Crobhingne: Is beag duine ar féidir linn a rá ina thaobh go raibh caidreamh aige le cultúr na Críostaíochta, an Ghiúdachais agus Ioslaim in aon bheatha amháin ar an saol seo. Caidreamh ar fónamh, caidreamh a mhéadódh comhthuiscint, seachas a mhalairt.
Dá mbeadh a leithéid sin de dhuine ann, ba cheart go labhródh sé ar son cuid mhór de dhaonnacht an lae inniu, fág ár gcuid buamadóirí i leataoibh.
Scríobh duine den tsamhail sin leabhar tá 400 bliain go cruinn díreach ó shin ann atá ag sonadh trínár gcuid samhlaíochta ó shin, go fiú i measc daoine nár léigh focal de. Is é leabhar é Don Quixote, agus is é Miguel de Cervantes Saavedra a údar.
Ceist le freagairt ag lucht pubquizeanna ná conas a tharla go bhfuair Cervantes bás ar an dáta ceannann céanna le Shakespeare, ach ní ar an lá céanna? Comhtharlúint mhistéireach í, gan amhras, ach b'shin a raibh de chomhtharlúintí saoil eatarthu.
Saol socair buirgéiseach go maith a chaith Shakespeare, pé callshaotha a bhí ag múscailt ina anam istigh; saol buile eachtraíochta dathannach a chaith Cervantes a d'éirigh aníos ina chuid scríbhneoireachta le fíoch éifeachta.
Úrscéal ann féin is ea cúrsa a bheatha, nó níos fearr ná sin féin, script de chuid scannáin eipiciúil. B'éigean dó teicheadh óna chuid staidéir de dheasca comhraic aonair nuair ba mhac léinn é nó theascfaí an lámh de; ba shaighdiúir é i seirbhís na Spáinne agus throid ag cath Lepanto áit ar leonadh go dona é; d'fhuiling cúig bliana i bpríosún san Ailgéir; chaith tamall mar oifigeach bailithe cánach; theip air mar dhrámadóir agus mar fhile; d'éirigh go seoigh leis mar úrscéalaí.
Sórt mistéire ann féin é cáil Don Quixote. Eachtra gan chruth, gan fhoirm, gan stiúir é. Tá an greann ann maol agus leathan agus ar easpa caolchúise.
Fág caolú na Spáinnise siar isteach sna haistriúcháin as an áireamh ní bhrisfear tónacha an tsaoil le teann rachtanna gáirí, agus is cuma nó drochshlaipisteáil as scannán de chuid Charlie Chaplin sciar maith de na himeachtaí.
Fairis sin, is amadán é Don Quixote agus is breallsún é Sancho Panza agus is iad na daoine is ciallmhaire sa leabhar na daoine a chastar orainn fan na slí: lucht óstán, cailíní aimsire, aoirí caorach, fánaithe triallta an róid, agus muintir a bhaile féin.
Fairis sin, is follas gur scríobh Cervantes a shaothar ceann ar aghaidh, gan aon smaoineamh puinn a chaitheamh cá raibh deireadh an aistir; agus maidir leis an rud a dtugtar "struchtúr" go gránna anois air, ní aithneodh sé a leithéid dá dtitfeadh sé anuas mar a bheadh muileann gaoithe ar a cheann go maolbhlagaideach.
Agus tá carachtair an leabhair trí chéile, a bheag nó a mhór, cruálach, brúidiúil, garbh, tútach, tuatach, tuaipliseach, tuaifisceach.
Cad ina thaobh, mar sin, gur aistríodh láithreach go teangacha na mór-roinne iad, don Bhéarla in 1612, don Iodáilis in 1622, don Dúitsis in 1657, gan trácht ar leaganacha giorraithe sa Ghearmáinis, sa Rúisis thart faoin am gcéanna? Agus tá lua air in Eachtra Thaidhg Dhuibh Uí Chróinín san 17ú haois sa Ghaeilge, gan trácht ar leagan an Athar Peadair Uí Laoghaire a foilsíodh i dtús na haoise seo caite.
Is é an freagra is fusa agus is simplí agus is inláimhsithe ná go mbaineann Don Quixote leis an aighneas idir an saol réadach agus saol na samhlaíochta; nó leis an tsíorchoimhlint idir an talamh anseo faoinár gcosa, agus an t-idéalachas neamhinsroichte mar bháire amuigh ansin. Tá sin ann, gan amhras. Ach maireann sé gan buíochas le míniú ar bith mar é.
Maireann sé toisc go bhfuil spleodar ann, mar atá spleodar in Máirtín Ó Cadhain, nó Pádraig Ó Ciobháin, nó Rabelais, nó Walt Whitman, nó Brendan Kennelly. Tá scríbhneoirí eile ann a mhaireann ar chruas, nó ar sprionlaitheacht, nó ar mheabhair, ach níor dhuine díobh siúd é Cervantes. Is de bharr an spleodair sin atá sé ag marcaíocht ar a dhroch-chapall bacach inár measc ó shin i leith.
Teanga solais is gréine is ológa is triomachta is tart tailimh is ea an Spáinnis; teanga báistí agus na gaoithe aduaidh agus salainn is ea an Ghaeilge. Tá blonag Don Quixote sa chaint, sa bhladar, sa gheabstaireacht atá idir na heachtraí.
Is é trua an tsaoil é nárbh é Máirtín Ó Cadhain a chuir roimhe an Don a Ghaelú! Is ansin a bheadh an "grammar".
Dála an scéil, fuair Cervantes agus Shakespeare bás ar an 23ú Aibreán 1616 araon, ach bhí féilirí éagsúla in úsáid san dá thír!