Beocheist: "Éalú chun na hOllainne" an tríú caibidil i Candide le Voltaire (1694-1778), leabhar a ndéantar scigmhagadh ann ar an teagasc "pé ní a thiteann amach is é barr do leasa é".
D'éalaíos féin chun na hOllainne le déanaí agus, in ainneoin an leabhar bheith ina aor, tharla an oiread sin tubaistí beaga dom ar mo bhealach ann, gur beag nach rabhas féin ag gabháil don chineál sin smaoinimh.
Maidin an lae a bhíos ag fágáil chuas chun an ollmhargaidh le bia na deireadh seachtaine a cheannach do na leanaí a bhí ag fanacht sa bhaile.
Céard a rinne mé ansin ach na heochracha a fhágáil taobh istigh nuair a dhún mé doras an chairr. Uair an chloig beagnach a thóg sé orm siúl ann agus ar ais.
Ar tí ticéad traenach a cheannach, gan mórán ama fágtha agam fá choinne moille, chualas go raibh tine ar an líne agus nach raibh aon dul as ach dul cuid den bhealach ar bhus.
Cheannaíos ticéad bus ach ar chloisteáil gur aistear 45 nóiméad a bheadh ann in ionad 15, ghlacas go drogallach le comhairle paisinéara eile fios a chur ar thacsaí, ach arsa an fear réchúiseach ina oifig bheag trasna an bhóthair: "Ní bheidh carr ar bith agamsa, go ceann leathuaire, ar a laghad."
"Bhuel," arsa mise liom féin "Tá an bus fós ann." Bhí sé ann ceart go leor ach bhí sé lán. Trí ghloine an dorais thaispeáin mé mo thicéad don tiománaí ach d'imigh sé leis.
"Bíodh an diabhal ag an iompar poiblí," arsa mise, ag caint liom féin arís. "Gabhfaidh mé ag an aerphort sa charr." Leis sin, tháinig cúpla casadh maith ar an lá.
Sa bhaile, is éard a bhí faighte ag an mac is óige sa bhosca mór calóga a bhí ceannaithe agam ar ball ná Dougal, an ceann deireanach de na figiúirí Magic Roundabout a raibh ag cinnt air le tamall teacht air.
Agus, nuair a d'insíos faoin tine, tugadh cead dom an carr a fhágáil sa chlós ba ghaire ar phraghas an chlóis níos faide amach.
Shroicheas an t-aerphort in am, fuaireas cárta bordála ó mheaisín agus sheasas i scuaine don tseiceáil slándála. Ní bheadh aon chuma air mar scéal, áfach, gan riail na dtrí.
Thugas faoi deara, i láimh mná taobh liom, rud a chuir cuma shlachtmhar uirthi. De réir a chéile a tháinig sé chugam, gurbh é a bhí sa ruidín beag marún sin ná pas.
Rud nach mór a bhreith leat ar laethanta saoire, rud nach raibh i gceachtar de mo dhá mhála, ina raibh dhá sciorta, dhá leabhar, dhá pheann srl, rud nach bhféadfainn dul ar an eitleán dhá uireasa.
Cuireann an tríú heachtra cor nua ar scéal. B'í sin eitilt dheireanach an lae ach le cúnamh dea-shíóige, a raibh éide Aer Lingus uirthi, laghdaíodh mallacht na drochshíóige, agus eisíodh ticéad don lá dár gcionn.
Ó bhí an oíche ag titim ba dheas an carr agus an tionlacan abhaile, ar chnuasthéip de chuid de na hamhráin is fearr liom, ó Lennie, Bob, Mick agus Kurt. Agus sracfhéachaint a fháil freisin, ar cheann de na foirgintí is fearr liom, an Casino a thóg Chambers 250 bliain ó shin d'Iarla Charlemont.
Mar sin féin, tháinig sliocht chugam as Walden le Thoreau (1817-1862). Déanann sé argóint in aghaidh obair lae a dhéanamh le praghas ticéad traenach a thuilleadh dá bhféadfá agus, in ionad an lá oibre, do thuras a dhéanamh de shiúl na gcos. Nuair a ghlacas le tairiscint trí lá oibre ag gabháil do scrúduithe béil, dúras liom féin go bhfaighinn praghas mo thicéid air.
Is í an fhírinne go rabhas ag dul ann ar aon nós agus gur mé bheith caite amach ag an obair sin ba chúis liom dearmad a dhéanamh ar mo phas, rud a ghiorraigh mo shaoire agus ó b'éigean dom tacsaí a fháil ar maidin a chuir lena costas.
Dhá lá a chaitheas san Ollainn. Lá fliuch in Amsterdam agus lá aoibhinn grianmhar rothaíochta arbh fhiú dua na laethanta roimhe sin é. Go trá ghaineamhach Scheveningen, uaidh sin go lár chathair ríoga an Háig, agus uaidh sin cois abhainn, go baile potaireachta ghorm Delft. Thabharfadh an phlásóg bhreá agus na droichid bheaga bhána thar na canáil, Veinéis na hIodáile chun cuimhne.
Ag ithe suipéir ag bord a raibh cairpéad dearg de phatrún Peirseach leagtha anuas air bhí cóip mhaith de phictiúr le Vermeer (1632-75) ar an mballa os mo chionn, a chuir miongháire ar m'aghaidh. Is é a bhí ann "Bean Uasal ag Scríobh Litreach lena Bean Choimhdeachta", an ceann a ghoid Martin Cahill ó Theach Russborough, Co Chill Mhantáin, agus atá anois sa Ghailearaí Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.