Aire Oideachais ag seasamh lena polasaí

Tuarascail: Chuaigh an iaróg idir eagras comhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge sa Stát, Gaelscoileanna Teo, agus an tAire …

Tuarascail:Chuaigh an iaróg idir eagras comhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge sa Stát, Gaelscoileanna Teo, agus an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, in olcas ag an deireadh seachtaine, writes Pol O Muiri Eagarthoir Gaeilge.

Cháin Gaelscoileanna cinneadh Hanafin tabhairt ar ghaelscoileanna Béarla a theasgasc do na naíonáin shóisreacha "go láidir" ar a gcruinniú urghnách in Áth Luain Dé Sathairn. D'éiligh siad uirthi go ndéanfadh sí "aistharraingt láithreach" ar a polasaí.

Ba í freagra Hanafin nach ndéanfadh sí athrú ar bith. Dúirt urlabhraí thar ceann an Roinn Oideachais Dé Luain: "Minister Hanafin expects all schools to teach both Irish and English from the earliest opportunity and all schools are expected to implement the full curriculum."

Rith Gaelscoileanna trí rún ar an chruinniú. Thug rún a haon fios gur "bunphrionsabal luachmhar oideachasúil de chuid na gaelscolaíochta an luath-thumoideachas lán-Ghaeilge i ranganna na naíonán; gur ceart é a bhaineann le sainspiorad na gaelscoile, agus go gcuirfidh Gaelscoileanna i gcoinne aon iarracht an prionsabal seo a chealú, nó a athrú, nó a mhaolú."

READ MORE

Scríobhadh sa dara rún: "Aithníonn an chomhdháil seo go bhfuil múnlaí éagsúla den luath-thumoideachas á gcur i bhfeidhm i ngaelscoileanna na tíre seo, múnlaí atá fréamhaithe i ndea-chleachtas agus i dtorthaí taighde idirnáisiúnta.

"Deimhníonn an chomhdháil seo go bhfuil sé de cheart ag scoileanna a mhúineann trí mheán na Gaeilge an múnla den luath-thumoideachas is oiriúnaí dá gcúinsí féin a roghnú agus a chur i bhfeidhm. "

D'fháiltigh an tríú rún roimh mholtaí an Chomhairle Náisiúnta Curaclam agus Measúnachta (CNCM) "i leith 'Teanga agus Litearthacht i mBunscoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán' agus éilímid ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta go dtabharfaí feidhm láithreach do mholtaí uile an CNCM i leith na ceiste seo, agus go gcuirfí clár cuimsitheach taighde dúchasach i gcrích ar na saincheisteanna uile i gcomhthéacs teanga agus litearthachta sna bunscoileanna lán-Ghaeilge". Ghlac lucht na comhdhála leis na rúin d'aon ghuth.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ghaelscoileanna, Bláthnaid Ní Ghréacháin: "Táim an-sásta le toradh an chruinnithe mar gur thug sé deis do na rannpháirtithe a gcuid tuairimí meáite a roinnt linn. Beidh na tuairimí seo mar bhunús agus mar threoíocht dár bhfeachtas ar chosaint an chóras luath-thumoideachais."

D'eisigh grúpaí pobail i gCorca Dhuibhne, Co Chiarraí, preasráiteas Dé Luain ag cosaint oideachas trí mheán na Gaeilge. Ar na grúpaí, bhí Údarás na Gaeltachta, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comharchumann an Leith-Triúigh, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus Todhchaí na Gaeltachta.

Thug siad le fios gur "ceart bunúsach an tsaoránaigh sa Ghaeltacht oideachas trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil do leanaí na Gaeltachta"; go raibh "géarchéim teanga" sa cheantar agus gur ghá "teachtaireacht ana-shoiléir a thabhairt do lánúineacha óga Chorca Dhuibhne fén gceist seo. Ní féidir a bheith ag súil go dtógfaidh siad a leanaí le Gaeilge gan oideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh".

Bhí dualgas reachtúil ar an Stát "cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail i limistéar Gaeltachta" a scríobhadh.

Féilte fómhair

Ní bheidh ganntanas ar bith féilte do lucht na Gaeilge an mhí seo. Beidh Ceiliúradh an Bhlascaoid ar siúl i nDún Chaoin, Co Chiarraí, idir an Aoine 12ú agus an Domhnach 14ú Deireadh Fómhair.

Is é "Na Lochlannaigh" téama na bliana seo agus béim ar leith ar shaol agus ar shaothar an scoláire Ioruaigh, Carl Marstrander. Ar na cainteoirí, beidh Séamas Ó Catháin, Roinn an Bhéaloideasa, UCD, agus Donnchadh Ó Corráin, Roinn na Staire, UCC. (Eolas: 066-9156444 nó micheal.demordha@opw.ie)

Beidh sraith léachtaí ar an fhile Seán Ó Ríordáin, a fuair bás tá 30 bliain ó shin, ar siúl faoi choimirce Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Beidh an chéad cheann ar siúl Dé Máirt ag 8pm i Seomra na Comhairle, Halla an Chontae, Corcaigh. Labhróidh Máirtín Ó Murchú ar "Ag cabaireacht sa tsaol"; beidh léamh filíochta le hEoghan Ó hAnluain agus tabharfaidh Pádraigín Riggs caint ar "Siar go Tír na nÓg".

Leanfaidh na cainteanna ar aghaidh gach oíche Mháirt go deireadh na míosa. (Eolas: a.titley@ucc.ie)

Beidh Tionól an Fhómhair ar siúl i nDún Garbhán agus sa Sean-Phobal, Co Phort Láirge, idir an Aoine 12ú agus an Domhnach 14ú Deireadh Fómhair. Is é "Aimsir an Fhómhair - Féile agus Traidisiúin" téama na bliana. Beidh cainteanna, taispeántais agus scéalaíocht ar siúl le linn an deireadh seachtaine. (Eolas: 058-20884 nó msbreathnach@waterfordcoco.ie)

Níl rún ag lucht ollscoile na hardchathrach dearmad a dhéanamh de Sheán Ó Ríordáin ach oiread. Beidh sraith léachtaí ar siúl idir an Déardaoin 18ú agus an Aoine 19ú, Deireadh Fómhair, ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, "Fill arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin". Is í Regina Ní Chollatáin, UCD, a thabharfaidh Léacht Uí Chadhain - "Finnéithe litríochta an 20ú haois: critic iriseoireachta" ag 7.30pm Déardaoin 18ú Deireadh Fómhair agus beidh léachtaí ann ar feadh na hAoine. (Eolas: 01-7168385 nó anriordanach@ucd.ie)

Agus beidh Comhdháil an Chraoibhín ar siúl ar Choláiste Naomh Naithí, Bealach an Doirín, Co Ros Comáin, idir an Aoine 26ú agus an Domhnach 28ú, Deireadh Fómhair.

"Ó Lámh go Lámh" téama na bliana agus ar na cainteoirí beidh Séamas Ó Catháin, Alan Titley (colúnaí leis an nuachtán seo); Micheál Ó Conghaile, scríbhneoir, agus ceol leis an Gaelic Hit Factory, Lasairfhíona Ní Chonaola agus Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill. (Eolas: 09066-37259 nó gaeilge@roscommoncoco.ie)

"Lobháin 1607-2007" an t-ábhar a bheidh faoi chaibidil ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, idir an Aoine 12ú agus an Satharn 13ú Deireadh Fómhair. Beidh léachtaí ar Aodh Mac Aingil, Na Ceithre Máistrí agus ar shaothar na bProinsiasach. (Eolas: 091-492564 nó fiona.depaor@oegaillimh.ie)

bunús basis - comhthéacs context - dualgas duty

ganntanas shortage - reachtúil legislative - taighde research