OÍCHE AOINE atá ann agus tá mé ag fulaingt ar son na cúise arís eile. Is in óstán galánta in aice le Baile Dhún na nGall, Co Dhún na nGall, atá mé agus mé i láthair do Ghradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge.
Tá fostaí de chuid an óstáin i ndiaidh mo mhálaí a iompar chun mo sheomra agus camchuairt den seomra a thabhairt dom. Tá sé ag fanacht le síneadh láimhe. Síneadh láimhe, a fhiafraím díom féin? An bhfuil tú cinnte gur i dTír Chonaill atá tú?
Ní bréag a rá gur camchuairt a thug sé dom. Tá an seomra chomh mór sin go mothaím go bhfuil an chuid íochtair de i dTír Chonaill agus an chuid uachtair de i Liatroim; tá teilifíseán plasma ann ar leithne a scáileán ná mórán scáileán pictiúrlainne agus cuisneoir le rogha gach dí agus, bhuel, níor bhac siad le spás a chur amú le togha gach bia. (Chan cuisneoir go cavier.)
Ach ní hé sin is iontaí ar chor ar bith ach an folcadán. Bí ag caint ar fholcadán mór: dá dtigeadh Fionn agus na Fianna anuas as na Cruacha Gorma, bheadh fairsinge ann dóibh agus Clann Uisnigh agus Cú Chulainn fosta. Ag fulaingt ar son na cúise atá mé. Ag fulaingt!
Bíonn drogall orm an seomra a fhágáil. Téim síos agus tá plúr na hiriseoireachta ag caint faoi ábhair mhóra an lae. Ag magadh atá mé. Caitheann muid an oíche ag caint faoi jacuzzi. Is cosúil go bhfuil jacuzzi ag roinnt daoine. Níl jacuzzi agamsa; níl agamsa ach folcadán ollmhór.
Déanann duine éigin iarracht an comhrá a tharraingt ar ábhar cultúrtha. Luaitear na Ceithre Máistrí agus a n-annála. Ar Bhaile Dhún na nGall, cúpla míle ar shiúl ó óstán na jacuzzi, a thug siad faoin saothar sin. Oiread chéanna liom féin, ní raibh jacuzzi ná jacuzzi ag na Ceithre Máistrí. Mise agus na Ceithre Máistrí ag fulaingt le chéile.
Agus níor bronnadh Gradam Cumarsáide orthu riamh ach oiread, bíodh is go ndearna siad a ndícheall chun cumarsáide leis na hannála sin acu. Agus is dócha gur beag seans go bhfuair siad tráth bia chomh maith agus a fuair na haíonna agus ní dócha gur chaith siad oíche riamh i gcuideachta bhantracht álainn na hÉireann faoina ngúnaí deasa faiseanta. Sea, nuair a dhéanann tú do mhachnamh air, is beag buntáiste a thug an Ghaeilge do na Ceithre Máistrí bochta.
Bíodh sin mar atá, bronnadh Colúnaí na Bliana ar Alan Titley as a cholún, Crobhingne ar an pháipéar seo; Iriseoir na Bliana (Cló) ar eagarthóir Foinse, Seán Tadhg Ó Gairbhí; Pearsa Raidió na Bliana ar an tráchtaire spóirt, Mícheál Ó Sé (RnaG); Pearsa Teilifíse na Bliana ar an láithreoir, Síle Ní Bhraonáin (TG4); Nuachtóir na Bliana ar Sharon Ní Bheoláin (RTÉ); Aisteoir na Bliana ar Mhac Dara Ó Fátharta as Ros na Rún (TG4); Clár Raidió na Bliana ar Adhmhaidin (RnaG); Clár Teilifíse na Bliana ar Cré na Cille (TG4) agus Buaic-Ghradam ar an iriseoir agus léachtóir, Nollaig Ó Gadhra.
'Cúlú Stáit'
'Ó THAOBH na Gaeilge de, tá an Stát tar éis cúlú ó pholasaí náisiúnta an dátheangachais go polasaí nua a seoladh i 2006, polasaí atá teoranta anois le húsáid na Gaeilge i saol pearsanta an duine," a dúirt Roibeard Ó Ceallaigh, cathaoirleach, An Clár as Gaeilge. Bhí an Ceallach ag caint le linn bhronnadh Ghradam Ghlór na nGael ar choiste na hInse, Co an Chláir, Dé Sathairn.
Dúirt Ó Ceallaigh go raibh an Stát "ag scaoileadh cheannaireacht na teanga uaidh go dtí an gnáthdhuine agus tá todhchaí na teanga anois ag brath orainne, tusa agus mise. An cheist, an bhfuilimid in ann an cheannaireacht seo a chur chun cinn le haon rath? Cá bhfuil ár gceannairí le brath san allagar iasachta seo?
"Nó an eol don ghnáthphobal cé hiad ceannairí na ngluaiseachtaí éagsúla Gaeilge agus a n-aidhmeanna? Tá géarghá le spreagadh agus tacú níos láidre a thabhairt do mhuintir na Gaeilge agus muid i dtús aoise nua chun go mbainfí fómhar na hoibre atá réitithe agus síolraithe ag tógraí Ghlór na nGael le 50 bliain anuas."
Is é seo an ceathrú huair gur bhain pobal na hInse príomhdhuais Ghlór na nGael agus bhronn Ard-Stiúrthóir RTÉ, Cathal Goan, trófaí agus seic €50,000 orthu as a gcuid oibre.
Nós nua
'NÁ DÉAN nós agus ná bris nós," a deirtear ach tá Félim Borland (24) i ndiaidh droim láimhe a thabhairt leis an chomhairle sin. Tá Borland ar dhuine d'eagarthóirí iris nua Idirlín, nós* (www.nosmag.com). "Iris Ghaeilge don nua-aois," an mana atá ag lucht na hirise agus tá sí dírithe ar dhaoine idir 18 agus 35 bliain d'aois. Dúirt Borland gur mhothaigh sé féin agus a chairde go raibh bearna sa mhargadh den chineál sin foilseacháin ina mbeadh ábhar do mhic léinn agus do dhaoine gairmiúla.
Ba mhian leo "plé a dhéanamh ar chúrsaí a mbíonn spéis ag daoine óga iontu" agus an t-ábhar a choinneáil "chomh héadrom agus is féidir". Dá mbíodh cúrsaí polaitíochta ann a bhain le daoine óga, dhéanfadh siad cur síos orthu, a dúirt sé.
Tá Borland ina theagascóir Gaeilge ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, faoi láthair. Tá sé féin agus a chomhghleacaithe ag obair go deonach ar nós* agus rún acu é a chur ar líne uair amháin sa mhí. Is é a mian fadtéarmach an iris a chur ar fáil i bhfoirm chlóite. Seoladh an chéad eagrán ar Lá Fhéile Pádraig agus rinne 1,000 duine íoslódáil air, a dúirt sé.
Murab ionann agus Beo! (www.beo.ie) ní thig leat nós* a léamh ar líne. Caithfidh tú an t-eagrán a íoslódáil agus beidh acrobat reader de dhíth ort le í a léamh.
Sin déanta agat, ní fada go dtéann an dearadh breá i bhfeidhm ort. Tá aiste ar an fhear grinn, Des Bishop agus rogha leathan ábhair ar chúrsaí taistil, scannáin, na t-léinte is fearr, léirmheasanna ceoil agus scannáin agus colún ar chúrsaí collaíochta, An Cailín sa Chathair, ina mbaineann an cailín dásachtach triail as bréagáin ghnéis don seomra leapa.
Ciall nua-aoiseach don sean-nath sin: mol an óige agus tiocfaidh siad!
Pota Poots
NÍL CLÚ na Gaeilge ar Aire Cultúir Thuaisceart Éireann, Edwin Poots, ná ar mórán daoine eile sa DUP. Tá go leor de lucht na Gaeilge sa Tuaisceart ag gearán nach bhfuil Acht Gaeilge acu nó maoiniú breise don Chiste Craoltóireachta Gaeilge le fáil.
Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil spéis ag Poots i dteangacha. Thug sé airgead breise don Ultais - £3 milliún - ar na mallaibh agus tá a chuid tuairimí le léamh faoin 'Phota Pádraig' seo ar eagrán mhí an Mhárta de The Ulster-Scot, foilseachán oifigiúil tha Boord o Ulster-Scotch.
Dúirt Poots leo: "The increase in funding will have a very real impact on the ground. The activities being funded are primarily cultural-based, which will make them accessible to people across the community."
Impact? Imeachtaí ar talamh. Go maith, a Aire. Agus an rud atá fíor i gcás na hUltaise, bíonn sé fíor fosta i gcás cén teanga eile...?
agallamhinterview - allagar (loud) talk - annálarecords (dates) - camchuairttour - ceannaireachtguiding - cuisneoirrefrigerator - dásachtachaudacious - drogallreluctance - eagránissue - fairsingewidth - fiúntasworth - folcadánbath - irismagazine - nóscustom - síneadh láimhetip (money) - spreagadhencouragement