an tAire Ó Luineacháin Bille chun úsáid níos fearr sa Ghaeilge ag Lucht Dlí a chur chun cinn."

Ba dheacair teacht ar iarracht níos fearr chun dallamullog a chur ar an phobal ná an preasráiteas a d'eisigh an Roinn Dlí, Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí Dé hAoine seo caite agus Bille na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) á fhoilsiú, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Insítear dúinn ann a bhfuil beartaithe chun deis a thabhairt do mhic léinn dlí, a bhfuil an fonn sin orthu, feabhas a chur ar a gcumas Gaeilge.

Ach is ar éigean go bhfuil tagairt ar bith don bheartas atá sa Bhille deireadh a chur leis an cheangal a bhí ar mhic léinn dlí, de réir Acht Aturnaethe 1954, dhá scrúdú Ghaeilge a dhéanamh sula mbeadh cead acu cleachtadh mar dhlíodóirí.

Deirtear linn go gceanglófar ar "Óstaí an Rí agus ar an Dlí-Chumann aird a thabhairt ar bheartas an Rialtais maidir leis an dátheangachas agus bearta réasúnacha a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh líon leordhóthanach abhcóidí agus aturnaetha in ann an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge".

Mar is eol d'aon duine a bhfuil taithí aige nó aici ar reachtaíocht a bhaineann leis an Ghaeilge tugann focail mar "bearta réasúnacha" agus "leordhóthanach" bealach éalaithe do na húdaráis gan a ndualgas a dhéanamh.

Deirtear ann go gceanglófar ar Óstaí an Rí agus ar an Dlí-Chumann cúrsaí ar théarmaíocht dlíthiúil agus ar thuiscint téacsanna Gaeilge a reáchtáil agus ardchúrsa ar chleachtadh an dlí trí Ghaeilge mar "ábhair roghnacha" ag mic léinn dlí a bhunú, chomh maith le clár ina dtaispeánfar mionsonraí cleachtóirí atá in ann seirbhísí dlí a sholáthar i nGaeilge.

Ní féidir a shéanadh gur mhór an dul chun cinn na cúrsaí seo bheith ann, ach i Stát ina ndeirtear tús áite a bheith ag an leagan Gaeilge den Bhunreacht ar an leagan Béarla is beag duine réasúnta a cheapfadh é bheith míréasúnta ceangal a chur ar gach ábhar dlíodóra cúrsa mar sin a dhéanamh.

Cuireadh cúrsaí 'roghnacha' ar bun do státseirbhísigh i 1972 nuair a cuireadh deireadh le héigeantas cáilíochtaí sa Ghaeilge chun post a fháil sa státseirbhís. Níor tháinig méadú ar líon ná ar chumas na státseirbhíseach a bhí in ann freastal ar an phobal i nGaeilge.

Gradam gnó

Bhronn Údarás na Gaeltachta duaiseanna Ghradam Gnó na Gaeltachta ar chúig chomhlacht Ghaeltachta ar ócáid i nGaillimh oíche Dhomhnaigh. Ba é an comhlacht teilifíse Nemeton a thug mórdhuais an chomórtais leo agus a bhain sa chataógir Teangabhunaithe fosta.

Bronnadh gradam na Mórchomhlachtaí ar Earagáil Éisc, Mín an Aoire, Co Dhún na nGall, as a gcuid oibre le táirgí sliogéisc. Tugadh gradam na Nuálaíochta do Éirecomposites, an Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, as dearadh, táirgeadh agus tástáil ábhair éadrom ilchodach.

Bhain an dara comhlacht as Conamara, Earraí Coillte Chonamara, gradam as próiseálaí adhmaid, próiseas nach mbíonn dramhaíl mar thoradh air. Ba é Brian de Staic Teo, an Daingean, Co Chiarraí, a fuair gradam Acmhainní Nádúrtha as a gcuid seod lámhdhéanta.

Dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, go raibh dóchas aige go mbeadh an gradam "ina inspioráid d'fhiontraithe eile féachaint ar na Gaeltachtaí mar láthair ina bhfuil lucht saothair le hardscileanna agus atá ardoilte, áit a bhfuil ráta iomlaoide foirne níos ísle ná an meán náisiúnta agus áit a bhfuil caighdeán saoil nach bhfuil le fáil in aon áit eile".

Bhí sé bródúil as gach comhlacht a bhí ainmnithe sa chomórtas "as a bhfís, a ndíograis agus a rath".

abhcóideadvocate

dea-thoilgood will

féiríngift

fiontraíentrepreneur

reachtaíochtlegislation