Buntáiste amháin a bhain leis an bhfaoistin dhorcha ba ea go raibh daoine in ann a gcuid rúndiamhracha dubha a insint do shagart nárbh eol dóibh i mbosca nár bhain le cách.
Pé maitheas a dhein a leithéid sin sna spéartha lasnairde bhí braistint láidir ann go raibh an t-anamghlanadh déanta agus grásta anuas ag sileadh. Is maith mar a thuig cláirseoir Labhraidh Loingseach an deasghnáth, agus is maith mar a maitheadh dó.
Ar shlí amháin bhí peacaí na faoistine go léir ar barra. Bhí foirmle ann, agus dá ndéanfá an fhoirmle a mhungailt le cluasa an bhosca bhí leat go héag - nó go dtí an chéad uair eile. Ní hann don tsimplíocht sin i gcás na faoistine poiblí. Tá Dia agus na sagairt i bhfad níos carthanúla ná an sluabhreithiúnas. Is é an sluabhreithiúnas an breitheamh is domhaite amuigh, go háirithe má tá greim acu ar eireaball agat.
Is mar sin atá i gcás an scríbhneora mhórcháile Günter Grass. Le breis agus trí scór bliain anuas b'é coinsias glan na Gearmáine é. Scríobh sé go tuisceanach agus go cruinnchuimhneach ar conas mar a bhí ag gnáthmhuintir na Gearmáine i dtreo dheireadh an chogaidh in aghaidh na Rúise. Shiúlamar na bóithre sin leis, agus mhaireamar in aon lúb samhlaíochta ina fhochair. Tá An Druma Stáin ar cheann de mhórúrscéalta na síochána, agus is cuma nó seoid bheag é Cat agus Luch atá aistrithe go máistriúil go Gaeilge ag Andrea Nic Thaidhg agus ag Colm Breathnach.
D'admhaigh Grass an tseachtain cheana gur clasaíodh san SS é i mblianta deiridh an chogaidh in aghaidh na Rúise. Ba phléascán é don aos litriochta, agus don aos ar dóigh leo gur féidir campaí deasa neamhchas a choimeád ar deighilt óna chéile maidir le freagracht chogaidh de. Deighileadh an Ghearmáin ina dhá leath arís, eatarthu siúd a thuig an gábh ina raibh sé ina óige agus ó shin, agus iad siúd a raibh cluaisíní croí orthu gur beireadh amuigh ar dhuine a bhí ag préitseáil agus ag seanmóireacht leo ar feadh leathchéad bliain.
Is contúirteach go brách é an phréitseáil rómhóralta. An túisce is a nochtar an t-éasc ionat tá thiar ort. Agus is fíor go raibh rud éigin rómhilis ag baint lena chuid pléideála in aghaidh athaontú na tíre, agus ar son gur cheart go n-íocfadh an cine Gearmánach go daor agus go deo na ndeor as a gcuid barbarachta gan áireamh.
Is beag duine againn nach rithfeadh an smaoineamh céanna linn as faoistin dhorcha ár n-anam féin. Bhí rud éigin níos dobhlasta fós ag baint lena chuid síorcháineadh orthu siúd a shéan an cúlra Naitsíoch a bhí acu féin, fad is a bhí a chuid cnámha seisean ag cnagarnach sa chófra.
Ina choinne sin, is boige go mór is go fada mar a tháinig an Pápa as. Glacadh leis gur bheag Gearmánach dá aois is dá ghlúin a tháinig slán ón mbrú a cuireadh orthu. Is é fírinne an scéil nach bhfeadair aon duine againn conas mar a d'iompróimis an chros in am an ghátair. Tá feachtas ar bun cheana ag iarraidh go dtarraingeofaí Duais Nobel na Litríochta siar ó Grass, fear nár mharaigh fear ar bith ariamh go bhfios dúinn. Dúid ná smid ní chloistear maidir leis an duais chéanna a bronnadh ar an olldhúnmharfóir úd Winston Churchill, fear a d'fhág fuil agus ionathar na mílte neamhchiontach ar fud trí cinn de ilchríocha an domhain.
Ná ní léir dom amhras ar bith a bheith ar dhuais Nobel William Butler Yeats a bhí chomh báúil le Faisistigh an tsaoil le rí nó le rídhamhna ar bith.
Thit sé de chrann na tubaiste ar Grass gur rugadh é faoi phláinéad mí-ámharach. Chas sé an mí-ádh sin chun a leasa féin agus chun leasa an chine léitheoirí a thug dílseacht dó. Ba ghuth láidir neamhleithscéalach ar son na síochána agus ar son an chirt le breis agus leathchéad bliain é. Pé deamhain a bhí le díbirt aige, tá díbeartha agus íoctha aige astu.
Ní bochtaide sinn a chuntas sceimhliúil ar chur go tóin poill an Wilhelm Gustloff ina úrscéal Crabwalk, scrios a chuir breis agus naoi míle sibhialach go grinneall na farraige. Ghoill sé ar dhaoine a aithint gur fhulaing na Gearmánaigh, leis. Agus is ramhar trom d'fhimíneacht é ag páirtí rialtais na Polainne a iarraidh air a chuid saoránachta oinigh de chuid chathair Gdansk a chur de.
Tar éis an tsaoil, seo dream daoine a smísteadh idir dhá bhró mhuilinn na Gearmáine agus na Rúise agus a thuig, nó ba cheart go dtuigfeadh siad, cad is brúidiúlacht agus gabháltas ann. Ina dhiaidh sin, is iad atá chun tosaigh ag brú gnáthmhuintir na hIaráice faoi chois ar son Impirí Nua an Domhain. Ar a laghad, is féidir a rá gur sháraigh Grass a chúlra. Ní hamhlaidh do dhaoine eile.