Ag déanamh m'anama in Inse Gall

BEOCHEIST: TÁ MO chroí istigh i nGáidhlig na hAlban le fada riamh. Cor rómánsúil ionam é

BEOCHEIST:TÁ MO chroí istigh i nGáidhlig na hAlban le fada riamh. Cor rómánsúil ionam é. Is geall le gaolta gairide a bheith aimsithe ag duine é, gaolta a bhfuil saibhreas breá cultúir teanga is ceoil acu.

Cuireann a bhfoghlaimím uatha agus mar gheall orthu gliondar is éirí croí orm. Imíonn an duairceas is lagmhisneach a bhaineann le heaspa stádais is measa ar mo theanga im thír féin díom nuair a chaithim seal ina measc thall.

Le fíordhéanaí bhí sé de phribhléid agam turas a thabhairt ar Eileán Leodhais, ceann d’oileáin Inse Gall, nó na hoileáin i bhfad siar. Tá cáil na gceartchreidmheach, an Cailvíneachas go deimhin ar an oileán áirithe seo.

Áit é nár mhaith duit a bheith Domhnach agus tart ort, abraim. Cháin an file Somhairle Mac Gioll-eáin de shliocht Preispitéireach i Ratharsair ar Eileán Sgitheanach an dream céanna as ucht an dearcadh a mheas sé a bhí acu i leith na n-ealaíon agus na n-ealaíontóirí agus mar a luigh siad ar dhaoine bochta sa tslí is gur mheasadar-san nach raibh faic i ndán dóibh ach dólás is cruatan ar an saol seo agus ifreann damanta síoraí ar an saol eile.

READ MORE

Agus an méid sin go léir ráite, sa lá atá inniu ann agus ó mo thaithí phearsanta féin, is daoine breátha suáilceacha iad áitreabhaigh Leodhais.

Má chuireann siad clabhsúr ar oíche caidrimh is céilí le babhta cantain Sailm ceolmhar beannaithe i nGaidhlig bhinn na cosmhuintire nach amhlaidh is fearr é.

Codladh sámh aige Críostaí is Págánach araon. Cúpla bliain ó shin bunaíodh stiléir ar an oileán den gcéad uair riamh. Nach é Calvin a bheadh ag iomlasc ina uaigh dá gcloiseadh sé go raibh Mac na Braiche á dhiúgadh ar oileán beannaithe Leodhais?

Ar an dé deiridh atá an teanga ann áfach, mar aon le mórchuid ceantar Gaeltachta na tíre seo. Ag seandaoine is mó atá sí, í tréigthe ag na daoine óga. Dá mhéid dua agus ugach a tugadh do dhaoine óga sa tír seo meas a bheith acu ar a dteanga dhúchais, tá sí tréigthe acu mar ghnáth-theanga cumarsáide laethúil. Briseadh croí a leithéid.

An fodhuine óg a casadh orm a raibh Gaidhlig acu, is le ceann faoi agus náire nach mór a d’admhaidís í a bheith acu. Leathadh an dá shúil ar dhaoine meánaosta ar chlos dóibh go raibh suim agat an teanga a labhairt leo. Is mó fáth atá leis an ndearcadh-san is dócha.

Tháinig an-chuid daoine ón mórthír chun cónaí ar an oileán álainn “iargúlta” seo, nárbh fhiú leo an teanga a fhoghlaim agus nár chuir spéis sa saibhreas cultúir a leanann é, rud atá fíor in áiteanna sa tír seo atá i ngiorracht scread asail do chuid againn. Cothaíonn a leithéid ísle croí i measc na ndaoine a fuineadh is a fáisceadh as an dteanga.

Tá eisceachtaí thall a thabharfadh misneach do dhuine. San áit go raibh mé “ag ionnsachadh” Gáidhlig an babhta seo tá tréan iarracht á dhéanamh ag dornán beag daoine an teanga is an cultúr a chaomhnú is a athbheochan.

Sasanach a chuir mar dhua air féin an teanga a fhoghlaim atá ina cheann feadhain ar ionad pobail is cultúir in áit darb ainm Rubha an Fhithlich i Ceann a’ Deas nan loch. Sin é John Randall, fear a bhfuil obair na gcapall á dhéanamh aige. Tá ionad pobail tógtha acu ina bhfuil siopa agus caife.

Ní beag an méid sin in áit atá 20 míle ón mbaile mór is cóngaraí dóibh, sin é Stéornabhagh. Chomh maith leis sin tá cumann staire acu, mórchuid paimfléad ar stair na mbailte áitiúla á bhfoilsiú acu, iarsmalann ina bhfuil samplaí de na huirlisí is airnéis a bhíodh ag iascairí, mná tí, ceardaithe éagsúla, cartlann Aonghais MhicLeoidh laoch áitiúil a bhfuil bailiúchán luachmhar dá shaothar staire ar taispeáint.

Anuas air sin, tá dlúthdhioscaí d’amhráin thraidisiúnta amhránaithe an cheantair ar fáil ann, go háirithe Calum Ceannadaich fear a bhí ina réalt mór teilifíse agus raidió ó na 1960í agus a bhfuil a ainm in airde sa cheantar fós.

Le cúpla bliain anuas le maoin ón eagraíocht Colmcille eagraíonn Ionad Rubha an Fhíthich ranganna teanga is cultúr d’Éireannaigh agus is ceann de na cúrsaí sin a mheall ar an oiléan mé féin an babhta seo. Bhí mé ann blianta fada ó shin ar Chuairt nam Bárd a eagraíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. An uair úd, bhí an teanga forleathan, ní nach amhlaidh inniu faraor.

Agus an méid sin go léir ráite tá saibhreas thar na bearta le roinnt ag na hAlbanaigh Ghaelacha linne i gcónaí. Gan trácht ar a dteanga, tá stór amhrán acu “a mhealladh an t-éan ar chraoibh”. Amhráin oibre agus saothair, amhráin a bhrisfeadh do chroí, amhráin a chuirfeadh na míolta a rince, amhráin le hanam na marbh.